Ba dhuine é den bheagán scríbhneoirí Gaeilge arbh i gCathair Luimnigh a saolaíodh iad. Ag 4 Ardán Mhic Conmara i Luimneach a rugadh é ar 16 Meitheamh 1904. Francis Gerard a baisteadh air. Úmadóir ó Mhainistir Uaithne in oirthear an chontae ba ea a athair Micheál Spencer agus ba í Ellen Corbett a mháthair. Ba é an duine ab óige d'ochtar clainne é. Fuair an t-athair bás nuair a bhí sé an-óg agus d’aistrigh an teaghlach go Mount Saint Vincent Terrace. I nDaonáireamh 1911 bhí sa teach ann: Ellen Spencer, baintreach (47), Mary (21), John (19), Thomas (15), Cecilia (12), Eileen (10), Annie (8), Gerard (6). Ag Annie agus John amháin a bhí Gaeilge. Ochtar leanaí a rugadh don lánúin agus bhí seachtar díobh beo.

Fuair Gearóid a chuid meánoideachais ó na Bráithre Críostaí i Sráid Uí Sheasnáin. D’éirigh leis an chéad áit in Éirinn a ghnóthú san Ard-Teistiméireacht agus rinne cúrsa BA sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Dubhghlas de hÍde a bhí mar ollamh aige. Ghnóthaigh sé céim mháistir. Tar éis dó a bheith ina mhúinteoir i bPlás Naomh Micheál, Luimneach, ó Mhárta 1926 go Meitheamh 1926, agus in Institiúid Teicniúil na Cathrach, Luimneach, ó Mheán Fómhair 1926 go Meán Fómhair 1930, ceapadh é ina chigire bunscoileanna den Dara Grád ar 1 Deireadh Fómhair 1930. D’éirigh sé as an bpost sin de dheasca drochshláinte ar 14 Meán Fómhair 1937, dar leis an Roinn Oideachais. Toisc gnéithe den chóras oideachais nach raibh ag réiteach leis a d’éirigh sé as, dar le Risteard Mac Siacuis in Idir tuile ’gus trá, 1988. É féin agus an tAthair Aindrias Mac Aodhagáin a bhí ina gcomheagarthóirí ar an gceoldráma Nocturne sa chearnóg le hÉamonn Ó Gallchobhair. Bhí radharc na súl ag teip air ach in ainneoin daille d’fhaigheadh sé poist múinteoireachta in Áras Íde agus i gColáiste Bhréanainn.

D’aistrigh sé: Rang Leabhar de Stair na hÉirinn I-V, 1936 (ar théacsleabhar le James Carty an bunleabhar); Drámaidheacht in Inis, 1944 (Drama at Inish le Lennox Robinson); Poitín, 1944 (dráma le Arthur Hopkins); Bean an Phaoraigh, 1944 (Mrs Adis, dráma le J. Hampden agus Sheila Kaye-Smith); na húrscéalta An Leaca Bhán, 1946 (The Lights of Leaca Bán le Alice M. Cashel) agus Nuala, 1954 (L. Mac Manus); téacsleabhar le H. M. Lancaster, Obair níocháin, 1958; ficsean do pháistí Eachtra Eithne na hInse, 1959 (Fiddler’s Quest le Patricia Lynch). Bunleabhair is ea Cúiteamh Dé, dráma [g.d.]; An maide beárnan, [g.d.], dráma; Idir chaithréim na cathrach, 1952, gearrscéalta; Cáirde na hÉigne, 1953, úrscéal. Scríobh sé freisin: An Bháirseach Mná, 1942; An Leigheas, 1942. Ach is iad a leabhair staire is mó a aithnítear: Cathair Luimnighe I, 1948; Cathair Luimnighe II, 1950; Uí Cairbre Aobdha, 1960; Stair Aos Trí Muighe, 1967. Foilsíodh Ar Chamachuaird laisteas den tSionainn—stair áitiúil Cuid 1, 1965. Bhí sé ag obair ar chuid a dó i gColáiste Bhréanainn i mBaile an Bhuinneánaigh nuair a theip ar a shláinte. ‘Our greatest authority on Limerick placenames’, a thug Mainchín Seoighe air agus dúirt freisin gur scríobh sé mórchuid alt faoin ainm pinn ‘Mac Casnaidh’. D’éag sé in Ospidéal Thrá Lí ar 16 Lúnasa 1975 agus cuireadh é i reilig Mt Lawrence, Luimneach. Níor phós sé.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú