Rugadh é ar 1 Bealtaine 1857 sa ‘Glasshouse’, teach mór in aice Shuí an Róin in Uíbh Fhailí. Charles Rolleston Spunner, Q.C. a athair agus Elizabeth Richards a mháthair. Ba é captaen na scoile i gColáiste Naoimh Columba i Ráth Fearnáin é. I gColáiste na Tríonóide bhí sé comhaimseartha le Oscar Wilde. Bhunaigh sé, agus bhí sé ina eagarthóir ar, Dublin University Review (1885–6). Ba é an chéad rúnaí é ag an Irish Literary Society nuair a bunaíodh é i Londain in 1892. Phós sé Edith Caroline de Burgh in 1897. Cara mór le Dubhghlas de hÍde é agus bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge anois agus arís anuas go 1909. Ní foláir nó chuir sé, i rith an ama sin, le pé Gaeilge a fuair sé i gColáiste Naoimh Columba. Bhí sé ina uachtarán ar dhá chraobh den Chonradh ach bhí sé riamh beagán guagach i dtaobh na teanga. In 1896 thug sé léacht do Chlub na Nuachtán i mBaile Átha Cliath agus thuairimigh nárbh indéanta smaointe nua-aimseartha a nochtadh i nGaeilge. D’fhreagair Eoin Mac Néill é ach ní bheadh T. W. R. sásta gan a bhreithiúnas a thástáil. Aontaíodh go n-aistreodh de hÍde sleachta as beatha Goethe le George Henry Lewis agus as Grammar of Science le Karl Pearson. Chuirfeadh Mac Néill Béarla orthu arís. Foilsíodh ar an Daily Independent iad agus b’éigean do T. W. R. géilleadh go raibh leagan Mhic Néill chomh maith leis an mbunleagan nó beagán níos fearr, b’fhéidir. Arís, nuair a d’éirigh raic sa Chonradh i dtaobh an Phan-Cheilteachais, bhí T. W. R. ag áitiú gurbh fhearr gluaiseacht ar leith do Ghaeil Phrotastúnacha. Bhí an Conradh ró-chúngaigeanta. Bhí post mar eagraí faoin Roinn Talmhaíochta aige ach d’aistrigh sé go Londain nuair a thug an Times Literary Supplement cúram roinn na leabhar Gearmáinise dó. Nuair a bhris an Cogadh Mór amach tugadh post in oifig an chinsire dó. I measc na dteangacha san ‘Obscure Languages Section’ bhí an teanga Ghaeilge agus ar Rolleston a thit cúram na litreacha Gaeilge a aistriú. Ar bhealach is é an t-aon phíosa fianaise amháin é go raibh Gaeilge aige. Sin agus, b’fhéidir, gur bhall de Chomhairle Chumann na Scríbheann Gaeilge é. Fiú an t-aistriú sin ‘The Dead at Clonmacnoise’, shíl an tOllamh Dáithí Ó hUaithne go bhfuair sé aistriú ó láimh W. M. Hennessy ar dhán den 14ú haois i leabhar Phetrie, Christian Inscriptions in the Irish Language (Comhar, Márta, 1959). D’ainneoin a ghrá d’Éirinn, a spéise sa Ghaeilge, a dhíograise i dtaobh thionsclaíocht na tíre agus a bhallraíochta i mBráithreachas na Poblachta, más fíor, meastar gurbh impiriúla é i ndeireadh thiar agus gan neart aige air. D’éag sé i Londain ar 5 Nollaig 1920.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú