Ó LAOGHAIRE, Donnchadh (1877–1944)

Bhí aicme bheag amháin ar chuir athbheochan na Gaeilge cor rómánsúil ina saol. Ógfhir mar Dhonnchadh a bhí ag sclábhaíocht leo ar an bhfeirm i mbreac-Ghaeltacht nó sa Ghaeltacht féin tharla dóibh faoi cheann bliana go raibh siad ag múineadh nó ag timireacht nó ag cumadh filíochta.

I nDoire an Chuilinn, Baile Bhuirne, a rugadh Donnchadh ar 21 Eanáir 1877. Bhí feirm bheag ag a mhuintir. Le Gaeilge amháin a thóg a thuistí, Donnchadh Ó Laoghaire agus Peig Ní Bhuachalla, é. Béarla amháin a bhí ar siúl i scoil Bharr d’Inse. Bhí sé ag obair ar an bhfeirm go dtí 1899 ach ó 1898 i leith bhí sé ag cur suime i scríobh na Gaeilge. Fuair sé post sclábhaí i gCorcaigh le muintir Dwyer, Beamish & Crawford. B’fhéidir gurbh é Seán Ó Faoláin (Johnny Wayland), an píobaire cáiliúil a bhunaigh Cumann Píobairí Chorcaí in 1898, a d’áitigh air aistriú go Corcaigh. Ó Sheán a d’fhoghlaim sé an phíb uilleann. Ceoltóir maith a bhí ann. Sheinn sé ag Coirm Cheoil na Féile Pádraig i Halla na Banríona, Londain, in 1907. Ba mhaith a sheinneadh sé ar an gcláirseach agus ar an bhfliúit freisin. D’oireadh sé dá ghnó go minic dreas a sheinm i ndiaidh óráide ag feis nó le linn dó bheith ag timireacht. Bhí sé sách maith chun go n-iarrfaí go minic air craoladh ar Radio Éireann ó 1926 i leith.

In 1901 thug Conradh na Gaeilge post múinteora taistil i Ros Comáin dó. Ó Nollaig 1902 go Aibreán 1905 bhí sé ag timireacht i gCorcaigh agus as sin go Nollaig 1906 sa Chlár. I mbun a ghnó ansiúd tharla lá i bhFraoch é, in aice Shráid na Cathrach, gur cheannaigh ann ó sheanbhean ar £12 píb uileann álainn de dhéantús na ndeartháireacha Uí Mhaoldomhnaigh. Do dhuine de mhuintir Vandaleur a deineadh iad in 1837. Tá siad anois san Ard-Mhúsaem.

Ar an 1 Márta 1907 chuaigh sé go dtí Ollscoil Lováin chun Fraincis agus Gearmáinis a fhoghlaim. Níor leis ab fhaillí craobh den Chonradh a bhunú ann Domhnach Ciníse 1907. Chaith sé trí mhí freisin in Ollscoil Dijon agus sé sheachtain in Cologne. Nuair a thug sé a dhintiúir abhaile leis fuair sé post láithreach mar ollamh le Gaeilge, Fraincis agus Gearmáinis i gColáiste Chnoc Mheilearaí. Chuaigh sé as sin in 1909 go dtí an coláiste nua cónaitheach a bhíothas i ndiaidh a bhunú sa Rinn. Tamall de bhlianta ansin go dtí gur aistrigh sé go Loch Garman mar a raibh sé ag teagasc sa Chonradh agus i Scoil na mBráthar ar dtús agus ansin, ar feadh an chuid eile dá shaol oibre, i gColáiste Pheadair. Bhí páirt mhór aige i saol cultúrtha an bhaile sin ach nuair a d’éirigh sé as obair in 1942 chuir sé siopa seandachtaí ar bun in Eochaill. B’as an áit sin dá bhean Éilís de Búrca a phós sé i Samhain 1909. Bhí sé eolach ar sheandachtaí agus go háirithe ar chloig. Ní raibh clog dá sheandacht in Eochaill ársa nach bhféadfadh sé a dheisiú. D’éag sé ann ar 3 Aibreán 1944.

Idir 1898 agus 1908 scríobhadh sé dánta agus aistí in Irisleabhar na Gaedhilge, Fáinne an Lae, Banba, United Irishman, An Gaodhal, agus An Claidheamh Soluis. Bhuaigh sé duais san fhilíocht ag Oireachtas 1900. I measc na leabhar a d’aistrigh sé tá: Eachtraí an Ghiolla Mhóir (1936) (Swift); Eachtra an Impire agus a chuid éadaigh (1939) (Grimm agus Anderson); Feoil agus Ceol (1939) (Anderson); An Fáinne Draoidheachta (1939); Lios na Sídhe (1939);An Péarla Dubh (1952) (Sardou). Foilsíodh Donnchadh Ó Laoghaire, Doire an Chuilinn: a shaol agus a shaothar (1997) le Séamus S. de Vál.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú