Tá cuntas air ag Seán Ua Súilleabháin in Back to our roots: a history of Garrane National School and the Parish of Clondrohid, 1999, in eagar ag Pat Kelleher agus Michael O’Connell. Rugadh an mac seo le Barnaby Ó Laoghaire agus Julia Shea ar 3 Meitheamh 1855 i nGarrán na gCapall, Cluain Droichead, Co. Chorcaí. Col ceathair é leis an Athair Peadar Ó Laoghaire agus ba é a d’áitigh ar an sagart an dráma Tadhg Saor a scríobh agus a thóg an príomhról ann sa chéad léiriú. Múinteoir náisiúnta ba ea é agus deir an Súilleabhánach gurbh eisean a cheapfadh an Conradh mar thimire i gCúige Mumhan in 1898 ach nach raibh a bhainisteoir sásta tamall saoire a thabhairt dó. Pearsa mhór é sa Chonradh i Maigh Chromtha ó 1898 amach agus ina dhiaidh sin i gcúrsaí na huachtarlainne i gCluain Droichead. In 1899 bhuaigh sé duais Oireachtais ar aiste. D’éag sé ar 7 Deireadh Fómhair 1944 agus cuireadh é i Reilig Ghobnatan, Baile Bhuirne.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú