Bhí ainm an cheoltóra seo le feiceáil beagnach gach seachtain in An Claidheamh Soluis sna blianta tosaigh den pháipéar sin. Ar 30 Nollaig 1899 dúradh: ‘This week An Claidheamh Soluis commences the publication of Irish songs with music in Tonic Sol-fa notation. Such songs will in future form a weekly feature of the paper’. Thosaigh siad le ‘Bánchnoic Éireann Ógh’ agus ‘Is trua gan peata an mhaoir agam’, péire amhrán a bheadh le rá ag córacha buachaillí agus cailíní ag Feis Laighean Lá ’le Bríde. ‘The songs have been arranged for the Central Branch Committee and the Claidheamh Soluis by Mr Brendan Rogers, whose name needs no introduction to the musical public of Ireland. It may not be too much to say that the recent lecture by Mr Brendan Rogers before the National Literary Society will prove the turning point in the musical history of Ireland’. ‘Breandán Ruaidhrí Mhic Uidhir’ an t-ainm a chuir sé leis an dá amhrán. ‘Breandán Ruaidhrí’ a bhí aige ar 13 Eanáir, ach ‘Breandán Mac Ruaidhrí’ a bheadh aige ar ball.

Bhí cónaí air in Eblana Hall, 8 Ascaill Eblana, Dún Laoghaire, nuair a bhí Daonáireamh 1901 á dhéanamh. Chuir sé síos go raibh sé 52 bliana d’aois agus gurbh i gContae na Mí a rugadh é. I gContae Thiobraid Árann a rugadh a bhean Catherine agus bhí sí ar aon aois leis. Sa teach an oíche sin bhí Clara (28) a rugadh i gContae Lú, Colman (24), amhránaí (‘vocalist’), Cecilia (17) agus William (13). I gContae Bhaile Átha Cliath a rugadh an triúr deiridh sin. Bhí duine dá mhic ina orgánaí san ardeaglais i gCóbh timpeall 1893. I 1911 chuir sé síos go raibh sé pósta le 43 bliana— ach dúirt nach raibh ach 59 bliana d’aois aige féin agus a bhean. Den deichniúr leanaí a bhí acu bhí ochtar beo. Níor luadh an Ghaeilge beag ná mór agus is féidir glacadh leis nach raibh sí aige. Nuair a phós sé (Brend[o]n John Rogers) Catherine Glynn i nDún Dealgan ar 24 Eanáir 1871 thug sé an t-eolas go raibh sé 22 bliain d’aois, go mba ollamh ceoil é agus gur mhac é le John C. Rogers arbh ollamh le ceol freisin é. Is é an t-eolas sa teastas pósta i dtaobh Catherine go raibh sí 19 mbliana d’aois agus gurbh iníon le Joseph Glynn í.

Bhí sé ar scoil i gColáiste Choill Chluana Gabhann agus thosaigh ag obair mar orgánaí eaglasta roimh 1872. In eaglaisí éagsúla i mBaile Átha Cliath a bhíodh sé ar dtús, i nDún Dealgan ansin, agus ar feadh daichead nó caoga bliain san Leas-Ardeaglais i mBaile Átha Cliath. San iris Lyra bhí sraith alt aige ar mhúineadh an cheoil sna scoileanna. Faoi 1892 bhí sé ina ollamh le ceol i gColáiste Oiliúna Shráid Maoilbhríde. Bhí sé ina bhall den choiste a stiúir an chéad Fheis Cheoil in 1897. Rinne sé cór seasca guth a oiliúint le ‘Dán-mholadh na Gaeilge' agus ‘An Spailpín Fánach’ a chanadh ag Oireachtas 1900. Bhí ailt aige in New Ireland Review i mBealtaine 1900 agus i Nollaig 1901. Faoi a fágadh na socruithe ginearálta ceoil le haghaidh Oireachtas 1901 a dhéanamh; bhí sé ina mholtóir ar amhránaíocht agus, in éineacht le Owen Lloyd, ar cheol uirlise. Ceapadh é ina eagarthóir ceoil in An Claidheamh Soluis agus mar dhuine d’eagarthóirí ceoil fhoilseacháin an Chonartha (An Claidheamh Soluis 19 Iúil 1902). I 1903 bhí sé ina bhall de Fhochoiste Ceoil an Oireachtais. I gcomhpháirt le Seosamh Laoide agus an Athair Bebherunge chuir sé eagar ar shraith leabhar Cláirseach na nGaedheal, 5 chuid, 1901-07. Coiste an Oireachtais a chuir tús leis an tionscnamh i dtreo go mbeadh teacht ag iomaitheoirí ar fhocail agus ar fhoinn.

Bhí sé ar dhuine den dream a bhunaigh an Fheis Cheoil in 1897; tuairiscíodh in Fáinne an Lae 31 Nollaig 1898 go raibh sé i gceannas ar chruinniú de choiste gnó na Feise. I bhfad ina dhiaidh sin bhí sé ina bhall de choiste ceoil Aonach Tailteann. Deirtear sna tuairiscí báis gur bhuaigh sé duais ag an bhFeis Cheoil ar réamhcheol i gcomhair lán-cheolfhoirne. Leis an gceol eaglasta a chaith sé a dhúthracht; bhí sé sa láthair nuair a bunaíodh Cumann Cecilia in Éirinn agus toghadh é mar dhuine de leasuachtaráin chraobh DheoiseBhaile Átha Cliath den chumann. I measc na bpíosaí den cheol ‘Gaelach’ a chumadh sé go bisiúil luaitear go háirithe ‘An Tír’. D’eagraigh sé cóir i dtithe gnó timpeall Bhaile Átha Cliath. Chóiríodh sé ceol do na scoileanna agus bhíodh sé ag múineadh anseo agus ansiúd i gcoláistí agus i scoileanna. Deirtí go raibh spéis ar leith aige sa taobh iomaíoch de na scrúduithe ceoil. In Sinn Féin 9 Samhain 1909 luaitear go ndearna sé gearán toisc nach raibh aon socrú faoi mhúineadh an cheoil in Ollscoil na hÉireann. D’éag sé ar 22 Samhain 1932. Tá sé curtha i nGlas Naíon.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú