Tá aistí eolais air in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995 (Ó Cearnaigh 1995); The Oxford companion to Irish literature (Welch 1996) agus Eolaire Chló Iar-Chonnacht de scribhneoirí Gaeilge (Uí Nia 1998). Chuir Liam Ó Muirthile agallamh air atá i gcló in Poetry Ireland Review (1997). Comhrá leis is ea ‘Rus in Urbe’ i gcló in Innti 11.

I nGlaschú, Albain, a rugadh é ar 16 Feabhra 1927. William Patrick Pearse a baisteadh air agus, oiriúnach go maith, ba é an dalta ba dheireanaí é a cláraíodh i Scoil Éanna. Ba í Mairéad Nic Phiarais faoi deara gur tugadh áit dó sa scoil sin. I bPlás Seville, Baile Átha Cliath, a rugadh a athair Harry (d’éag 1952) arbh éigean dá athairsean, siúinéir, dul ag obair i nGlaschú. Clódóir sa chathair sin ba ea Harry ar ball agus é freisin ina chisteoir ag Sinn Féin ann. Is i ngeall ar an mballraíocht sin a díbríodh as Albain é agus a chaith sé tamall i bhFrongoch i rith Chogadh na Saoirse agus tamall eile i bPríosún Mhuinseo i rith an Chogaidh Chathartha. B’as Conmhaigh agus Bun an Phobail, Co. Dhún na nGall, do sheanmhuintir Pearse ar thaobh a mháthar, Caitlin Sara McElhinney, arbh i nGlaschú a rugadh agus a tógadh í agus a bhí freisin ina ball de Shinn Féin ann. Sa ghluaiseacht sin a casadh Harry uirthi. I ndiaidh an Chogaidh Cathartha ba leasc le lucht gnó poblachtaigh a fhostú agus b’éigean don lánúin filleadh ar Ghlaschú. A luaithe a bhí Fianna Fáil i gcumhacht in 1932 is ea a fuair Harry, le cúnamh De Valera, post cléireachais sa Mhalartán Oibre i mBaile Átha Cliath. Fuair sé post ar ball in Oifig an tSoláthair.

Ar dtús ba i Scoil na mBráithre Críostaí, Rae an Iarthair, Baile Átha Cliath, a cuireadh oideachas ar Pearse agus ansin i Sráid Synge, Baile Átha Cliath. Ó na Bráithre a d’fhoghlaim sé Gaeilge. ‘B’fhéidir gurb é sin an t-aon rud amháin go bhfuil mé buíoch de na Bráithre faoi’ (Innti). Chaith sé bliain go leith sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar a raibh Spáinnis agus Iodáilis i measc na n-ábhar léinn aige. In The Bell (1945) agus in The Capuchin Annual a bhí na chéad dánta i gcló aige. Sa Leabharlann Phoiblí, Sráid Chaoimhín, Baile Átha Cliath, is ea a chuaigh dánta le Piaras Feirtéir, Aonghus Fionn Ó Dálaigh agus Aislinge Meic Con Glinne i gcion go mór air. Is in 1954 a bhí na chéad dánta i gcló aige in Comhar. San eagrán sin de Poetry Ireland Review dúirt sé le Liam Ó Muirthile: ‘I was able to express myself more directly in Irish, because it was and is both an ancient and a virgin language. It hasn’t been subjected, especially in the last century, to the awful stiff upper lip of English.’ Tugtar le tuiscint san eagrán céanna gur bhreá leis sean-nós amhránaíochta na Gaeilge.

Bhí aithne le fada aige ar an bhfear litríochta Anthony Cronin agus is in éineacht leis a thaithíodh sé teach tábhairne McDaids i mBaile Átha Cliath agus a chuir sé aithne mhaith ann ar Bhreandán Ó Beacháin, Patrick Kavanagh agus John Jordan. Cairde a shaibhrigh a eolas ar an nGaeilge ba ea Tomás Mac Síthigh agus Caitlín Maude. Is léir ar thagairtí san eagrán sin de Innti go raibh eolas maith aige ar shaothar filí mar Liam Ó Muirthile, Micheal Davitt, Nuala Ní Dhomhnaill, Seán Hutton, Liam Prút agus Ciarán Ó Coigligh.

Chaith sé samhradh 1951 sa Spáinn ach níor fhéad sé post a fháil ann. Chaith sé ó 1951 go 1953 ag obair mar aistritheoir san Oifig Idirnáisiúnta Saothair sa Ghinéiv, an Eilvéis. Fuair sé post in Barcelona, an Spáinn, in 1954. ‘Chuaigh mé ann le cailín a raibh a hathair saibhir. Thug sé trí chéad punt di. Bhíomar i ngrá ag an am agus thug sí go dtí an Spáinn mé’ (Innti). Franco a bhí i gceannas an tráth úd. D’fhan sé sa Spáinn ar feadh trí bliana. Ba ann a d’fhoghlaim sé Catalóinis agus a chuir sé slacht ar a chuid Spáinnise. Bhí sé theanga go líofa aige (Béarla agus Gaeilge san áireamh). D’fhill sé ar Éirinn in 1957 ach d’imigh arís go Barcelona in 1961 agus d’fhill ar Éirinn den dara huair in 1967. Fuair a mháthair bás i mí na Nollag an bhliain dar gcionn. Is ina teach a bhí buanchónaí air ó 1974 amach, seachas tamaill a chaitheamh sa Ghearmáin agus go háirithe in Bremen.

In 1962 a foilsíodh a chéad leabhar, Josep Carner: poems, ar bundánta sa Chatalóinis iad maille le haistriúcháin. Liosta dá leabhair ina dhiaidh sin is ea: Tongues without hands (1963); Faoistin bhacach (1968); Expansions (1969); Friend songs (1970) (dánta ón meánaois a bhí aistrithe aige ón nGailísis-Portaingéilis); Watching the morning grow (1972); The frost is all over (1975); Antica lirica Irlandese (1981) (liricí Sean-Ghaeilge aistrithe aige féin agus Melita Cataldi go hIodáilis); Selected poems (1980); Climbing the light (1985); Le cead na gréine (1989) (an dara cnuasach dá dhánta Gaeilge); The soul that kissed the body: selected poems in Irish with translations into English (1990); Barnsley main seam (1995); Collected poems (2002); Done into English: collected translations (2003); At least for a while (2008). Ó na 1950idí amach d’fhoilsítí mórchuid aistí agus dánta leis in Comhar agus bhíodh corrdhán aige freisin in Feasta. Chaith sé ó 1971 go 1973 mar Chomhalta Gregory san fhilíocht in Ollscoil Leeds. In 1975 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Cyphers, iris liteartha a raibh saothar Gaeilge agus Béarla á fhoilsiú inti. Ó 1976 go ceann tamaill bhí colún seachtainiúil aige, ‘Tagairt’, in RTE Guide agus i rith 1977 go dtí 1988 bhí an clár raidió seachtainiúil ‘Oró Domhnaigh’ á chur le chéile agus á chur i láthair aige; séard a bhíodh d’ábhar aige ann dánta Gaeilge, ceol agus béaloideas. Chaith sé tamall ina chriticeoir drámaíochta ag raidió RTÉ.

Is ina thaobh a scríobh Alan Titley sa cholún ‘Crobhingne’ (The Irish Times 26 Eanáir 2012):

File ba ea é mar gur thit sé i ngrá leis an mionrud. Ba bheannaithe leis an bláth beag, agus oileán cúng agus seanamhrán, agus buachaill ag siúl na slí, agus ulchabháin, agus seanmhadraí. Nuair a chíonn sé feithid bheag gaistithe san im maidin shamhraidh líonann a chroí le tuiscint dó: ‘Bás beag: / feithid amháin nár chuireas / donn iongan ina bhás. / Bás chomh trom le mo bhás féin; / ach gan deis a mheáite / ag mo shamhnas dall éadtrom.’

Tá cuid dá shaothar féin aistrithe aige agus i gcló in irisí Gearmáinise, Iodáilise agus Catalóinise. In 2009 chuir Pádraig Ó Gormaile agus Bernard Escarbelt eagar ar chnuasach trítheangach dá chuid filíochta: Pearse Hutchinson Poemes, édition trilingue, irlandais, anglais et francais. Bhuaigh sé Duais an Bhuitléaraigh in 1969 le Faoistin bhacach agus roghnaíodh in Field Day anthology (imleabhar a trí) (Deane 1991) an dán ‘Meitheamh’ (maille le haistriúchán le James Liddy), ar ceann é de na dánta sin in Faoistin bhacach. Is insuime, b’fhéidir, gur roghnaigh Patrick Crotty dán Béarla dá chuid in The Penguin book of Irish poetry (2010), duanaire toirtiúil a bhfuil dánta ann ó thús na Críostaíochta go dtí an lá inniu. Níl d’aistriúcháin eile ar dhánta filí Gaeilge ó 1940 ar aghaidh ann ach ar shaothar le: Máirtín Ó Direáin, Sean Ó Ríordáin, Máire Mhac an tSaoi, Nuala Ní Dhómhnaill agus Cathal Ó Searcaigh. Ó 1981 amach bhí sé ina bhall d’Aosdána, ballraíocht a shábháil ón mbochtanas é. D’éag sé ar 14 Eanáir 2012 in Ospidéal Naomh Séamus mar a raibh bliain othrais caite aige. Deirtear in The Irish Times ar 21 Eanáir 2012 go bhfuair a pháirtí Alan Biddle bás in 1994.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair

Ailt

Agallaimh

  • Hutchinson, P. (1988) ‘Rus in Urbe’ Innti 11, 55-70.
  • Hutchinson, P. (1997) Agallamh le Liam Ó Muirthile. Poetry Ireland Review 52, 22-23.