Chaith an file seo tamall ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. In Eatharla, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 7 Meán Fómhair 1918 agus ba é an t-aon leanbh amháin é ag Michael Murphy agus Kate Lynch. Tá cuntas air in Anois 8-9 Meán Fómhair 1990 ag Nollaig Ó Gadhra, agus cuntas ag Proinsias Mac Aonghusa tamall i ndiaidh a bháis in Irish Times. ‘D’fhoghlaim a chuid Gaeilge sa bhunscoil i gCill Bheanáin, trína staidéar féin agus ó mhúinteoirí Gaeilge ar na ranganna oíche. Chaith trí bliana déag le gaibhneacht i bhfochair a athar’, a deirtear in Nuafhilí 2 (1953-1963), 1968 a chnuasaigh Séamas Ó Céileachair. Deirtear gur bhunaigh sé Coiste na nGael nÓg dá chomhscoláirí i gCill Bheanáin in aois a chúig bliain déag dó agus go mbíodh Gaeilge á múineadh aige sa cheárta.

Chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge in 1941 agus cháiligh mar Thimire Gaeilge timpeall an ama sin. Le linn dó a bheith á oiliúint i mBaile Átha Cliath bhí sé ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh, an chraobh ba spleodraí sa chathair ó thaobh na n-ealaíon de. Is ina phríomhoide i gCeardscoil Áth an Chóiste i gContae Chorcaí a bhí sé sa deireadh. Bhunaigh sé craobhacha den Chonradh sa chontae, Craobh Áth an Chóiste ina measc. Cuir sé Feis na Laoi ar bun in 1952 agus bhunaigh Coiste Dúiche Mhúscraí in 1955. Chaith sé 34 bliain ina bhall de Choiste Gnóan Chonartha agus toghadh é ina Uachtarán ar an eagraíocht 1982-85. Deir Proinsias Mac Aonghusa: ‘Cé nár dhuine róshean é bhí sé ar an iarrthóir ba shine, agus bhí seanslite ag baint leis a bhain le glúin a chuaigh roimhe .... Thug An Gabha Gaolach suntas ar leith do na meáin chumarsáide sna trí bliana a raibh sé i gceannas ar Chonradh na Gaeilge’ (Ar son na Gaeilge. Conradh na Gaeilge 1893-1993). Bhí sé ina Uachtarán ar Oireachtas 1986. Bhí sé ina uachtarán ar Dháil na Mumhan 1970-83. Bhí sé ina uachtarán ar Dhámhscoil Mhúscraí ar feadh tamaill ó 1977 amach. Deir Mac Aonghusa go raibh sé faoi thionchar ag Pádraig Mac Piarais agus Domhnall Ó Corcora; tá ‘Eipic an Phiarsaigh’ ar an dán dá dhéantús is minice a luaitear. Roghnaigh Ó Céileachair péire dán leis in Nua-fhilí 2 agus an dán ‘Óid i gCuimhne Sheáin Uí Riada’ in Nua-Fhilí 3, 1979. Roghnaigh Michael Davitt trí dhán leis maille le haistriúcháin in Sruth na maoile: modern Gaelic poetry from Scotland and Ireland, 1993, arbh iad Davitt agus Iain MacDhòmhnaill a chnuasaigh. Bhí cúigear clainne aige féin agus a bhean Ellen Burke ó Dhún Mánmhaí (d’éag 8 Feabhra 2003). D’éag sé ar 2 Meán Fómhair 1990 agus tá sé curtha in Áth an Chóiste. Nochtadh plaic ina onóir in Eatharla in 1999. In 2003 bhíothas ag súil go bhfoilseofaí cnuasach dá dhánta gan mhoill.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú