Tá cuntas ar an bhfile seo, ar a sinsir agus a sliocht, ag an Athair Donncha Ó Donnchú in Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire (1931), agus ag Diarmaid Ó Muirithe tá an t-eolas ina taobh go hathchomair in Cois an Ghaorthaidh, filíocht Ó Mhúscraí 1700-1840 (1987) (An Clóchomhar). ’ Tá aiste le Meidhbhín Ní Úrdail, ‘Máire Bhuí Ní Laoghaire: File an Rilleadh Cainte’ in Eighteenth-Century Ireland: Iris an dá chultúr, 2002. Ag tagairt dá hamhrán mór ‘Cath Chéim an Fhia’, ar cur síos é ar theagmháil fhuilteach idir gíománaigh agus Buachaillí Bána 11 Eanáir 1822, deir Ó Donnchú: ‘Mairfidh scéal an chatha de bhíthin an amhráin a cheap Máire Bhuí. Aon eachtra a thit amach timpeall na háite roimh an bhliain sin nó ina diaidh déantar comhaireamh air ó bhliain an chatha.’

I dTuairín na nÉan i gceantar Bhéal Átha an Ghaorthaidh in iarthar Chorcaí a rugadh í. Diarmuid Ó Laoghaire, feirmeoir a raibh 25 acra aige, a hathair agus Siobhán a bhí ar an máthair. Cúigear buachaillí agus triúr cailíní a bhí sa teaghlach. I dtuairisc dhaonáireamh 1821, atá i gcló i leabhar Uí Dhonnchú, tá curtha síos go raibh 47 bliana d’aois aici. Timpeall 1792 phós sí Séamus de Búrca, ceannaí capall ón Sciobairín. Ní gnáthchleamhnas a bhí ann. Deir Ó Donnchú gurb amhlaidh a d’éalaigh sí le Séamus go dtí an Sciobairín agus gur pósadh iad in Inse Geimhleach. Bhí feirm bheag acu ar Oileán Eidhneach Beag, Béal Átha an Ghaorthaidh, ar dtús ach faoi dhaonáireamh 1821 bhí céad go leith acra acu sna hInsí in aice le Céim an Fhia agus buachaill agus cailín aimsire acu. Rugadh seisear mac agus triúr iníonacha dóibh. Deir Ó Donnchú: ‘D’éiríodar an-shaibhir ann. Bhí mórán stoic acu, agus bhí capaill acu chun oibre agus capaill ráis agus mharcaíochta.’ Ag pointe éigin tháinig tiarna talún nua agus d’ardaigh an cíos orthu. Bhí fiacha le híoc agus anuas air sin chuir eachtra Chéim an Fhia as go mór dá ngnó, tharla an oiread sin de na mic a bheith ar a gcoimeád. Díshealbhaíodh iad tuairim 1847 agus chuaigh an lánúin chun cónaithe sa chuid den tseanfheirm a bhí ag an mac Micheál. Fuair Máire bás bliain nó dhó ina dhiaidh sin agus cuireadh í i reilig Inse Geimhleach. Seo mar a chuir Ó Donnchú síos ar a dealramh: ‘Bean bhuí, dhubh, láidir, agus cuíosach ard dob ea Máire Bhuí. A buíocht an t-asachán ba mhinicí a castaí léi. Ach ba dhual agus ba dhúchas di bheith mar sin ...’. Tá liosta de beagnach fiche sliocht de mhuintir Laoghaire agus a n-ainmneacha aige agus ceann díobh is ea an chlann Bhuí. Ceithre cinn déag dá dánta atá i gcló aige. Ní raibh léamh ná scríobh aici, rud a bhí neamhchoitianta i measc fhilí na Mumhan. In B’ait leo bean: gnéithe den ídé-eolaíocht inscne i dtraidisiun liteartha na Gaeilge (1998) deir Máirín Nic Eoin gur sampla í de bhanfhile a bhí neamhliteartha ach go léiríonn a saothar go raibh an-chur amach aici ar nósanna cumadóireachta a linne: ‘Léiríonn na tagairtí ón litríocht chlasaiceach atá ar fáil ina saothar gur duine í a bhí i dteagmháil le gnásanna fileata na haimsire.’

In 2012 foilsíodh Bláth ’s Craobh na nÚdar: Amhráin Mháire Bhuí le Tríona Ní Shíocháin. Deir an foilsitheoir: ‘Sa leabhar so, cuirtear saothar Mháire Bhuí Ní Laeire ar fáil mar eagrán “iltéacsúil” ina leagtar béim ar leithligh ar an gcultúr béil as ar fáisceadh na hamhráin. Deintear tábhacht a saothair a phlé, agus dírítear go háirithe ar phróiseas cruthaitheach na béalaireachta agus ar na dioscúrsaí sochpholaitiúla a gheibhtear sna hamhráin. Áitítear go bhfuil blas na fáidheadóireachta le brath ar chuid mhaith de shaothar an fhile agus gurb oiriúnaí féachaint uirthi ní hamháin mar fhile, ach mar fháidh laistigh de chultúr an mhíleannachais sa naoú haois déag in Éirinn – agus go raibh páirt nach beag ages na hamhráin i múnlú na dtuiscintí sochpholaitiúla a tháinig chun cinn sa tréimhse. Leabhar is ea é seo fé Mháire Bhuí, fén ngaol idir a saothar fileata agus sochaí a linne féin, fén bpróiseas cruthaitheach agus fén machnamh polaitiúil.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú