Sna Doiriú, Casla, Co. na Gaillimhe, a rugadh an ceoltóir agus cigire scoile seo ar 20 Márta 1938. Ba iad Pádraig Ó hEidhin, cigire scoile arbh as Cill Seanaigh, Co. an Chláir dó, agus Máire McGann as ceantar Thuama, Co. na Gaillimhe, a thuismitheoirí. Ba cheoltóirí aitheanta iad beirt agus bhídís le cloisteáil go rialta ar 2RN. Bhí deartháir amháin aige, Séamus, agus triúr deirfiúracha, Marie, Norita agus Ann. Cuireadh bunscolaíocht air i Scoil Náisiúnta Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe, ach d’aistrigh an teaghlach go Co. Dhún na nGall agus gan ach cúpla bliain caite aige ar scoil. D’fhreastail sé ar Scoil Chonaill ar an mBun Beag ansin agus cuireadh meánscolaíocht air ina dhiaidh sin i gColáiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn, áit a ndearna sé an Mheánteist. D’fhill an teaghlach ar chontae na Gaillimhe go gairid ina dhiaidh sin agus rinne Micheál an Ardteist i gColáiste Mhuire, Gaillimh. Thug sé faoi chéim san eolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, ó 1956 go 1959. Agus é ansin chuir sé isteach ar scoláireacht cheoil a thabharfadh go dtí Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, é. Bhí geall curtha ag cara leis nach n-éireodh leis i scrúdú na scoláireachta ach chaill sé an geall, mar ghnóthaigh Micheál an scoláireacht. Bhain sé céim sa cheol amach i gCorcaigh, áit a ndeachaigh Aloys Fleischmann agus Pilib Ó Laoghaire go mór i bhfeidhm air agus áit ar chuir sé suim ar leith sa cheol córúil. Bhí sé gníomhach i gcúrsaí ceoil sa chathair ag an am agus ba é a d’eagraigh an chéad cheolchoirm thraidisiúnta riamh i Halla na Cathrach in 1961.

D’fhill sé ar an mbaile in 1963 agus fuair sé post mar thimire ceoil le Coiste Gairmoideachais na Gaillimhe. D’fhostaigh an Roinn Oideachais é mar chigire ceoil in 1966, post a bhí aige go dtí go ndeachaigh sé amach ar pinsean in 2001. Chaith sé sealanna i mBaile Átha Cliath agus i gCo. Shligigh agus é i mbun cigireachta ach fuair sé post i nGaillimh a thug abhaile é in 1972. Bhí aithne go forleathan air mar scothmhúinteoir ceoil agus ba é a d’fhorbair an Teastas i dTeagasc Ceolta Tíre (TTCT) faoi choimirce Chomhaltas Ceoltóirí Éireann in 1980, cúrsa atá á reáchtáil i gcónaí. Bhí ról ceannródaíoch aige i bhforbairt chlár oideachais an Chomhaltais agus bhí sé páirteach i gcruthú siollabais nua do cheoltóirí óga, comhthionscadal idir Comhaltas agus Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann. Scríobh sé dhá leabhar ceoil d’fhoghlaimeoirí óga, Cas Amhrán (1975) agus Déan Rince (1976).

Ceoltóir clúiteach pianóchairdín ba ea é. D’aistrigh sé ón bpianóchairdín go dtí an consairtín agus é anonn sna blianta tar éis dó fadhbanna a bheith aige lena dhroim. Chas sé leis an Loch Lurgan Céilí Band agus é ina mhac léinn i nGaillimh agus bhí sé sa Brosna Céilí Band le linn dó a bheith i gCorcaigh. Bhunaigh sé The Connemara Quartet sna seascaidí a bhfuil ceol dá chuid le cloisteáil ar an gceirnín cáiliúil, The Rambles of Kitty, an chéad taifeadadh a d’fhoilsigh Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Chum sé ceol don stáitse agus don teilifís. Bhunaigh sé Cór Fhéile na Gaeltachta 1970. Lean an fhéile sin go dtí 2001. Bhí sraith chlúiteach aige ar Raidió na Gaeltachta sna 1970idí, ‘Sí do Mhamó í’. Bhí sé chlár do ‘Sí do mhamó í’ ar Raidió na Gaeltachta tar éis a bháis. Bhí sé ina stiúrthóir ceoil agus ina mholtóir ar chláir éagsúla de chuid RTÉ, ‘Guth na nÓg,’ ‘Bring Down the Lamp’ agus ‘In Song and in Story’ ina measc. Chum sé ceol do ‘Cúirt an Mheán Oíche’ do RTÉ agus chum sé an ceol don leagan ceoil do Thoraíocht Dhiarmada agus Ghráinne le haghaidh chomóradh caoga bliain Thaibhdhearc na Gaillimhe. Ball gníomhach den Chomhaltas a bhí ann agus ainmníodh é ina Ard-Ollamh ar Fhleadh Ceoil na hÉireann 2007. Dhéanadh sé moltóireacht ar na comórtais cheoil ag Slógadh agus ag an Oireachtas. Ba chuairteoirí rialta iad muintir Uí Eidhin ar an Festival Interceltique de Lorient sa Bhriotáin mar a mbíodh Micheál ina mholtóir, ina mhúinteoir agus ina aoicheoltóir. Bhí baint mhór aige freisin le bunú an Ghaelacadaimh agus chaith sé tréimhse ina chathaoirleach ar an eagraíocht.

Cé go mbíodh sé ag cumadh ceoil ar feadh a shaoil is beag de a chuir sé ar taifead. B’fhearr leis a bheith á sheinm seachas á thaifeadadh nó níor thaitin an próiseas eagarthóireachta leis. Mar sin féin, in 2011 d’eisigh sé an t-albam Ceol Sidhe i gcomhar le Charlie Lennon agus Steve Cooney. Meascán de cheol nua-chumtha agus foinn thraidisúnta a bhí ann. Thuill an ceirnín ardmholadh agus d’ainmnigh LiveIreland é mar albam na bliana. Bhí sé ina mholtóir ag Slógadh agus ag an Oireachtas ar feadh na mblianta.

Phós sé Máire Ní hOibicín (Hopkins) 1967. Bhí siad i Sligeach go dtí 1972 agus ansin chuir siad fúthu sa Bhaile Ard, an Spidéal, Co. na Gaillimhe. Bhí seisear clainne orthu – Niamh, Fionnuala, Meadhbh, Rónán, Séamus agus Dara. D’éag sé ar 29 Eanáir 2012.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú