DAVITT, Michael Seosamh (1950–2005)

Ár gCumann Diamhair

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Blaiseadh (1995). Le caoinchead Cló Iar-Chonnacht.

Tá sé ar an mbeagán d’fhilí na tréimhse 1970-2005 a luaitear in aon anáil le Seán Ó Ríordáin, Máire Mhac an tSaoi agus Máirtín Ó Direáin. Tá sé ar dhuine den cheathrar filí Gaeilge, a rugadh i ndiaidh 1940, ar roghnaíodh a saothar in The Field Day Anthology of Irish Writing (1991). Tugtar suas dó gurbh é ba mhó faoi deara gur tháinig beocht san fhilíocht lena linn. I ndiaidh a bháis bhí idir chuntais ar a bheatha, ailt ómóis, agus tuairiscí, agus aistí ar a thábhacht agus a thionchar: ag Pól Ó Muirí in Irish Times 21 Meitheamh, ag Gabriel Rosenstock in ‘Tuarascáil’ sa pháipéar céanna 22 Meitheamh, agus ar leathanach na marbh sa pháipéar sin (‘Loss to Ireland’s artistic circle’) 25 Meitheamh; ag Siobhán Campbell in Sunday Tribune 26 Meitheamh; ag Breandán Mac Gearailt (‘Dúluachair ar lucht Gaolainne i ndiaidh Davitt’) agus ag Alan Titley in Foinse 26 Meitheamh. In Comhar, Iúil 2005 tá aistí ag Micheál Ó hUanacháin, Liam Ó Muirthile agus Gary Bannister. In Feasta mhí Iúil tá feartlaoi an eagarthóra Pádraig Mac Fhearghusa. In Poetry Ireland 2005 tá idir chuimhní pearsanta agus bhreithiúnas Theo Dorgan agus aiste ag Gréagóir Ó Dúill. Sa leabhar sin, agus san uimhir thuas de Comhar, tá athchló curtha ar aiste criticis Rosenstock (‘Naomhóg ag déanamh ar an ngréin’) a foilsíodh a chéaduair mar iarfhocal in Rogha dánta / Selected poems 1968-1984 (2004). Tá gearrchuntas in An tUltach, Meitheamh 2005. Tá gan amhras cuntais ghairide iontaofa in: Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995 (1995) le Seán Ó Cearnaigh; Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge: Who’s who in Irish writing (1998) in eagar ag Gearóidín Uí Nia; Oxford Companion to Irish Literature (1996) in eagar ag Robert Welch. Chomh luath le 1973 chuir Risteárd Ó Glaisne agallamh air in Inniu 9 Feabhra 1973 a bhfuil eolas ann ar a óige nach bhfuil i gcuntais eile. Thug sé féin roinnt eolais ar a thamall i gColáiste Ollscoile Chorcaí in Comhar, Nollaig 1984 (‘Uige an Chuimhnimh’).

I mBaile na mBocht, Corcaigh, a rugadh é ar 20 Aibreán 1950. Ag an am sin ceantar tuaithe ar bhruach na cathrach ba ea Baile na mBocht. Ba iad a thuismitheoirí Joe Davitt, tiománaí bus ó Mhala ar de bhunadh na tuaithe é, agus Hilda Parker ó Stoke-on-Trent; chuir siad aithne ar a chéile nuair a bhí Joe ag obair i Sasana. Sa teaghlach freisin bhí triúr deirfiúracha, a mbeadh duine díobh, Deirdre, ina Leas-Phríomhfheidhmeanach i bhForas na Gaeilge. Nuair a bhí Michael seacht mbliana d’aois bhog an teaghlach isteach go Páirc Bellevue i gceantar meánaicmeach. Cuireadh bunoideachas air i Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig. Bhí freastal déanta aige ar Choláiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh, in 1960, 1961 agus 1962. Sa Mhainistir Thuaidh ba é an Bráthair Seán E. Ó Cearbhaill, file, a spreag a spéis sa litríocht agus sa Ghaeilge araon. Bhí tosaithe aige ar dhánta a fhoilsiú in Agus chomh luath le 1966. Cheana féin bhí sé ag léamh dánta le Ó Rathaille agus Feirtéar agus ‘Cúirt an Mheán-Oíche’ féin. Ba chuimhin le Dorgan é a bheith ar fhoireann iomána na scoile (‘a stalwart of the Harty Cup team’). Thug sé a chéad chuairt ar Chorca Dhuibhne in 1967. Thug scoláireacht Bhardas Chorcaí é go Coláiste Ollscoile Chorcaí 1968-71 mar a raibh tionchar air ag an Ollamh Seán Ó Tuama, ag an bhfile Seán Ó Ríordáin, a bhí ina léachtóir páirtaimseartha ann, agus ag Seán Ó Riada. Ba ghairid go raibh sé féin agus Gabriel Rosenstock ag dul i gcion ar a chéile ann agus dúirt sé leis an nGlaisneach: ‘Bhí dornán daoine óga timpeall an Choláiste a raibh spéis acu inti sin [an fhilíocht]: Pádraig Breatnach, Liam Ó Muirthile, Breandán Mac Suibhne, Nuala Ní Dhomhnaill, agus Finín Ó Tuama agus bhí Tomas Mac Síomóin ag obair sa Choláiste an uair sin.’ San alt sin in Comhar, Nollaig 1984 deir sé: ‘Bhí an Chuallacht Ghaelach bríomhar go maith, Pádraig Hamilton acu mar Oifigeach Liteartha agus cúram eagarthóireachta An Síol air. Níorbh fhada sa Choláiste dhom gur tháinig Pádraig chugam ag lorg dánta don Síol agus choinnibh ar mo thóir nó gur thugas ocht gcinn acu uaim. Tháinig an t-eagrán sin den Síol amach in Earrach’69.’ Faoi 1970 bhí a dhéantús á fhoilsiú in Comhar.

Sa Léann Ceilteach a ghnóthaigh sé an BA. I mí Márta 1970 d’eisigh Michael, Gabriel agus Con Ó Drisceoil INNTI, mórbhileog in eagar ag Michael. ‘Díoladh 1,000 cóip laistigh de choicís, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath – sna coláistí ollscoile go háirithe. Tháinig an dara heagrán amach in 1971 agus díoladh 3,000 cóip de sin’ (Inniu. Is iad na filí a bhfuil a saothar ann: Pádraig Ó Fiannachta, Nicholas Williams, Máirtín Ó Direáin, Breandán Mac Suibhne, Seán Ó Ríordáin, Gearóid Ó Crualaoich, Finín Ó Tuama, S.E. Ó Cearbhaill, Pádraig A. Breatnach, Tomás Mac Síomóin, Pearse Hutchinson, Gabriel Rosenstock agus Michael féin. Tionscnamh é a mbaineann mórthábhacht leis i scéal na filíochta. Deir Seán Ó Tuama san aiste ar fhilíocht Nuala Ní Dhomhnaill in An nuafhilíocht: Léachtaí Cholm Cille XVII (1986): ‘Murach Michael Davitt creidim gur boichte go mór fada a bheadh soláthar na filíochta Gaeilge inniu, ná mar atá. Bhí an baol ann sara dtáinig sé ar an bhfód gur istigh i bpóirse caoch éigin a gheofaí filí na Gaeilge feasta, iad scartha amach ón saol mór…. Chas Davitt cuid mhór de na filí óga i dtreo eile: ba é an Pied Piper acu é agus ag Nuala Ní Dhomhnaill ina measc – sna 1970idí. Chuir sé líonra orthu, mhúscail sé an chiall d’áiféis an tsaoil iontu; thug sé ó thábhairne go tábhairne iad, chuir sé INNTI ar fáil dóibh, agus thug sé ar ais ar imeall an ghnáthshaoil iad…. Is pearsa an-tábhachtach é, mar sin, Michael Davitt, sa ghnó seo go léir. Áirím, mar shampla, go bhfuil seans láidir ann murach an tslí faoi leith a chothaigh sé an fhilíocht, nach mbeadh a guth ceart féin aimsithe in am ag Nuala Ní Dhomhnaill, chun gurbh fhéidir léi an saothar atá déanta aici a chur i gcrích. Áirím, chomh maith, gur duine den mbeagán é Davitt féin a bhfuil mianach ceart cruthaitheach ina shaothar.’ Tá mórán an ruda céanna á rá aige sa réamhrá a chuir sé le Coiscéim na haoise seo (1991). Ag tagairt d’fhilí INNTI in Comhar, Nollaig 1984 deir Eoghan Ó hAnluain (‘Breacnótaí ar fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge’): ‘Tá fearann na filíochta Gaeilge atreafa acu, seanchlaíocha carta chun bealaigh, an tírdhreach athraithe as éadan. Chuir siad spreacadh nua i saol na filíochta Gaeilge agus níor stad riamh dá ndíograis ag cothú an tsaoil sin.’ Thugadh sé spreagadh d’fhílí óga mar Louis de Paor. Agus b’fhéidir gurbh fhorleithne fós a thionchar; ag tagairt d’INNTI deir Dorgan: ‘The vanguard poets of our generation were first and foremost these poets in the Irish language, and in their own offhand ways they opened the vistas for us all, in English as well as in Irish.’ Tá scéal INNTI inste ag Davitt féin in Comhar, Nollaig 1984.

Bhí tionchar mór ag Gaeltacht Chorca Dhuibhne ar fhorleathnú an duine agus an fhile. ‘Chaith sé tamall de shamhradh le linn dó a bheith ina mhac léinn i gceannas campa samhraidh ar mhaithe le Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, seal ag obair sa Leitriúch, agus seal mar oibrí feirme.’ Rinne sé a chuid féin de theanga na Gaeltachta. ‘Dhein Davitt nascadh idir éigse na sráide agus caint na Gaeltachta. Fear cathrach go smior ab ea é, fear de chuid chathair Chorcaí leis an gcruas sin is dual, agus an bhligeardaíocht ina slata tríd. Ba ghaisce inti féin an pósadh sin a dhéanamh leis an mbladar Ciarraíoch, agus is é a bhí ábalta ar spraoi a bhaint as an dá rud’ (Titley). In ainneoin a ardmheas ar Sheán Ó Tuama, dúirt sé san alt sin in Comhar: ‘Ba mhó go mór fada a bhí gnáthmhuintir Chorca Dhuibhne ina bhfoinse léinn, oiliúna agus inspioráide againn ná na cúrsaí léinn a bhí idir lámha againn sa Choláiste. Bhí Corca Dhuibhne ina scoil scairte againn’. Toradh air sin ‘an friotal faobhrach comhaimseartha’, mar a thug Rosenstock air, friotal ba ghá chun déileáil go fileata leis an saol achrannach aimhréiteach ina thimpeall. Cabhair chuige sin freisin gur dhuine dá aimsir féin é. ‘Thiar sna seascaidí déanacha bhí an domhan á chorraí féin, bhí cearta á n-éileamh – cearta sibhialta na Gaeltachta, cearta an phobail ghoirm sna Stáit Aontaithe – agus bhí réabhlóid chultúrtha san aer, go háirithe sna hollscoileanna. Giotáraí maith ba ea Michael agus Bob Dylan ina dhia beag aige’ (Rosenstock san Irish Times). I ndiaidh a chúrsa ollscoile chaith sé tamaill ag múineadh dianchúrsaí Gaeilge – in RTÉ, ar an gCurrach, i Luimneach, i gCorcaigh agus ar an gClochar i gCiarraí (Inniu). B’fhéidir a rá go mba dhíograiseoir Gaeilge é. Bhí sé go mór chun tosaigh i bhfeachtas 1970-71 in aghaidh dhúnadh Scoil Dhún Chaoin agus sa mhórshiúl ó Dhún Chaoin go Roinn an Oideachais ar chuid é den troid sin. Ní hionadh mar sin gur chaith sé fuinneamh mar bhainisteoir in Gael Linn agus an fhéile ealaíne Slógadh, Amharclann Damer agus eisiúint cheirníní ina chúram. Deir Dorgan i dtaobh an díograiseora: ‘He wrote in Irish having at some deep level no choice in the matter. He was embroiled in the impassioned rolling debate about the future of the language, he worked for it tirelessly, he believed in it, he knew in his bones and his mind how much poorer we would be when and if it died, but he was no romantic visionary, he was not given to illusions.... He had to deal every day with the possibility, perhaps the likelihood, that after him and his friends and contemporaries there would come no more poets in the living Irish.’

Phós sé Máire Nic Fhinn, cainteoir dúchais ó Thuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo, 26 Iúil 1975, agus rugadh mac agus beirt iníonacha dóibh. Nuair a scar sé le Gael Linn bhunaigh sé féin agus Máire an comhlacht Vermilion. ‘B’obair cheannródaíoch a dhein siad beirt maidir le dearadh agus clóchuradóireacht de’ (Titley).

Ó 1985 go 1988 bhí sé ina láithreoir teilifíse in RTÉ agus ina dhiaidh sin go deireadh an chéid ina léiritheoir / stiúrthóir teilifíse. Luaitear go háirithe an tsraith ‘Léargas’ agus cláir agus scannáin a bhain leis na healaíona: ‘Joe Heaney: Sing the dark away’; ‘Máire Mhac an tSaoi’; ‘John Montague: Rough Fields’; ‘Liam Ó Muirthile: Dúthaí Anama’. Bhuaigh sé Duais an Bhuitléaraigh in 1994. Nuair a d’fhág sé a phost le cibé ioncam beag a raibh sé ina theideal bhí sé ag saothrú a bheatha ag léamh dánta anseo is ansiúd ar fud na hÉireann. Sna léamha sin ba mhinic i bpáirtíocht é lena chara Tony McMahon, ceoltóir nótálta. Bhí sé ina bhall d’Aosdána. Faoin am seo bhí scartha aige lena bhean agus é ag cur faoi i mBré lena phairtnéir Moira Sweeney, ealaíontóir. Chaith siad beirt cúpla bliain ina gcónaí i nGascúin na Fraince. Nuair a tháinig siad ar ais go hÉirinn bhí socair acu gur faoin tuaith i gContae Shligigh a chuirfidís fúthu. Ach rug an bás go tobann air agus é amuigh ag siúl i gContae Shligigh 19 Meitheamh 2005. Bhí slua mór daoine ag an aifreann éagnairce i Séipéal Naomh Pádraig, Bóthar Ghleann Maghair, Corcaigh, agus ina dhiaidh sin i gCrematorium Chrois an Fhearainn Nua, Baile Átha Cliath.

Fear seoigh ba ea é agus chuireadh dánta áirithe leis na sluaite ag gáirí. Ach b’fhéidir go raibh lionndubh os cionn an gháire aige, fiú agus é ag reic ‘Táim bearáilte ón gClub’, rud a mheabhraíonn Rosenstock dúinn san iarfhocal sin in Rogha dánta / Selected poems 1968-1984. Bhí fadhb ólacháin ag cur air ar feadh tamaill agus nuair a bronnadh duaiseanna Oireachtais air in 2002 agus 2003 ba é an seoladh a bhí aige Cuan Mhuire, Áth Í, Co. Chill Dara.

Is iad a chnuasaigh dánta: Gleann ar ghleann (1982); Bligeárd sráide (1983); Rogha dánta / Selected poems 1968-1984 (1987); An tost a scagadh (1994); Scuais (1998); Freacnairc Mhearcair / The oomph of quicksilver (2000); Fardoras (2003); Seiming soir (2004); Dánta 1966-1998 (2005). Aistríodh a dhéantús go Béarla, Iodáilis, Gearmáinis, Fraincis, Eabhrais, Arabais, Seapáinis agus Rúisis (a iontráil féin in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge: who's who in Irish-Language writing). Comhartha ar mheas na bhfilí, na scríbhneoirí agus na scoláirí go bhfuil i measc na n-aistritheoirí: Philip Casey, Paul Muldoon, Gabriel Rosenstock, Seán Ó Tuama, Michael Hartnett, Gabriel Fitzmaurice, Andrea Nic Thaidhg, Éamon Ó Ciosáin, Dermot Bolger .... Ba é a chuir in eagar Sruth na Maoile: modern Gaelic poetry from Scotland and Ireland (1994).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú