Scríobh sé Caitheamh na dTonn, 1934 faoin ainm pinn ‘Muirghein’. Rugadh é (Páidi Sheáin a’ Dubhaltaigh) i Machaire Chlochair, An Bun Beag, Co. Dhún na nGall, 27 Feabhra 1893. Ba dhuine é den deichniúr clainne a bhí ag Seán a’ Dubhaltaigh Ó Gallchobhair, fear a ghlac páirt i gCogadh na Talún sa dúiche sin, agus a bhean Fanny O’Donnell. Feirmeoir an cur síos atá ar a athair sa teastas breithe. Ó 1906 amach bhí sé i gColáiste Adhamhnáin agus chaith 1912–14 i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí sé ag teagasc ar an gCeathrú Ceanainn sula ndeachaigh sé go Gaoth Dobhair i 1923. Tamall sna Doirí Beaga ansin go dtí gur ceapadh ina phríomhoide é i Scoil na Luinní. Bhíodh sé ag teagasc i gColáiste Uladh.

Ceapadh ina chigire bunscoileanna é i 1930 agus chaith sé tréimhsí sa Chaisleán Riabhach, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. D’éag sé i mBaile Átha Cliath ar 10 Márta 1961 agus tá sé curtha i Machaire Gathláin. Bhí sé pósta le Mairéad Ní Fhearraigh óna cheantar féin agus bhí ceathrar iníonacha agus triúr mac acu. Bhí an dúspéis aige i stair Ghaoth Dobhair agus bhí sé ag bailiú eolais le linn dó bheith i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath agus é de rún aige leabhar a fhoilsiú.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú