‘Focal aitheantais sloinne sea “Carraig”. . . mar tá brainse eile de na Muirthiligh ar a dtugtar muintir Mhuirthile Sráide’, a dúirt Seán Tóibín ina thaobh i gcaint raidió ar 26 Meán Fómhair 1955. ‘File na Carraige’ a thugtaí air. I dtuairisc a bháis in Réalt an Deiscirt 1 Eanáir 1955, deirtear: ‘ . . . he claimed that his father was the best Irish speaker in Cairbre’. Bhí Peadar Ó Donnabháin cairdiúil leis, tharla an bheirt acu a bheith ag múineadh i mBaile an Róistigh, agus scríobh sé sa pháipéar céanna sin 18 Feabhra 1950: ‘Seán Ó Muirthile’s father had a wonderful mastery of it [Irish] and he also had an unusual knowledge of an historic background back to the days of the Fianna’. Ach Seán an t-aon duine sa teaghlach a thug an teanga leis. ‘How one member of a family can succeed in getting a thorough spoken knowledge of Irish while more of them fail to do so is a bit surprising but it has happened in this case and in some others also no doubt’. Feirmeoir as Doirín na Trá ba ea a athair, Seán, agus ba í Máire Áine Ní Réagáin a mháthair. I nDoirín na Trá a rugadh é (John Hurley) 4 Aibreán 1885. Is mar seo a bhí an teaghlach san áit sin i nDaonáireamh 1901: John Hurley (53), feirmeoir; Mary Anne (43), a bhean; Margaret (17); Denis (16); Nonnie (9); Richard (7); Agnes Mary (5); Daniel Hurley (93), athair John Hurley. Bhí Béarla acu go léir agus is ag John agus Daniel amháin a bhí Gaeilge. D’aistrigh an chlann go dtí an fheirm in Achadh Dúin i 1901. Arís ní raibh Seán s’againne sa teach oíche Dhaonáireamh 1911 agus is mar seo a bhí an teaghlach: John Hurley (62); Mary Anne (58); Daniel (30); Nora (19); Richard (17). Bhí Gaeilge acu go léir ach amháin ag an máthair. Bhí an lánúin pósta le 34 bliana agus ochtar clann acu agus an t-iomlán ina mbeatha go fóill. Bhí triúr deartháireacha ag Seán agus ceathrar deirfiúracha, a raibh beirt díobh ina mná rialta. Tá na hainmneacha sna daonáirimh ag réiteach le liosta a thug bean chéile Dhónaill Uí Mhuirthile (nia Sheáin) d’údair an chuntais seo. Ba leis na tiarnaí talún Beecher an talamh in Achadh Dúin agus tá gazebo dá gcuid ina sheasamh ann.

Fuair Seán meánscolaíocht i Sasana agus bhí Laidin agus Gréigis go maith aige dá bharr. Is cosúil gur ag dul le sagartacht a bhí sé. Chuir Tóibín aithne air i gceantar Loch Léin i 1909. ‘Fear ard dubh faidleicneach ba ea Seán Ó Muirthile; ceannaithe dathúla agus srón sheabhacaí; greann agus géarchúis sna súile dúghorma aige—fear a thuig go cruinn comhairle na sean i dtaobh cainte: “beagán a rá agus é a rá go maith”. Thar ar casadh de Ghaeilgeoirí riamh ormsa b’é an file sin na Carraige a thuig conas rud a rá go gonta’. Tóibín a thug eolas dó i dtaobh ghnó an mhúinteora taistil. Ceithre bliana ina dhiaidh sin bhí sé ag obair mar mhúinteoir taistil i gContae Luimnigh. Tamall ina dhiaidh sin fuair sé post i gColáiste na gCaipisíneach i mBaile an Róistigh agus chaith 40 bliain ag múineadh ann. Chuir sé aithne ann ar na hAithreacha Albert Bibby agus Agaistín Ó hAodáin.

Shíl an Tóibíneach go raibh sé go sármhaith chun téarmaí a cheapadh: ‘Is minic a chuala é ag soláthar téarma as a sheasamh agus an téarma san chomh bunúsach cruinn leis an rud a cheapfadh an tAthair Peadar féinig, nó ní ba chruinne, dá n-abrainn é’. ‘Ní raibh a sharú riamh sa Mumhain chun nua-théarmaí bunúsacha a cheapadh’, a dúradh in Scéala Éireann 23 Meitheamh 1958. Tá tagairt in Inniu 1 Iúil 1955 dá bhallraíocht i gcoiste téarmaíochta a thagadh le chéile gach samhradh i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Dúirt an Tóibíneach go raibh sé an-chairdiúil leis an Athair Peadar Ó Laoghaire. D’fhiafraigh an sagart den fhear óg cá bhfuair sé ‘an tseanchaint bhlasta dhaingean’ agus d’fhreagair an Muirthileach ‘An méid di ná fuaireas cois tine i nDoirín na Trá, fuaireas id’ chuidse leabhar, a Athair. . .’. Leabhar ar Naomh Proinsias a shíl sé féin agus an Tóibíneach a bheith go dona a thug air an t-aistriúchán ón Iodáilis, Flóisíní Shain Próinsias (I fioretti di San Francesco), 1936, a chur ar fáil. Chumadh sé dánta i gcomhair Dámhscoil Mhúscraí agus is in Réalt an Deiscirt is mó a chuirtí a dhéantús i gcló. Níor thaitin an cló rómhánach leis ná go ndéanfaí aon athrú ar an litriú. Scríobh sé caoineadh ar Phádraig Ó Cruadhlaoich (‘Gael na nGael’) agus thug Peadar Ó Donnabháin le tuiscint in Réalt an Deiscirt i ndiaidh a bháis, agus é ag tagairt do na 1920idí, go gcuireadh sé leaganacha Gaeilge de dhrámaí ar fáil nuair a bhíodh a rang ag cur isteach ar chomórtais drámaíochta. ‘Thug sé a shaol ag obair mar mhaithe leis an teanga—níor lúide méid agus tábhacht na hoibre sin gur deineadh gan fhios don phobal agus don saol mór í, gan súil le cáil ná gradam ach é ag obair roimis. . .’. Síltear gur aistrigh sé Aeneid Virgil, nó cuid de, go Gaeilge. Cibé cuid dá aistriúchán ar an Aeneid a foilsíodh is sna huimhreacha deireanacha de Bonaventura i ngeimhreadh 1940 atá sé, díreach sular cuireadh deireadh leis an iris sin de dheasca páipéar a bheith fíorghann.

‘Le linn Chogadh na Saoirse bhí an tigh aige ina dhún fothana agus fóirthine d’éinne go raibh an tóir. . . air’, a dúirt an Tóibíneach. Siúinéir maith ba ea é agus dhéanadh sé troscán tí agus trucailí beaga feirme. Ciotóg ba ea é agus urchar an-mhaith aige. D’éag sé 18 Nollaig 1954. Ba é a sheoladh ag an am sin ‘Wood View’, Baile an Róistigh. Phós sé Eibhlín de Barra as ceantar Bhaile an Róistigh agus bhí mac amháin acu. Baintreach ba ea é ag am a bháis. Luadh beirt deartháireacha leis a bheith beo. Cuireadh é i Reilig Fhionnbharra, Corcaigh. Foilsíodh ‘Tuireamh Sheáin Uí Mhuirthile Carraige’ le Tadhg Ó Rodaí in Scéala Éireann 31 Eanáir 1955: ‘Cé réidhfidh feasta crua-cheasta na Gaeilge? / Cé mheasfaidh an dán ar scáth na saíochta? / Cé bhreacfaidh an dréacht i nGaeilge líofa? / Cé thiocfaidh i gcabhair ar rang na ndílleacht ?’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú