Le hobair aistriúcháin a chaith an scríbhneoir seo a dhúthracht. I gClais na Gainimhe, míle taobh thuaidh de bhaile poist Chonaithe i gceantar Mhala, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 14 Aibreán 1894. Feirmeoir ba ea a athair Pádraig ach cheannaigh sé teach tábhairne nó óstán i gConaithe. B’as Conaithe féin dá mháthair Margaret Higgins. Tar éis bunoideachais sa sráidbhaile chuaigh sé go Coláiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí. Le linn dó a bheith i Maigh Nuad bhí sé ar dhuine den triúr comhalta de Chuallacht Cholm Cille a sholáthair Gadaí géar na geamhoíche i 1915. Bhí cúpla aiste aige in Irisleabhar Mhaigh Nuad i 1915-17. I ndiaidh a oirnithe rinne sé cúrsa le haghaidh MA sa Choláiste Ollscoile, Gaillimh, agus fuair onóracha den chéad ghrád. Chaith sé na blianta 1920-34 ina ollamh i gColáiste Cholmáin ag múineadh Gaeilge agus Matamaitice. Bhí sé ina churáideach i gCill na Mallach 1934-47 agus chaith na blianta 1947 go 1949 i mBaile Mhac Óda. Ceapadh é ansin ina shagart paróiste i gCill na Martra ach d’aistrigh go paróiste Bhaile Mhac Óda agus Dhroichead na Scuab i 1953. D’éirigh sé as obair i 1980 agus d’éag 17 Bealtaine 1982. Tá sé curtha i Reilig Mhac Coille.

D’aistrigh sé: Críost an Uile (Christ is all le Rev. John Carr); Teacht Chúchulainn (The Coming of Cuchullain le Standish O’Grady); Scéal an Bhíobla le pictiúirí. An Tiomna Nua, 1933 (leabhar le Rev. I. Schuster); Amhránaidhe Breathnach, 1932 (A Welsh Singer le Allan Raine); Midwinter, 1937 (John Buchan); Muiris Ó hAirt (Maurice Harte le T. C. Murray). Deir Micheál Ó Domhnaill (Iolscoil na Mumhan. . . : geárr-stair, [1987]) go raibh sé ar fhoireann teagaisc samhraidh Choláiste na Rinne ó 1924 go 1933, agus ina scairshealbhóir ó 1916 i leith.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú