Bhí de mhí-ádh ar an gCanónach Pádraig Ó Laoghaire gur mhinic a thógtaí in amhlachas an Chanónaigh Peadar Ó Laoghaire (1839–1920) é nó Phádraig Uí Laoghaire (1870–1896). Cé gurbh údar leabhar é, ní luaitear a ainm fiú i roinn na leabhar de Clár Litridheacht na Nua-Ghaedhilge. Sna himleabhar eile den chlár ní léir nach é an Pádraig eile atá i gceist. Déanann imleabhar a trí d’fhoclóir Brian Cleeve praiseach ar fad de bheathaí na beirte.

Rugadh an Pádraig seo i gCill Briotáin, Droichead na Bandan, Co. Chorcaí. Timothy O’Leary a bhí ar a athair. Bhí sé ar scoil i gCorcaigh ar dtús agus ansin i gColáiste na nGael i bPáras mar ar oirníodh ina shagart é i Meitheamh 1879. Ceapadh é ina shéiplíneach in Ospidéal Phádraig do Dhaoine Doleigheasta agus ar ball bhí an obair chéanna ar siúl aige i gClochar na Trócaire, Baile na mBocht, Corcaigh (St Marie’s of the Isle). Ó 1890 go 1915 bhí sé ina shagart cúnta i bparóiste an Locha (Paróiste Thiar Naomh Fionnbharra). Bhí na bochta ann an-tugtha don mheisce. Chuir sé Halla na Measarthachta á thógáil agus throid cath fíochmhar in aghaidh na meisce. Rinne sé a dhícheall chun maolú ar an mbochtanas. Bhí an-cháil air mar gheall ar na hiarrachtaí sin. Rinneadh canónach den deoise de cé nach raibh ann ach sagart cúnta go fóill. I bhFeabhra 1915 ceapadh ina shagart paróiste é i nGleanntán agus cúpla bliain ina dhiaidhsean tugadh paróiste NN Peadar is Pól sa chathair dó.

Níor chainteoir dúchais Gaeilge é agus is le linn dó bheith i bparóiste an Locha a chrom sé ar staidéar a dhéanamh ar an teanga. Scríobh sé roinnt téacsleabhar. Ceachta beaga an ceann ab aitheanta. Tuairim 1920 foilsíodh Cainnt na nDaoine. Chuir an tAthair Peadar réamhrá moltach leis. Thug an Canónach Pádraig seanmóin na Féile Pádraig uaidh i nGaeilge san Ard-Eaglais cúpla bliain.

Bhí sé ina phaisinéir ar an traein ar rinneadh luíochán roimpi ag Acomhal Gharraí Thancaird (Upton) ar 15 Feabhra 1921. Maraíodh seisear sibhialtach agus deirtear nach ndearna an Canónach Ó Laoghaire lá maitheasa feasta dá dheasca. D’éag sé ar 24 Eanáir 1932 agus shiúil na mílte ina shochraid.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú