Scríobh Seosamh Laoide sa nóta ina thaobh in An Claidheamh Soluis 6 Lúnasa 1904 gurbh ó Chromghlinn, Co. Aontroma, dó, gur as leabhair a d’fhoghlaim sé an teanga, gur bhunaigh sé craobhacha de Chonradh na Gaeilge taobh thoir de Loch nEathach agus go múineadh sé rang i gCraobh Chaimlíne. Aturnae ba ea é agus bhí céim MA aige. Bhí sé i measc na ndaoine ar tugadh cuireadh dóibh labhairt ag ollchruinniú i mBéal Feirste (Fáinne an Lae 25 Márta 1899). Ghlac sé páirt i léiriú Naomh Pádraig ag Teamhair ag Loch Iascaigh in aice leis an mBearnas Mór i Meán Fómhair 1899 (An Claidheamh Soluis 30 Lúnasa 1913). Dúirt an Laoideach freisin gur de bhunadh Albanach é ach i nDaonáireamh 1901 chuir sé féin síos: ‘not connected with any particular church’. Bhí sé 51 bliana d’aois ag an am sin. An bhliain chéanna sin bhí sé ina theachta ó Craobh Lios na gCearrbhach ag Ard-Fheis an Chonartha. Cé gurbh as leabhair a d’fhoghlaim sé an teanga bhí sí sách líofa aige chun óráid a thabhairt ag feis sna Frosa (Fáinne an Lae 6 Eanáir 1899). D’éag sé ar 10 Iúil 1904. Níor phós sé.

Chuaigh sé i gcion go mór ar Earnán de Blaghd nuair a chuaigh sé i dteannta a athar chuig a oifig. ‘Cruifearach [Preispitéireach] ba ea Berryhill, duine deas seanfhaiseanta. Níor chuala riamh cén sórt a bhí ina mhuintir nó cá bhfuair sé an dearcadh a bhí aige. Nuair a bhí a raibh le rá lem’ athair ráite aige, labhair sé liomsa agus d’fhiafraigh dhíom cá rabhas ar scoil. Nuair a dúrt go rabhas ar scoil i mBaile Charraig Mada d’fhiafraigh sé dhíom an raibh a fhios agam cé an chiall a bhí leis an ainm sin. Ní raibh ar ndó. D’inis sé dhom é. Agus lean sé ar aghaidh ar feadh deich neomat ag cur síos ar logainmneacha eile. . . . Níor thuigeas gur ag déanamh sílteagaisc a bhí sé. Ach bhí, agus sin go cliste. D’fhág a chuid cainte mo shuim sa Ghaeilge chomh beoga ar feadh tamaill agus bhí sí riamh’ (Trasna na Bóinne, 1957).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú