I gCathair Chorcaí a rugadh é ar 27 Eanáir 1909. Ba é Cornelius O’Leary a athair; in Inse Geimhleach a rugadh eisean ach nuair a cuireadh a mhuintir as seilbh d’imigh siad go Meiriceá agus gan ann ach naíonán agus is ann a tógadh é; d’fhill sé ar Éirinn agus fuair post mar chúipéir i ngrúdlann Beamish & Crawford agus bhí ina chuntasóir ann ar ball. B’as Imleach, Co. Thiobraid Árann, dá bhean Minnie O’Gorman; deirtear gurbh í an t-aon mhúinteoir mná í sa Mhainistir Thuaidh. Bhí dúil aici i gceol agus chuaigh isteach i gCór na hArdeaglaise a luaithe a tugadh cead isteach do mhná. Ag 21 Roman Street a rugadh Pilib ach ar Chnocán an tSéipéil, le hais Sheandúin agus na hArdeaglaise, a bhí cónaí ar an teaghlach ina dhiaidh sin. Bhí ceathrar deartháireacha ag Pilib agus ba eisean an duine ab óige. D’fhreastail sé ar scoil náisiúnta Chnoc Easúin agus ansin ar an Mainistir Thuaidh. Bhaineadh sé féin agus a dheartháireacha duaiseanna sa cheol agus sa mhatamaitic.

Amhránaí breá, Diarmuid Ó Conchubhair, a bhí mar oide ceoil aige sa Mhainistir Thuaidh. Chuaigh sé isteach i gcór na hArdeaglaise in aois a sé le linn sean-Aloys Fleischmann a bheith ann. D’fhreastail sé ar Choláiste Dhéagláin in Aird Mhór; bheadh sé ar an bhfoireann teagaisc ar ball. D’fhoghlaim sé an veidhlín agus é sna déaga. Ceapadh é ina mhúinteoir taistil Gaeilge i gCorcaigh. Bhailigh sé cuid mhaith fonn ceoil sna Déise nuair a bhí sé sna fichidí: thug sé an bailiúchán seo don amhránaí Nóirín Ní Riain (Stór amhrán, 1988). Cheap Coiste Gairmoideachais Chorcaí ina stiúrthóir ceoil é don chontae: ba é an t-aon phost lánaimseartha dá leithéid sa tír é. An chéad chór a bhunaigh sé is i gCill na hOmnaí a bhí sé. Chaith sé leathbhliain le Cór Orpheus, Glaschú, ag fáil oiliúna faoi Sir Hugh Robertson chun a bheith ina stiúrthóir cóir. Bunaíodh Cór Chois Laoi i 1949; bhí oibrithe monarchan ann, chomh maith le múinteoirí, mic léinn, Caitlicigh agus Protastúnaigh. Thug siad ceadail ar fud na hÉireann, bhí go minic ag Córfhéile Chorcaí, ag an Oireachtas, ag an Eisteddfodd, agus bhí in Bonn agus Miulheim-Ruhr. Dhéanadh Pilib moltóireacht ag an Oireachtas.

Thug sé oiliúint do chuid de na hamhránaithe i gCór Cois Laoi chun a bheith ina stiúrthóirí. Ceann dá dhualgais faoin gCoiste Gairmoideachais ba ea an ceol i gcoitinne a fhorbairt. Ghnóthaigh sé céim sa cheol i gColáiste Ollscoile Chorcaí níos deireanaí ina shaol. Bhí sé ina theagascóir sa roinn cheoil ansiúd agus ar feadh tamaill ghairid i ndiaidh bhás Uí Riada bhí sé ag léachtóireacht ann. Bhí scéim taighde ar siúl aige in éineacht le Seán Ó Riada agus Aloys Fleischmann chun na foinn Ghaelacha go léir a bhí foilsithe a chlárú, a mbunúis a lorg siar agus a ngaol agus a gceangal le ceolta tíortha eile a rianadh. Bhí sé seal ina thimire ceoil ag an Roinn Oideachais. Bhí sé pósta le hEibhlín Ní Dhonnabháin ó Chill na Mallach, Co. Chorcaí, agus bhí beirt iníonacha agus beirt mhac acu. Bhí cónaí orthu ag Dún Mhuire, Ascaill Rosa, Corcaigh. D’éag sé ar 30 Bealtaine 1976 agus tá sé curtha i Reilig Fhionnbharra.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú