Ó MUIRTHILE, Liam (1950–2018)
Le caoinchead ó Portráidí

I gcathair Chorcaí a rugadh Liam Ó Muirthile ar an 15 Samhain 1950, an duine ba shine de thriúr mac agus seisear iníonacha a saolaíodh do James Hurley (1923–2011), siúinéir agus saor rotha ó Bhéal na Carraige, gar do Dhún Mánmhaí, agus Kathleen Murphy (1918–2002), tábhairneoir ó Chill Mhichíl. Dream neamhspleách ab ea muintir a mháthar, a dúirt sé, Caitlicigh stóinsithe a raibh leanúnachas ársa agus ceannas éigin ag roinnt leo i gcónaí. Má bhí muintir a athar bocht – bhí seacht nduine dhéag sa chlann agus seacht n-acra feirme acu – bhí scóip ag baint le James Hurley, ceardaí cruthanta a d’fhág rian láidir ar thuiscint a mhic ar ealaín na scríbhneoireachta mar obair cheirde.

Cé gur bheag Gaeilge a bhí ag tuismitheoirí Uí Mhuirthile, bhí iarsmaí de shaol réamhchoilíneach na Gaeilge ar marthain i gcónaí faoi dhromchla an Bhéarla in iarthar Chorcaí, dar leis, ainneoinn aistriú teanga an naoú céad déag. Láidrigh an nasc a bhí aige le ceantar dúchais a thuismitheoirí nuair a cuireadh amach é go dtí teach a uncail sa Chaipín in iarthar Chorcaí in 1956, tráth a raibh ráig den ngalar póilió ag leathadh trí chathair Chorcaí. Níos faide anonn ina shaol cheannaigh sé teach agus acra talún in Áth an Mhíl, gar do Dhrom Dhá Liag, mar ar chaith sé tréimhsí as a chéile ag gabháil don scríbhneoireacht.

Is ar Shráid Dhúglais, mar a raibh an teach tábhairne The Gables á riaradh ag a mháthair, a mhair an Muirthileach nó gur aistrigh an líon tí go dtí Montenotte ar an taobh ó thuaidh d’abhainn na Laoi nuair a bhí sé dhá bliain déag d’aois. Tá Sráid Dhúglais sa Pharóiste Theas i lár chathair Chorcaí, ceantar oibre agus ceirde a raibh mainistir mheánaoiseach ar thaobh amháin de agus monarcha feola ar an dtaobh eile le linn óige Uí Mhuirthile. Tá an ‘dúthaigh anama’ sin lárnach sa domhan samhlaíochta a chruthaigh sé ina chuid scríbhneoireachta.

Chuaigh sé ar scoil go dtí Clochar na Toirbhearta, Sráid Dhúglais, agus Scoil Chríost Rí, Crois an Tornóra, ar dtús agus go dtí Coláiste Chríost Rí, Bóthar Thobar an Chaipín (1963–8), ina dhiaidh sin. Is i rang na scoláireachta sa bhliain dheireanach dó ar an mbunscoil a luigh sé isteach ar an nGaeilge i gceart. Ní raibh saoroideachas meánscoile ar fáil fós in Éirinn agus bhí na hábhair ar fad á múineadh trí Ghaeilge dóibhsean a bhí ag brath ar scoláireacht chun dul ar aghaidh go dtí an mhéanscoil. Ní raibh puinn leabhar sa teach agus é ag fás aníos agus thosaigh sé ar úrscealta Gaeilge a léamh i rang na scoláireachta sula raibh cur amach i gceart aige ar litríocht an Bhéarla.

Ba ghné leanúnach dá thaithí agus dá chuid oiliúna an Ghaeltacht ó chaith sé seal i gCorca Dhuibhne den gcéad uair in aois a dhá bhliain déag. Sibhialtacht eile ba ea an Ghaeltacht a bhí gairid go leor, dar leis, don gcultúr as ar fáisceadh a mhuintir féin le Béarla in iarthar Chorcaí. I measc na ndaoine ba mhó a chuaigh i bhfeidhm air thiar, bhí John Moriarty a bhí trí bliana d’aois nuair a chonaic sé an díshealbhú deireanach sa dúiche. Bhí dánta le hAogán Ó Rathaille agus le Piaras Feiritéar de ghlanmheabhair ag Moriarty chomh maith le gnéithe tíriúla den bhfilíocht dúchais nach raibh piúratánachas athláimhe na hÉireann tar éis cinsireacht a dhéanamh orthu go fóill.

Nuair a bhí Ó Muirthile trí bliana déag d’aois casadh Walter McGrath air, staraí áitiúil agus eagarthóir le nuachtán an Cork Examiner, a chabhraigh go mór leis i gcúrsaí scríbhneoireachta. Faoin am go raibh sé cúig bliana déag d’aois bhí léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge á scríobh aige as Béarla don nuachtán. Fuair sé íocaíocht ar obair phinn den gcéad uair nuair a foilsíodh leaganacha Gaeilge a bhí déanta aige de shraith alt a bhí scríofa ag McGrath ar éirí amach na bhFíníní (1966–7). Leis an airgead a fuair sé ar na haistriúcháin sin, cheannaigh sé a chéad chlóscríobhán.

Don té a bheadh ag gabháil don scríbhneoireacht sa Ghaeilge, a dúirt Ó Muirthile in ‘Offshore on land: poetry in Irish now’ (2008), bhí na cúinsí oiriúnach nuair a dhein sé féin scrúdú na hArdteistiméireachta sa bhliain 1968. Bhí traidisiún machnaimh agus scríbhneoireachta bunaithe sa teanga agus níos mó daoine ná riamh cheana tar éis í a shealbhú sa chóras oideachais. Bhí feabhas éigin ar chúrsaí geilleagair in Éirinn, leis, agus pobail láidre i gcónaí sa Ghaeltacht. Ba mhór an ní, dar leis, go raibh dánta le Seán Ó Ríordáin ar churaclam na scoile tráth gur chríochnaigh an cúrsa Béarla le W. B. Yeats.

Fuair Ó Muirthile scoláireacht ó Bhardas Chorcaí chun freastal ar Choláiste na hOllscoile i gCorcaigh (1968–71) mar ar roghnaigh sé Gaeilge agus Fraincis don gcéim BA. Ag deireadh na chéad bhliana chaith sé tréimhse in Beauvais na Fraince ag obair don eagraíocht charthanach Les Petits Fréres des Pauvres a thugadh seandaoine ó Pháras ar saoire sna réigiúin. Tá an rian a d’fhág teanga agus litríocht na Fraincise ar a shamhlaíocht i measc na dtréithe is suaithinsí a bhaineann lena chuid oibre. Tá aistriúchán ar dhánta le François Villon (1431–63), Guillaume Apollinaire (1880–1918) agus Jacques Prévert (1900–77) sa chéad leabhar filíochta aige agus leagan cumasach de ‘Le Bateau Ivre’ le Arthur Rimbaud (1854–91) ar na saothair is déanaí dár chríochnaigh sé sular cailleadh é. Bhí eolas ag an Muirthileach chomh maith ar theangacha agus ar litríochtaí na Spáinne a bhí níos gaire, dar leis, do mheanma na Gaeilge.

Bhí sé fós sa chéad bhliain dá chúrsa ollscoile nuair a foilsíodh dánta agus prós leis in iris na Cuallachta, cumann Gaeilge an choláiste, sa bhliain 1969. Sa dara bliain chuir sé aithne ar Michael Davitt (1950–2005) a chuir an iris filíochta Innti ar bun in 1970 le Con Ó Drisceoil agus Gabriel Rosenstock. Ní raibh aon dán ag an Muirthileach sa chéad eagrán de Innti ach bhí saothar leis sa chuid is mó ar fad de na na heagráin eile ina dhiaidh sin. Bhí sé i láthair ag seoladh Innti 2 sa Vienna Woods Hotel i gCorcaigh i mí Aibreáin 1971 nuair a tháinig os cionn ocht gcéad duine chun éisteacht leis na filí óga agus le filí Ghaeilge na hAlban a bhí ar camchuairt in Éirinn ag an am.

Bhí cúrsaí filíochta faoi bhláth as Béarla agus as Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ag deireadh na seascaidí agus tús na seachtóidí agus filí óga á spreagadh ag Seán Lucey (1931–2001) sa Bhéarla agus Seán Ó Tuama (1926–2006) sa Ghaeilge. Thug Seán Ó Riada anáil na hEorpa leis, a dúirt Ó Muirthile, nuair a chuir sé ceoltóirí traidisiúnta agus amhránaithe sean-nóis i láthair mar ealaíontóirí ar aon dul leosan gur samhlaíodh uaisleacht chruthaitheach leo i dtithe ceolchoirme na mór-roinne. Chuaigh an Tuamach i bhfeidhm ar na filí óga laistigh agus lasmuigh den seomra léachta. Bhí cuid acu páirteach sna drámaí aige a raibh tóir neamhchoitianta orthu ag lucht amharclainne sa chathair. Bhíodh an halla léachta lán go doras agus Seán Ó Ríordáin, a ceapadh ina léachtóir páirtaimseartha in 1969, ag caint. D’fhág an Ríordánach a rian ar Ó Muirthile ar feadh a shaoil go léir mar eiseamláir den scríbhneoir ionraic a bhí i dtiúin le haigne chomhaimseartha na hEorpa is é ag broic le coimheascar an dá theanga in Éirinn.

Nuair a bhí an chéim bainte amach aige d’aistrigh Ó Muirthile go Baile Átha Cliath. Tar éis dó bheith ag obair le Gael-Linn ar feadh tamaill agus obair ócáideachiúil á déanamh aige do RTÉ, fuair sé post lánaimseartha sa seomra nuachta in RTÉ in 1973. D’fhan sé ansin, i Sráid Anraí ar dtús agus i nDomhnach Broc ina dhiaidh sin, go dtí 1993 nuair a chuaigh sé leis an scríbhneoireacht go lánaimseartha. Fuair sé oiliúint neamhchoitianta i gcúrsaí teanga agus iriseoireachta in RTÉ faoi stiúir Liam Budhlaeir (1923–95) a chuir faobhar ar a chumas scríbhneoireachta.

Bhí comhluadar teanga agus pinn ag an Muirthileach i mBaile Átha Cliath ar a láthair oibre agus lasmuigh di. Bhí triall ag muintir na Gaeltachta ar Chlub an Chonartha ar Shráid Fhearchair ag an am agus drámaíocht na Gaeilge faoi bhláth sa chathair, in Amharclann an Damer, agus in Amharclann na Mainistreach féin faoi stiúir Thomáis Mhic Anna (1925–2011). Bhí na cúinsí oiriúnach, más ea, don té a bhí ag iarraidh a shaol a chaitheamh trí Ghaeilge sa phríomhchathair.

Agus é ag obair in RTÉ, chuir Ó Muirthile mioneolas ar bhóithre na hÉireann agus ar chúrsaí reatha le linn tréimhse chorraitheach i stair na tíre agus an domhain mhóir. Chlúdaigh sé cuairt an Phápa Eoin Pól II (1979) agus cuairt Ronald Reagan (1984) ar Éirinn, cruinniú mullaigh Margaret Thatcher is Garret Fitzgerald i Londain (1986) agus cuairt Mikhail Gorbachev in Aerfort na Sionainne (1989). Bhí sé ag obair ar dheasc na nuachta Lá Nollag 1989 nuair a cuireadh an deachtóir Nicolae Ceaucescu is a bhean chéile Elena chun báis sa Rómáin.

Sular fhág sé RTÉ, in 1993, bhí Ó Muirthile tosaithe cheana ag soláthar ábhair don Irish Times, ar bhonn ócáideach ó 1985 agus i mbabhtaí ina dhiaidh sin nuair a bhíodh sos á thógáil ag Breandán Ó hEithir óna cholún ‘Ag cuimilt meala’. Tháinig sé i gcomharbacht ar Ó hEithir mar cholúnaí Gaeilge an Irish Times in 1989. Dhírigh colún Uí Mhuirthile, ‘An peann coitianta’, ar an iliomad ábhar, ó chúrsaí litríochta, taistil agus teangan go dtí cúrsaí polaitíochta, staire, spóirt agus ceoil. Ón uair a thosaigh sé nó gur éirigh sé as in 2003, shaothraigh sé stíl scríbhneoireachta a bhí aclaí, solúbtha de réir riachtanais an ábhair a bhí faoina lámh. Bhí sé ar an scríbhneoir ba thúisce a chuir nuachanúint na nGaelscoileanna is na dteaghlach Gaelach ar phár. Tá fuinneamh agus fírinne an tsaoil chomh maith le greann séimh sna colúin sin a eascraíonn as saol teaghlaigh atá á chaitheamh trí Ghaeilge is an deighilt idir an dream óg agus a gcuid sinsear le brath sa choimhlint idir dhá réim teanga. Foilsíodh a rogha féin dá chuid colún in An peann coitianta (1991), An peann coitianta 2 (1997) agus Ar an bpeann (2006).

Bhain Tine chnámh (1984), an chéad chnuasach filíochta leis, Duais Sheáin Uí Ríordáin agus Duais an Fhorais Ghael-Mheiriceánaigh sa bhliain 1984. Ó thaobh friotail, ábhair agus foirme, tá scóip neamhghnách sna dánta atá tugtha le chéile aige sa leabhar sin mar a bhfuil cúrsaí teaghlaigh agus staire, collaíocht agus polaitíocht in uachtar. Dráma i bhfoirm véarsaíochta is ea an dán fada ‘Tine chnámh’, bunaithe ar an tseanfhéile phágánach a bhíodh á ceiliúradh sa cheantar cathrach inar tógadh an file. Tá cúrsaí clainne agus sinsear chun cinn arís sa dara leabhar filíochta uaidh, Dialann bóthair (1992), agus cúrsaí staire lárnach sa tsraith dánta aige atá bunaithe ar dhialann Wolfe Tone.

In ‘Ag cur crúca in inspioráid’ (1999) deir Ó Muirthile gur éirigh sé as dánta a scríobh ‘ar feadh seacht nó hocht mblian’ tar éis Dialann bóthair a fhoilsiú in 1992. Is le drámaí agus ficsean is mó a bhí sé ag plé sna blianta sin. Sa bhliain 2000 foilsíodh Gaothán, ‘scéal eachtraíochta do gach aoisghrúpa’, agus an cnuasach filíochta Walking time agus dánta eile, a bhuaigh Gradam Chló Iar-Chonnacht 2000 agus Duais na Comhairle Ealaíon 2001. Díríonn Walking time agus dánta eile ar an gcaidreamh casta idir athair agus mac i bhfriotal atá fáiscthe as canúint cheirde an athar. Tá séimhe neamhchoitianta le brath sa cheathrú leabhar filíochta aige, Sanas (2007), mar a bheadh cúiteamh éigin ar phianta an tsaoil sna deasghnátha comónta, sa chaidreamh laethúil, sa cheol agus sa dúlra. Tá an míneadas sin níos láidre fós sna dánta nua in An fuíoll feá: rogha dánta/Woodcuttings: new and selected poems (2013) mar a bhfuil rogha Uí Mhuirthile féin i measc a shaothair filíochta go dtí sin le haistriúcháin Bhéarla ag Gabriel Rosenstock agus filí eile.

Tháinig borradh faoi dhrámaíocht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath nuair a bunaíodh Amharclann de hÍde sa bhliain 1992 agus is dóibhsean is mó a bhí Ó Muirthile ag soláthar ó chuireadar Tine chnámh ar stáitse sa Project Theatre den gcéad uair in 1993. Léirigh Amharclann de hÍde Fear an tae (1999), scéal fir a bhfuil mearbhall air in ospidéal meabhairghalair, in Amharclann Andrew’s Lane den gcéad uair i mí Mheán Fómhair 1995, agus Liodán na habhann (1999) in The Crypt Arts Centre i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí na Samhna 1999. Díríonn Liodán na habhann ar fhear agus a dheirfiúr atá tagtha go dtí an abhainn chun bá a ndearthár a chaoineadh agus a chomóradh. Is díol suntais é gur as Béarla a labhrann Fear na habhann leo i gcanúint chosmhuintir chathair Chorcaí. Iarracht ar an mblas agus an daonnacht faoi leith a bhaineann leis an gcanúint sin, canúint chathrach a mhuintire féin agus a gcomharsan sa Pharóiste Theas, a réiteach le Béarla tuaithe a shinsear agus le Gaeilge Chorca Dhuibhne is ea an chanúint faoi leith a shaothraigh Ó Muirthile i gcuid mhaith dá shaothar, sa phrós agus san fhilíocht. Iarracht is ea é, leis, ar ‘an bhearna idir tá agus scáth’, mar a scríobh sé in An colm bán (2014), an saol mar atá is an tsamhlaíocht a thabhairt ar aon rian amháin.

Le casadh na mílaoise tháinig maolú ar an bhfuadar a bhí faoi chúrsaí drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus cuireadh deireadh le hAmharclann de hÍde in 2001. Léiríodh An crann, dráma a scríobh an Muirthileach i bpáirt le muintir Mhúscraí, in 2008. I mí Dheireadh Fómhair 2014 léirigh Féile Imram Mo pheann ag rince: tionscadal an Ríordánaigh, cóiriú a bhí déanta aige ar dhialann agus dánta an Ríordánaigh, den gcéad uair sa Smock Alley Theatre i mBaile Átha Cliath.

Bhuaigh an chéad úrscéal le Liam Ó Muirthile, Ar bhruach na Laoi (1995), duais ag Oireachtas 1995 agus Duais an Bhuitléirigh 1996. Leanann an leabhar aistear na príomhphearsan, a bhfuil a chuimhne caillte aige, ó chathair Chorcaí go dtí dúiche a mhuintire in iarthar an chontae. As teagmháil leis na fir agus na mná a chastar ar a thuras air, idir eachtrannaigh atá ag iarraidh saol agus baile nua a chruthú dóibh féin i dtiúin leis an timpeallacht nádúrtha, agus muintir na háite a bhfuil greim daingean acu i gcónaí ar oidhreacht achrannach na staire, maolaíonn ar a imní is braitheann sé istigh leis féin, ag baile i gceantar dúchais a shinsear. Tá an ‘monabhar sinseartha’ lárnach sa leabhar ag doimhniú is ag teacht chun léire de réir a chéile.

Tá tóraíocht den tsaghas céanna ar bun san úrscéal deireanach aige, An colm bán (2014), a bhuaigh duais ag Oireachtas 2013. Sa leabhar sin tá scríbhneoir Gaeilge ag cur faoi i bPáras agus é ag iarraidh úrscéal a scríobh faoi bhean óg as iarthar Chorcaí a bhain cáil amach mar rinceoir stáitse i bpríomhchathair na Fraince. Mar a dheintear chomh minic sin i bprós agus i bhfilíocht Uí Mhuirthile, saothraítear an talamh bán idir dhá theanga agus dhá thréimhse staire chun an mianach casta i nádúr an duine a nochtadh. Agus rian na mná óige á leanúint aige chomh fada le campa uafáis Ravensbruck ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda, tugann an scríbhneoir aghaidh ar a chuid mianta is a chuid eagla féin. I dtreo dheireadh an leabhair, samhlaítear dó gurb ionann don ealaíontóir cuid éigin d’fhírinne na beatha ann féin a aimsiú i bhfoirm ealaíne agus an chuid sin dá nádúr a chur ar neamhní.

Tháinig raidhse leabhar ó lámh Uí Mhuirthile tar éis dó éirí as an gcolún san Irish Times sa bhliain 2003: dhá chnuasach dánta do dhaoine óga, An seileitleán agus véarsaí eile (2004), agus Dánta déanta (2006), a cumadh i bpáirt le leanaí bunscoile i nGaeltacht Mhúscraí; Sister Elizabeth ag eitilt (2005), meascán scéalta, eachtraí agus portráidí pinn; Ar an bpeann (2006); agus Sanas (2007). Tá a chuid eolais ar chúrsaí báid soiléir san úrscéal bleachtaireachta Sceon na mara (2010) agus san úrscéal gearr Aois fir (2015). San fhiche bliain deiridh dá shaol chaith an Muirthileach go leor ama ag plé le cúrsaí seoltóireachta. Chuaigh sé ar thurais leis an eachtránaí cáiliúil Paddy Barry go hAlbain agus go dtí an Íoslainn agus chaith sealanna sa bhád tacaíochta a bhí ag leanúint naomhóg an chriú ó Chorca Dhuibhne ar an turas ab ábhar don scannán Iomramh an camino/The Camino voyage (2018).

In Oilithreach pinn (2017) tá tuairisc chruthaitheach ag Ó Muirthile ar a shiúlóid 770 ciliméadar ó thosach deireadh an Camino Francés i bhfómhar na bliana 2015. Tá an fhiosracht chorrthónach ina leith féin agus i leith daoine eile, an t-ionracas borb agus an greann, an díograis i mbun pinn agus i mbun na fírinne in uachtar sa leabhar agus sólás na comhdhaonnachta céim ar chéim leo. Tá dánta leis an bhfile Gailíseach Rosalía de Castro (1837–85) aistrithe aige, le cabhair ó Bhéarla Michael Smith, in Oilithreach pinn, a bhain Gradam Uí Shúilleabháin do leabhar na bliana 2018.

Tá iarracht ar shuaimhneas i ndánta gonta atá ag bordáil ar phaidreacha sa chnuasach ceathairtheangach Camino de Santiago: dánta/poems/poemas (2018) a foilsíodh cúpla mí sular cailleadh an Muirthileach. Tá leaganacha Spáinnise agus Gailísise le Carmen Olonso Rodriguez ag gabháil leis na bundánta Gaeilge sa leabhar agus leaganacha Béarla a scríobh sé féin le cúnamh ó Gabriel Rosenstock. Tar éis a bháis is ea a foilsíodh Dánta Arthur Rimbaud (2019), leaganacha Gaeilge Uí Mhuirthile de dhánta Fraincise Rimbaud.

Tar éis dó aistriú ó Chorcaigh in 1972 chaith Liam Ó Muirthile a shaol ar fad i mBaile Átha Cliath, i nDún Laoghaire den gcuid is mó. Phós sé Emer Ní Rónáin sa bhliain 1974 agus saolaíodh beirt mhac dóibh, Rónán (1976) agus Ciarán (1980). Bhí beirt mhac eile aige, Donncha (1990) agus Iarla (1992) le Caoilfhionn Nic Pháidín, a phós sé in 1999. Chaith sé tréimhse mar scríbhneoir cónaitheach i bPáras (2003 agus 2012); in Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne (2005); agus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach (2011 agus 2012). Chomh maith leis na tréimhsí oibre a chaith sé i bPáras, Nice, agus iarthar Chorcaí, thug sé roinnt cuairteanna chun oibre go dtí an Eoraip, an tSín, an India, agus Meiriceá Thuaidh.

I measc na n-aistí a léiríonn tuairimí Liam Uí Mhuirthile ar chúrsaí litríochta agus teanga, tá na heagarfhocail a chuir sé leis na heagráin de Iris Éigse Éireann (1996–7) a chuir sé féin in eagar; léirmheas ar An duanaire: 1600–1900: poems of the dispossessed (1981) le Seán Ó Tuama agus Thomas Kinsella in Innti 6 (1981, 49–52); léirmheas ar Bligeard sráide (1982) le Michael Davitt in Macalla (1984, 191–7). Tá teacht ar a chuid aistí ‘1968’ in Innti 13 (1990, 61–7), ‘Offshore on land: poetry in Irish now’, in A new view of the Irish language (2008, 140–51), agus ‘Ag cur crúca in inspioráid’ in Aimsir Óg (1999, 71–92), agus ‘Mo Theanga’, agallamh le Liam Carson in Fortnight (Márta 2007, 20). Léirítear a thuiscint ar chúrsaí teanga agus litríochta chomh maith sa chlár faisnéise ar Frank O’Connor a láithrigh sé, Idir dhá shruth (2016); in ‘Dúichí Anama’, clár teilfíse faoi féin sa tsraith Cúrsaí (27 Bealtaine 1993); agus i léacht a thug sé ar Allagar na hinse (1928) le Tomás Ó Criomhthain d’Ionad Scríbhneoirí Éireann atá ar fáil ar Youtube anseo. Tá a chuid cáipéisí liteartha i dtaisce sa chartlann i leabharlann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.

De réir a chuid foilsitheoirí, Cois Life, ‘léirigh Liam Ó Muirthile ina shaol agus ina shaothar an bhuaic liteartha agus chultúrtha ab fhéidir le duine a saolaíodh i dteaghlach le Béarla a bhaint amach i gcóras oideachais na hAthbheochana nuair a d’oscail geataí na hollscoile dá leithéid sin den chéad uair’. Sa léirmheas aici féin in Comhar, Lúnasa 1984, ar Tine chnámh, d’aithin Máire Mhac an tSaoi na tréithe faoi leith a bhain leis an duine agus lena shaothar:

Acmhainn agus macántacht an dá ábhalthréith a aithnítear ar dhán Uí Mhuirthile. Is den acmhainn nach bhféadfaí na haistí seo a shamhlú in aon teanga eile seachas an Ghaeilge ... An amhlaidh gur féidir é go n-aireodh duine é féin deoranta, cúigeach fiú amháin, laistigh de rian na teanga a d’fhoghlaim sé ag glúine na máthar? Agus go dtiocfadh sé in inmhe tré mheán na teanga a bhain i bhfad roimis sin leis an gcine? Gach dealramh gurb amhlaidh. Níl aon screamh sna dánta seo á leathadh idir an léitheoir agus an chiall, idir an léitheoir agus pé méid de phearsantacht an fhile is toil leis féin a nochtadh. Tá údarás i ngach líne. An déscaradh idir saol Béarlach na hÉireann amuigh agus réim na Gaeilge in intinn an tuairisceora istigh, tá sé sin slánaithe anseo gan uaim ... ní haon phearsa thacair atá ag labhairt anseo ach Liam Ó Muirthile atá ag obair mar iriseoir i Raidió Teilifís Éireann agus gurb é sloinne agus teideal a mhuintire ‘Ó Muirthile Carraige’.

Cailleadh Liam Ó Muirthile ar an 18 Bealtaine 2018. Tá sé curtha i Reilig Ghobnatan i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí.

Louis de Paor

Ailt

  • Mhac an tSaoi, M. (1984) ‘Náisiún na mbailte fearainn: alt léirmheasa ar Tine chnámhComhar 43.8, 52.
  • Ó Muirthile, L. (1999) ‘Ag cur crúca in inspioráid’ Aimsir Óg 1, 71–92.
  • Ó Muirthile, L. (2008) ‘Offshore on land : poetry in Irish now’ in Nic Pháidín, C. & Ó Cearnaigh, S. [eagí] A new view of the Irish language. Baile Átha Cliath: Cois Life, 140–51.