Ó LAOGHAIRE, Diarmuid (1915–2001)

Bhí sé ina eiseamláir ag na sagairt agus ag na tuataí sin ar mhian leo aird a tharraingt ar oidhreacht chreidimh na hÉireann; b’fhéidir é a chomhaireamh i bhfarradh an Athar Donnchadh Ó Floinn agus sagart eile arbh í príomhthábhacht na Gaeilge acu í a bheith nasctha leis an gCríostaíocht le 1,500 bliain. Bhí sé ina eagarthóir ar Timire an Chroí Ró-Naofa ar feadh 25 bliain, bhí sé ina eagarthóir freisin ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta (FÁS). In Inniu 16 Feabhra 1972 tá an t-alt ‘Risteárd Ó Glaisne ag comhrá le Diarmuid Ó Laoghaire’. Tá aiste fhada ar a shaol is a shaothar ag Risteárd in Cothú an dúchais: aistí in ómós don Athair Diarmuid Ó Laoghaire S.J., 1997 in eagar ag Máirtín Mac Conmara agus Éilís Ní Thiarnaigh agus tá cuntas iarbháis in Irish Times 4 Lúnasa 2001.

I nDroim Conrach, Baile Átha Cliath, a rugadh é ar 1 Lúnasa 1915. Diarmuid a baisteadh air toisc gur ar lá a bhreithe a adhlacadh Diarmuid Ó Donnabháin Rosa. B’as Dún ar Aill, Co. Chorcaí, dá athair Michael; in ‘An Mhuintir S’againne’, Scéala Éireann 9 Feabhra 1957, deirtear gur shin-seanathair dósan an Seán Ó Laoghaire ar cuireadh ina leith go raibh sé ina cheann ar Chomhcheilg Dhún ar Aill in 1829, agus ar daoradh agus ar cuireadh go Van Diemen’s Land é. Tar éis tamaill de bhlianta tugadh pardún dó agus chuaigh mac leis trasna an domhain chun é a thabhairt abhaile. Chuaigh de mheabhar an tseanduine le corp áthais. D’fhan an mac in éineacht leis thall go bhfuair sé bás. Shocraigh sé síos ann agus bhí a shliocht ann go fóill i 1957.

Bhí athair Dhiarmuda ina bhainisteoir ar cheann de shiopaí móra Bhaile Átha Cliath, McBirney’s. B’as Co. na Mí don mháthair, Mary Flood. Duine de thriúr clann ba ea é. D’fhreastail sé ar Chlochar an Chreidimh Ró-naofa, Glas Naíon, roimh dhul dó go Scoil Naomh Pádraig, Droim Conrach. Bhí sé i gColáiste Belvedere 1925-28 agus bhí tionchar air ansiúd ag an múinteoir Gaeilge Tadhg Ó Murchú (1908-71). Chuaigh sé isteach sna hÍosánaigh 7 Meán Fómhair 1933. Chaith sé dhá bhliain in Ioma, Co. Laoise, agus i rith a théarma ceithre bliana i gCaisleán Ráth Fearnáin bhí sé ag gabháil den Léann Ceilteach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhain a thráchtas MA le príomhfhoinsí Eochair-Sgiath an Aifrinn le Seathrún Céitinn. Bhí sé trí bliana ag foghlaim fealsúnachta sa Tulach Bheag, Co. Uíbh Fhailí, sular thug scoláireacht taistil é chuig Aberystwyth mar a raibh lámhscríbhinní Leabharlann na Breataine i rith chogadh 1939-45. ‘Rinne sé staidéar ar aistriúcháin Ghaeilge ar bheathaí naomh iasachta sa Leabharlann Náisiúnta ansin .... Is minic a théadh Diarmuid go dtí teach léachtóra, Tom Jones. D’fhoghlaimíodh sé Breatnais uaidh siúd agus d’fhoghlaimíodh Jones Gaeilge ó Dhiarmuid. Is é Jones a chuir Breatnais, le cabhair áirithe ó Dhiarmuid, ar leabhar Dhúbhghlais de hÍde, Sgeulaidhe fíor na seachtmhaine’ (Ó Glaisne). Bhí an Bhreatnais ar cheann dá ábhair i mBaile Átha Cliath. Lean a spéis sa Bhreatain Bheag ar feadh a shaoil agus bhí ardmheas air ann; toghadh é ina bhall den Gorsedd ag an Eisteddfod. Aistriú ar chuid de shaothar phríomh-ghearrscéalaithe na tíre sin is ea Glór ár ngaolta, 1992, saothar a ghnóthaigh duais Oireachtais dó. Bhí Briotáinis aige freisin agus spéis aige sa Mhanainnis agus sa Chornais.

Oirníodh ina shagart é tar éis dó a bheith ag foghlaim diagachta i bPáirc Bhaile an Mhuilinn, Baile Átha Cliath, ar feadh ceithre bliana. Chaith sé na 1950idí i mbun na sóisear sa Teach Staidéir i Ráth Fearnáin. Ó 1960 go 1962 bhí sé ina mhaor ar staidéar in Belvedere. Chaith sé an tréimhse 1962-77 ag múineadh Gaeilge i gColáiste Gonzaga. Ghnóthaigh sé PhD i 1967 lena thráchtas ar na naoimh. I 1970 a thosaigh sé mar eagarthóir ar An Timire i gcomharbacht ar Sheosamh Ó Murthuile.

Bhí ábhar i nGaeilge agus i mBéarla i dtaobh spioradáltacht na nGael á fhoilsiú aige ó na 1950idí ar aghaidh in Feasta, The Furrow, Capuchin Annual, Studies, Comhar, Irisleabhar Muighe Nuadhat .... D’fhoilsigh Gill seanmóir a thug sé ag oscailt Chomhdháil na gCeilteach i 1954: Ceiltigh—a gcreideamh agus a ndúchas, 1955. Bhí caibidil (‘Old Ireland and Her Spirituality’) aige in Old Ireland, 1965 le Robert Mac Nally S.J. I 1966 a foilsíodh a aistriúchán, Bunreacht um an liotúirge naofa agus motu proprio Phóil V, agus foilsíodh mar leabhrán alt a bhí aige in Irish Independent, Our Mass our life: some Irish traditions and prayers, 1968. Ach is i ndiaidh 1972 a foilsíodh an chuid is mó dá shaothar. Is dóigh gurb é Ár bPaidreacha Dúchais, 1975, díolaim ina bhfuil 500 paidir agus 400 beannacht, is mó a thabhaigh clú dó. Cuireadh ceithre chló den leabhar sin amach. Leabhair eile leis is ea: Cleachtaí Spioradálta Naomh Iognáid, 1991; Mairtírigh na hÉireann, 1992; Díreach chun Dé, 1992. Bhí sé ina bhall de choiste eagarthóireachta Diagacht don phobal, 1986-87, foclóir bíobalta. Chuir sé féin agus an tSiúr Éilís Ní Thiarnaigh eagar ar Machnamh, 1991, aistí atá bunaithe ar imeachtaí Institiúid Diagachta agus Fealsúnachta Bhaile an Mhuilinn. Cnuasach den chineál céanna in eagar aige is ea Náisiún na hÉireann mar a bhí agus mar atá, 1993. Air a thit cúram socraithe a dhéanamh le haghaidh sraitheanna léachtaí Gaeilge na hInstitiúide. Bronnadh Gradam an Phiarsaigh air i 1992. Bhain gortú dó i 1995 agus bhuail mionstróc é i 1996. D’éag sé 21 Iúil 2001.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú