Bhí sé ar dhuine den scór díograiseoir teanga a bhunaigh Craobh na hAiséirí i 1940. Bhí sé freisin ar dhuine de bhunaitheoirí An Chlóchomhair, foilsitheoirí, i 1954. Bhí a ainm in airde i measc lucht na hathbheochana mar cheardchumannach agus mar chomharchumannach. Tá cuntas air in Scéala Éireann 9 Eanáir 1954 (‘An Mhuintir s’againne’). I Sráid Rutland, Baile Átha Cliath, a rugadh é ar 26 Samhain 1902. Cló-eagraí ba ea a athair Seán Ó Cearbhall agus a athairsean agus ba í Mary Fagan a mháthair. Chaith Seán tamall de 1922 i bpríosún. Bhí deartháir le Breandán, Caoimhghín, ina chló-eagraí agus gabhadh é freisin. Chaith a dheirfiúr Eibhlín tamall i bpríosún. Ita agus Colm an bheirt eile sa teaghlach.

Bhí Breandán sna Fianna agus ansin sna hÓglaigh, sa Tríú Cath de Bhriogáid Bhaile Átha Cliath. Is air a thit sé maidin Luan Cásca 1916 na horduithe slógaidh a iompar go dtí Scoil Éanna i Ráth Fearnáin. Bhí a mhuintir gníomhach sna hiarrachtaí a rinneadh sna 1920idí ar pháipéir phoblachtacha a fhoilsiú. I nDeireadh Fómhair 1922 ceapadh Breandán mar chló-eagraí ar fhoireann An Phoblacht agus gabhadh é féin agus beirt dá chomhoibrithe i 1923 gur chaith sé a 21ú breithlá i bpríosún sa Churrach. Nuair a chríochnaigh sé a phrintíseacht fuair sé post mar chló-eagraí i bPreas Fodhla (1924-31), an comhlacht a chlóbhuaileadh An Náisiún, páipéar a raibh Seán T. Ó Ceallaigh ina eagarthóir air, agus An Phoblacht. Thosaigh sé ag obair sna nuachtáin laethúla ina dhiaidh sin agus chaith sé tamall maith ag obair don Irish Independent. Rinne sé staidéar i rith an lae i gColáiste na Tríonóide i ndeireadh na 1930idí agus bhain sé BA agus LLB amach.

Bhí sé gníomhach i gConradh na Gaeilge, é ina chathaoirleach ar Chraobh Liam Uí Mhaolruanaidh; b’fhéidir baint ar leith a bheith ag clódóirí leis an gcraobh sin. Bunaíodh Craobh na gClódóirí i 1946 agus toghadh é ina uachtarán air. Bhí tionchar aige ar Chomhdháil Chomhar Ceard Éireann a bhí ag tacú le gluaiseacht na Gaeilge trí scéim scoláireachtaí Gaeltachta a bhunú. Nuair a bhunaigh an tAire Oideachais Risteárd Ó MaolchathaAn Chomhairle Oideachais i 1950 cheap sé Breandán ina chomhalta. Nuair a bunaíodh Comhar Cultúrtha na gCeardchumann i 1953 ceapadh é ina rúnaí air; is iad a d’eagraíodh Aonach na gCártaí Nollag. Is as gnó sin na gcártaí i nGaeilge a d’eascair An Clóchomhar agus bhí Breandán ina chathaoirleach ar an gcoiste a bhunaigh é (Tuairisc, 1982 le Seosamh Ó Duibhginn).

Chaith sé a shaol pósta i gceantar Dhún Laoghaire; i mBaile na Manach ar dtús agus i gCuas an Ghainimh ina dhiaidh sin. Bhí sé ina chathaoirleach ar an gcoiste a bhunaigh Scoil Lorcáin. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chomharchumann Dhún Laoghaire agus ba é an chéad chathaoirleach acu é. Bhí sé ar bhunaitheoirí Chumann Staire Dhún Laoghaire agus bhí baint mhór aige le tús a chur le Féile Samhraidh Dhún Laoghaire. Bhí sé freisin ar dhuine de bhunaitheoirí ghluaiseachtaí náisiúnta an chomhair chreidmheasa agus na daonscolaíochta. Bhí sé ina chisteoir ag Cumann Soláthrach na gClóghraifneoirí agus a n-iris, Míosacháin na gClódóirí, faoina chúram. Chaith sé tamall de na 1960idí ina bhall de bhord Bhord Soláthair an Leictreachais. D’éag sé ar 30 Samhain 1999 agus tá sé curtha i nGráinseach an Déin. Bhí sé pósta ar Mháire Nic Giolla Easpaig ó Dhoire agus bhí iníon agus triúr mac acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú