MAC NEILL, Máire (1904–1987)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Aistritheoir, beathaisnéisí, údar ar bhéaloideas. Tá cuntas uirthi: ag Bo Almqvist in Béaloideas (1988); ag Maureen Murphy i leabhar Mháire, Máire Rua: Lady of Leamaneh (1990); agus ag Cyril Ó Céirín agus Kit Ó Céirín in Women of Ireland: a biographic dictionary (1996). Ba é Eoin Mac Néill a hathair agus ba í Agnes Moore a máthair. Ba í an cúigiú leanbh agus an dara hiníon acu í agus bhí triúr deirfiúracha agus ceathrar deartháireacha aici. Sa teach ‘Hazelbrook’, Port Mearnóg, Co. Bhaile Átha Cliath, a rugadh í ar 7 Nollaig 1904. Ó 1908 go 1915 bhí cónaí orthu ag 19 Páirc Hoirbeaird agus d’fhreastail sí ar Scoil na nDoiminiceach, Páirc Mhucrois. Bhíodh cailíní ón nGaeltacht ag obair sa teach, ar dhuine díobh Maggie Dirrane, a bhainfeadh cáil amach di féin sa scannán Man of Aran. Chaitheadh an teaghlach saoire in Ó Méith, mar a raibh Mac Néill i mbun coláiste Gaeilge, agus in Árainn. Nuair a daoradh Mac Néill chun báis in 1916, chuaigh Máire agus deirfiúr óg léi go hÁrainn chun fanacht leis an oide scoile Úna Ní Chualáin agus bhí siad ar scoil léi siúd i bhFearann an Choirce. Bhí sí ina scoláire cónaithe i Mucros in 1917 agus ní ghlacadh na mná rialta le táille fad a bhí Mac Néill i ngéibheann. Bhain sí céim B.A. amach sa Léann Ceilteach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, in 1925 agus chaith tamall ag obair do Chumann na nGaedheal mar rúnaí, mar bhainisteoir gnó, agus in 1932-33 mar iriseoir agus eagarthóir ar a bpáipéar The Star. Bhí sí ina fo-eagarthóir ar United Ireland, an páipéar a lean The Star. In 1935 thairg Séamus Ó Duilearga post di i gCoimisiún Béaloideasa Éireann; ‘bainisteoir oifige’ an cur síos uirthi in Láimh-leabhar Chomhdháil Náisiúnta na Gaedhilge, [1944]. Fuair sí oiliúint in obair chartlannaíochta in Ollscoil Uppsala. Toradh ar a hobair sa Choimisiún is ea cuid mhór dá saothar scríbhneoireachta. Phós sí John Sweeney, scoláire agus file, in 1949 agus bhí cónaí orthu i mBostún. Bhí post aici i Roinn an Léinn Cheiltigh in Harvard agus bhí sí ag léachtóireacht ann 1964-65. D’fhill an lánúin ar Éirinn in 1967 agus chuaigh chun cónaithe i gCora Finne, Co. an Chláir. Tá ailt faoi bhéaloideas an Chláir aici in Béaloideas.

Is é The festival of Lughnasa (1962) a ríshaothar. Deir Almqvist: ‘During her days in the Commission, Máire had already exhibited her ability as a scholar in various articles on Irish folk customs and beliefs. Then she brought together the material for her magnum opus, The festival of Lughnasa (published 1962), a comprehensive and powerful study of the Celtic harvest festival, celebrated on the day known in Clare as ‘Garlic Sunday’. This is one of the most important works ever written in the field of Irish folkloristics, and won wide acclaim at home and abroad.’ Foilsíodh eagrán méadaithe in 1982. D’aistrigh sí dhá leabhar: Síscéalta ó Thír Chonaill (1977) le Seán Ó hEochaidh mar Fairy legends from Donegal (1977) agus Leabhar Sheáin Í Chonaill (1948) mar Seán O’Connell’s book (1981). ‘Those translations bear witness to both her deep knowledge of Irish and to her fine sense of English style’ (Almqvist). Leabhar ar Mháire Rua Uí Bhriain is ea Máire Rua: Lady of Leamaneh (1990). D’éag John Sweeney in 1986 agus cailleadh Máire 15 Bealtaine 1987. Sa Ruán, Co. an Chláir, atá sí curtha. D’fhág siad a mbailiúchán pictiúr le huacht ag an Dánlann Náisiúnta; síleadh ag an am gurbh fhiú timpeall deich milliún punt é.

In Scoláirí léinn: Léachtaí Cholm Cille xxxv (2005) tá beathaisnéis níos iomláine ag Ríonach uí Ógáin dar teideal ‘Máire Nic Néill (1904-1987): scoláire béaloidis’. Cuid ríshuimiúil is ea an cuntas ar an tamall fada (1935-49) a chaith sí ag obair i gCoimisiún Béaloideasa Éireann mar rúnaí agus bainisteoir. Bhailigh sí féin ábhar béaloidis i gCeathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo agus in Árainn agus chaith tamall in Lund ag freastal ar léachtaí Carl von Sydow agus tamall in Uppsala. D’aistrigh sí ábhar ón tSualainnis. Uirthi a thit sé clárú a dhéanamh ar a raibh faoin mbéaloideas sna leabhair a chuir Conradh na Gaeilge agus foilsitheoirí eile amach sa 19ú haois agus ina dhiaidh, agus faillí ní dhearna sí i litreacha Sheáin Uí Dhonnabháin sa tSuirbhéireacht Ordanáis. Tuairim an ama sin a thosaigh sí ar spéis a chur i nDomhnach Chrom Dubh. Í féin, Séamus Ó Duilearga agus Seán Ó Súilleabháin a chuir amach ceistiúchán faoin bhféile chuig 316 comhfhreagróir ar fud na hÉireann. Baineann codanna breátha eile den aiste leis an tamall fada a chaith sí i mBostún, leis an spéis a chuir sí i stair agus i mbéaloideas an Chláir, agus leis an dua a chaith sí ag aistriú an dá leabhar ón Ghaeilge. Cuireann an leabharliosta úsáideach seo (leabhair, aistí, léirmheasanna, léirmheasanna ar The festival of Lughnasa) go mór le luach na haiste seo. Tá tagairtí di go minic in The Irish Folklore Commission 1935-1970: history, ideology, methodology (2008) le Mícheál Briody.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú