Cúnnla

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar The road from Connemara (2000). Le caoinchead Cló Iar-Chonnacht.

Áirítear é ar dhuine d’amhránaithe móra an tsean-nóis agus bhí cáil na scéalaíochta air freisin. Tá an buneolas ar fad ina thaobh le fáil in Comhar, Nollaig 1994 ag Liam Mac Con Iomaire (‘Ar Maos le hAmhráin: Seosamh Ó hÉanaí 1919-1984’) agus ag an údar céanna in The Companion to Irish Traditional Music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely. Foilsíodh beathaisnéis le Liam Mac Con Iomaire: Seosamh Ó hÉanaí: nár fhágha mé bás choíche, 2007. Foilsíodh Bright Star of the West: Joe Heaney, Irish Song Man in 2011 le Seán Williams agus Lillis Ó Laoire. Tá cartlanna Sheosaimh Uí Éanaí, tionscadal de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar fáil ag http://www.joeheaney.org/. San Aird Thoir, Carna, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 1 Deireadh Fómhair 1919. Ba é an cúigiú duine clainne é den cheathrar buachaillí agus triúr cailíní a bhí ag Pádraig Ó hÉinniú agus Béib Ní Mhaoilchiaráin (Béib Sheáin Mhichíl Shéamuis). Amhránaí maith ba ea Pádraig agus col ceathrair leis ba ea an t-amhránaí Colm Ó Caoidheáin; deir Mac Con Iomaire: ‘Ceantar an-saibhir go deo é ceantar Charna ó thaobh amhráin, scéalta agus béaloideas go ginearálta agus tá cáil ar leith ar na hAirdeanna, an Aird Thoir agus an Aird Thiar'.

Tar éis bunscolaíochta i Scoil na hAirde bhí sé ar scoláireacht ar feadh 1935-37 i gColáiste Éinde, coláiste ullmhúcháin a bhí go sealadach i mBaile Átha Cliath ag an am. Dúradh leis roimh Cháisc 1937 gan filleadh ar an gcoláiste agus is dóigh le Mac Con Iomaire gur neafais éigin ar nós caitheamh toitíní a bhí i gceist; is nuair a shroich sé Carna Aoine an Chéasta a chuala sé go raibh a athair marbh. Níl amhras ar Mhac Con Iomaire ach go ndearnadh éagóir mhór air: ‘Ba mhór an feall é go gcaithfeadh fear óg meabhrach mar é an scoláireacht a chaitheamh in aer agus a shlí bheatha a shaothrú feasta le hallas a chnámh’. Chaith sé tamall ag obair d’fheirmeoir in oirthear na Gaillimhe. I 1947 chuaigh sé go Glaschú mar a raibh uncail leis ag obair. Bhí sé ar lóistín i dteach mhuintir Mhic Conghaile as Caladh Mhaínse, Carna, agus phós sé a n-iníon Mary (cailleadh í i 1966) agus bhí beirt bhuachaillí agus beirt chailíní acu. Theip ar an bpósadh ag pointe éigin agus anuas go dtí lár na 1950idí is i Londain is minice a bhíodh Seosamh ag obair, cé gurbh in Southampton a chaith sé tamall de 1955-58; d’fhág sé Glaschú ar fad i 1965.

Sular fhág sé Éire bhí cáil mar amhránaí bainte amach aige. Bhuaigh sé an chéad duais ar amhránaíocht ar an sean-nós ag Oireachtas 1942 agus thaifead Séamus Ennis agus Alan Lomax (1915-2002) amhráin dá chuid an bhliain sin. D’fhill sé ó Southampton i 1955 chun a bheith páirteach i gcomórtais an Oireachtais arís agus bhuaigh an bonn óir, an phríomhdhuais shean-nóis go dtí gur cuireadh Corn Chomhlucht an Oideachais ina ionad i 1960. Ó Southampton arís a tháinig sé i 1958 chun a bheith páirteach sna hOícheanta Seanchais a d’eagraíodh Gael Linn in Halla Damer, Baile Átha Cliath. Chuir Gael Linn roinnt dá amhráin ar cheirníní sna blianta 1959-61. Le tamall anuas bhí ag méadú i Sasana agus i Meiriceá ar an dúil sa cheol tíre agus d’fhaigheadh sé deis amhráin a rá go poiblí sa chlub a reáchtáileadh Peggy Seeger agus Ewan MacColl in Kilburn, Londain. Tar éis don ballad boom tosú in Éirinn bhí sé ar lóistín le Séamus Ennis in aice le tábhairne cáiliúil Uí Dhonnchadha i Rae Muirfean, Baile Átha Cliath, agus d’éirigh sé cairdiúil le leithéidí Ronnie Drew agus Peggy Jordan agus d’fhaigheadh deis anois is arís airgead a thuilleamh ag casadh amhrán. Ach ba mhinic ar an ngannchuid é. I 1965 bhí cuireadh aige chun páirt a ghlacadh san Newport Folk Festival agus sa Philadelphia Folk Festival agus d’éirigh thar cionn leis. Rinne sé imirce go Meiriceá an bhliain dár gcionn agus ar feadh 14 bliana bhí sé i bhfeighil an ardaitheora i mbloc árasán in Manhattan, Nua-Eabhrac; bhí post páirtaimseartha aige mar mhúinteoir béaloidis san Ollscoil Veislíoch in Middletown, Connecticut, agus ina dhiaidh sin in Ollscoil Washington, Seattle. I mí Iúil 1982 bronnadh an ‘National Heritage Award for Excellence in Folk Arts’ air in Washington, D.C. D’fhilleadh sé ar Éirinn gach ré bliain agus d’eagraíodh Gael Linn coirmeacha ceoil dó; cuimhnítear go háirithe ar cheann sa Cheoláras Náisiúnta i 1982. Bhí emphysema air agus d’éag sé Lá Bealtaine 1984. Tá sé curtha i relig Mhaírois ina cheantar dúchais. Scríobh na filí Michael Davitt agus Micheál Ó Cuaig dánta dó agus cuireadh tús le Féile Chomórtha Joe Éinniú i gCarna i 1986.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú