Bhí sé ar dhuine de na cumadóirí ba mhó cáil i saol na Gaeilge i rith na tréimhse 1930-60; sna deich mbliana tosaigh den Oireachtas b’fhéidir a rá gur phearsa lárnach é in imeachtaí ceoil na Féile. Shaothraigh sé mar chumadóir, mar ghléastóir, mar stiúrthóir, mar mholtóir, mar chraoltóir agus mar léirmheastóir; chum sé bailéanna, ceoldrámaí, ceol teagmhasach le haghaidh scannán agus drámaí, agus chóirigh ceol Gaelach i gcomhair uirlisí aonair agus ceolfhoirne agus córacha.

Deirtear de ghnáth gurbh i mbliain 1906 a rugadh é i nDún Dealgan. Dar leis an teastas breithe rugadh é ar 30 Meán Fómhair 1900. Bréag intuigthe ag an bhfirín baint dá aois agus é éirithe ceanúil ar an bhean álainn sin a bpósfadh sé í ar ball. Nuair a phós sé cuireadh sa taifead gurbh é Edward Joseph Gallagher a ainm, gurbh é Edward Gallagher (cé gur Gallacher é go minic), tógálaí, a athair (d’éag sé ar 5 Nollaig 1918), agus gur ag 82 Bóthar Marlboro, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí air. De réir threoirleabhar Thom ba í Mrs Elizabeth Gallagher tionónta an tí sin. An t-aon leanbh a rugadh i nDún Dealgan agus a bhfuil taifead a bhreithe ag teacht leis an eolas thuas is ea an Edward Joseph Gallagher a rugadh ar 30 Meán Fómhair 1900 ag Plás Roden agus arbh iad Edward Gallagher, pluiméir, agus Elizabeth Knott a thuismitheoirí. Bhí an teaghlach ann i 1901 agus is mar seo a bhí acu sa Daonáireamh: Edward Gallagher (28), pluiméir a rugadh in Albain; Lizzie (26), a bhean, a rugadh i gContae an Dúin; Sarah (2) a rugadh i mBéal Feirste; Edward (6 mhí). I 1911 bhí siad i Sráid Jocelyn i nDún Dealgan. Tógálaí ba ea an t-athair um an dtaca seo agus dúradh gurbh in Greenock a rugadh é. Cuireadh síos gurbh i nDún Pádraig a rugadh an mháthair. Sa teach freisin bhí Edward Joseph, Sarah, John J. (8), Alexander (6), Charles Anthony (4). Bhí an lánúin pósta le 12 bliain agus bhí cúigear beo den seisear a rugadh dóibh. Fuair Charles bás in aois fiche dó. Níor phós Sarah (Sally) agus ní raibh sliocht ar Alex ná Jack. Bhí ardspéis ag Sally agus Alex sa cheol agus ba chuimhin le Pat Loughrey, nia bhean chéile Alex, go scríobhadh Sally léirmheasanna ceoil in Irish Times faoi ainm pinn. Shíl Pat agus a dheartháir Frank gur ag na Bráithre Críostaí i nDún Dealgan a bhí Éamonn ar scoil agus b’fhéidir gur timpeall 1918, i ndiaidh bhás an athar, a d’aistrigh an teaghlach go Baile Átha Cliath.

Deirtear gur veidhleadóir maith a bhí san athair agus go raibh ceolfhoireann bheag aige uair. Pianadóir ba ea an mháthair (d’éag 20 Aibreán 1937). Murach bás an athar b’fhéidir go gcuirfí Éamonn chun na hollscoile. Ach meastar gur fhoghlaim sé cuid mhór ón gcomhluadar a thaithíodh sé. Bhíodh ailt aige in Ireland Today, iris aitheanta de chuid na 1930idí, agus bhí deis a labhartha aige riamh mar ba léir ar na cláir raidió a mbíodh sé páirteach iontu, an sraithchlár Spot the Talent go háirithe. Ina óige bhíodh sé ag canadh le córacha agus bhí ina phianadóir maith cheana féin. D’fhreastail sé ar Scoil Cheoil Laighean agus ar an gCeol-Acadamh Ríoga. Is iomaí bealach a bhí aige chun pinginí a shaothrú: sheinneadh sé an pianó gach Satharn d’Ambasadóir na Gearmáine, Dr Hempel, mar shampla.

Músclaíodh a spéis i gceol traidisiúnta na hÉireann. Thosaigh sé ag seinm sa cheolfhoireann agus sa chúigréad a bhí ag an gCeol-Chumann. Sheinneadh an cúigréad sin ar chláir Radio Éireann ó 1926 go 1949. Bhí ceol Gaelach a d’oirfeadh dóibh gann agus is ar an ábhar sin a thosaigh Éamonn ag gléasadh agus ag cóiriú ceolta. Chuir sé in oiriúint iad ina dhiaidh sin do Cheolfhoireann Éadrom Radio Éireann. Sna luath-thríochaidí bhí baint aige le Feis Átha Cliath agus théadh sé timpeall go dtí na feiseanna éagsúla mar mholtóir. Níl a fhios conas a d’fhoghlaim sé Gaeilge; bhí a dhóthain aige di chun teacht slán in aon chomhluadar nó in aon ghnó a bhí idir lámha aige; ag Oireachtas 1940 thug sé léacht i nGaeilge ar ‘An ceol Gaelach agus an lá atá inniu ann’ agus Domhnall Ó Corcora mar chathaoirleach aige. Ag an gcéad Oireachtas athbhunaithe i 1939 bhí sé ina bhall den choiste thar ceann an Cheol-Chumainn agus sheinn ‘Píosaí ó Phetrie’ ag an gceolchoirm. Bíonn a ainm le feiceáil go han-mhinic i dtorthaí na gcomórtas ceoil agus sna cláir, é ina mholtóir, ina stiúrthóir ar an gceolfhoireann, agus ina bhall d’fhochoiste an cheoil; bhí sé féin agus Mollie ag seinm ag Ceolchoirm Iubhaile an Oireachtais i 1947.

B’fhéidir a rá gurbh fhear amharclainne é. Go luath ina shaol bhíodh sé ag seinm an phianó i gcineamaí agus in amharclanna. Mar shampla bhíodh ocht gceoltóir déag ag seinm gach lá ó 3.00 p.m. go 11.00 p.m. sa Chapitol uair den saol agus Éamonn ina measc. Chaith sé tamall mar phianadóir sa bhuíon cheoil sa Ghaiety agus tamall ina stiúrthóir ceoil ann. Bhí sé i mbun an cheoil in Amharclann na Mainistreach i gcomharbacht ar Jack Larchet. Bhí spéis ar leith aige sna ‘damhas-drámaí’. Léiríodh cuid den chineál sin dár scríobh sé sa Ghaiety. Thosaigh sé ag cumadh a leithéidí i 1936 don Cheol-Chumann. Ar The Singer le Pádraig Mac Piarais a bhunaigh sé an chéad cheann. Aon cheann déag ar fad a scríobh sé, arbh é an ceann deiridh díobh Cathair Linn (Gaiety,1942). Fad dhá uair go leith a bhí ann: bhí rinceoirí aonair, corps de ballet, mímeoirí, cúpla soprán aonair, cór measctha agus ceolfhoireann páirteach ann. Cuimhnítear freisin ar Loisceadh na Teamhrach, ar mheascán de cheoldráma agus de ‘dhamhas-dráma’ é, ag Oireachtas 1943.

Thug an tOireachtas coimisiún dó chun ceoldrámaí a scríobh: Nocturne sa Chearnóig (25 Deireadh Fómhair 1944 sa Ghaiety), agus Trá na Taoide (21 Deireadh Fómhair 1945 i gColáiste na Carraige Duibhe. Ar an gcéad cheann díobh is mó a bhí iomrá; Tom Collins, eagarthóir an Dublin Opinion, a scríobh an leabhar agus ba iad an tAthair Aindrias Mac Aodhagáin agus Gearóid Mac Spealáin a d’aistrigh go Gaeilge é agus a rinne an eagarthóireacht. Is minic a chanadh sopráin amhrán as an gceoldráma sin, ‘Fé bhláthanna an earraigh’. Radio Éireann a choimisiúnaigh é i 1954 chun Íocshláinte an Ghrá a chumadh mar cheoldráma raidió. Péire eile dá dhéantús is ea An Mhaighdean mhara (1960); An Tinncéir agus an tSidheog (1963). Sna 1970idí deireanacha choimisiúnaigh Radio Telefís Éireann é chun leagan Béarla de Trá na Taoide a chur ar fáil ach níor léiríodh é.

Scríobhadh sé go háirithe i gcomhair córacha. Rinne sé portaireacht béil a chóiriú do Chór Cois Laoi i bhfad sula raibh caint ar Stimmung Stockhausen. Bhí sé ag teagasc córacha i mBaile Átha Cliath sna 1920idí agus sna 1930idí agus dhéanadh neart moltóireachta ag feiseanna. Bhí baint aige le scrúduithe ceoil na Roinne Oideachais ar feadh i bhfad.

Le linn dó a bheith ina stiúrthóir ceoil sa Gaiety phós sé Mollie Flynn, feadánaí, ar 12 Aibreán 1941 in Eaglais na Croise Naofa, Dún Droma. Iarsháirsint den D.M.P. agus fear a bhí deas ar an gclairnéid a sheinm ba ea a hathair; b’as an mBaile Gallda in aice le baile mór Ros Comáin dó; rinne sé foireann píbe dó féin agus bhí ina bhall de Chlub na bPíobairí. An tAthair John Flynn, deartháir le Mollie, a bhí i mbun an tsearmanais. Díséadaithe aitheanta ba ea an lánúin agus ba mhinic Éamonn ag tabhairt tionlacain pianó do Mhollie. Péintéir amaitéarach ba ea í agus bhunaigh sé Three Aquarelles, ceol le haghaidh ceolfhoirne, ar a cuid pictiúr. Bean an-dathúil ba ea í. Deireadh sé féin gurbh éigean dó dul sa scuaine fear a raibh súil acu ina diaidh. Fear beag ba ea é féin nár bhaol dó a áilleacht, mar a deirtear, ach bhí sé deisbhéalach slachtmhar agus thit sí i ngrá leis. Lánúin iad a dtugtaí faoi deara go háirithe orthu a thugthacht dá chéile a bhí siad. D’éag Mollie Flynn ar 7 Feabhra 1997.

I 1948 ba é an chéad stiúrthóir é, ar feadh bliana, ar Cheolfhoireann Éadrom Radio Éireann. I 1953 bhí sé ar dhuine de na cumadóirí a cuireadh ag staidéar ar bhailiúchán Choimisiún Béaloideasa Éireann féachaint cén earraíocht a d’fhéadfadh Radio Éireann a bhaint as; Seán Ó Súilleabháin, béaloideasóir, a bhí ina bhall de Chomhairle Radio Éireann, a mhol an scéim sin. Chaith Éamonn tamall ina Stiúrthóir Cúnta Ceoil sa stáisiún ach d’fhág an post toisc nár thaitin obair oifige ná riaracháin leis.

Bhí sé ina Stiúrthóir Ceoil in Amharclann na Mainistreach ar feadh tamaill fhada agus ba iad Mollie agus é féin na ceoltóirí a thaistil an Ghaeltacht leis an bhfoireann aisteoirí. Nuair a cuireadh deireadh le ceolfhoireann na Mainistreach, agus Éamonn imithe in aois, b’fhéidir a rá gur beag má bhí pingin curtha ar leataobh acu i gcomhair lá na coise tinne; chaitheadh siad go haerach a dtuilleadh siad. D’aistrigh siad as Bóthar Pembróc agus chuaigh chun cónaithe le deirfiúr Éamoinn, Sally, ag 9 Bóthar Kenilworth, ach d’ainneoin na caolchoda chaitheadh siad leath na bliana sa Spáinn agus san Iodáil. Fuair sé bás in Denia in aice le Alicante sa Spáinn 27 Nollaig 1982 agus tá sé curtha ann. Chan Cantairí RTÉ agus léigh na cumadóirí Gerard Victory agus John Kinsella paidreacha ag Aifreann speisialta in Eaglais Shliabh Arguis, Baile Átha Cliath.

Scríobhadh in ‘Tuarascáil’ (Irish Times 5 Eanáir 1983): ‘Bhí sé chun tosaigh ar an muintir a bhí ag iarraidh spreagadh úr agus samhlaíocht úr a thabhairt isteach sa saol Gaelach i ndeireadh na dtríochaidí. Bhí a ainm in airde in aimsir athbheochana an Oireachtais agus i 1939 ba eisean a bhí i mbun an léiriú ceoil agus an “damhas-dráma” in amharclann an Gaiety. . . . Ach ní féidir trácht ar Éamonn Ó Gallchobhair in éamais a chéile Mollie Flynn. Aon duine amháin agus aon ealaíontóir amháin dob ea an bheirt’. Scríobh Fanny Feehan, léirmheastóir ceoil, sa pháipéar céanna: ‘He showed a great flair for writing in the style of Pierné or Meyerbeer, and perhaps had too good an ear for his own good as well as being as cynical as one might wish. He arranged with such ease for Jack Doyle at the Theatre Royal in “Mother Machree”, or Pilib Ó Laoghaire’s Cór Cois Laoi that in a way he was taken for granted. . .’.

Tá a phríomhshaothar liostaithe ag Edgar Deale in A Catalogue of contemporary Irish composers, 2nd ed. 1973. Chum sé ceol do scannáin: The Islandman, The Stranger came, agus The rising of the moon (John Ford). In Clár Ceoil: catalóg den cheol atá foilsithe ag an Gúm ó thús go dtí 1995, 1995 tá breis is ochtó píosa liostaithe faoina ainm. Is dóigh gur chum sé go leor píosaí fánacha nach bhfuil liostaithe in áit ar bith. Mar shamplaí, an ceol a chuir sé le roscamhrán Ógra Éireann, ‘Céim ar chéim linn’, agus an ceol a chuir sé le dán Phádraig Uí Fhiaich, ‘Bóthar na Saoirse’, atá i gcló idir cheol agus fhocail i gclár Oireachtais 1945.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú