Faoin ainm ‘L. McManus’ scríobh sí cuid de na húrscéalta rómánsúla is mó a raibh tóir orthu in Éirinn i dtús an chéid, ina measc Lally of the Brigade, 1899, In Sarsfield’s Days, 1906 agus The Professor in Erin, 1918. ‘Always a staunch nationalist, her writings have helped the country’s cause for more than two generations’, a dúirt M.J. McManus in Scéala Éireann 6 Deireadh Fómhair 1944.

I dTeach Chill Liadáin i gCoillte Mach, Co. Mhaigh Eo, a rugadh í. Ba í an tríú duine í d’iníonacha James agus Elvira McManus. Bhí dílseacht ar leith ag an lánúin sin do Impireacht na Breataine agus faoin am a thosaigh Charlotte ag scríobh bhí, dar léi féin, meoin Sacsanach aici. Na trí húrscéalta stairiúla a scríobh sí sna blianta 1886–94 bhain siad le stair Shasana. I Sasana a bhí cónaí uirthi.

I leabharlann i Worthing tháinig sí lá ar phéire leabhar leis an staraí eaglasta George Stokes (1843–98), Ireland and the Celtic church, 1886 agus Ireland and the Anglo-Norman church, 1888. D’athraigh siad a saol. ‘I went up [chuig an leabharlann] with that outlook and those thoughts on Ireland and Irish affairs that my training and education and all the influences that had moulded my life up till then had made me think was the right and loyal outlook—not to her but to another nation, the greatest, the most magnificent, the freest, the most beneficent empire in the world... the British empire’. Is ansin a thosaigh sí ar gach leabhar a bhain le stair na hÉireann a léamh. Chuaigh leabhair Standish James O’Grady go háirithe i gcion uirthi. Bhí úrscéal scríofa aici agus ba é an Fíníneach an bithiúnach ann. Chuir sí tine leis. Dúirt P.S. Ó hÉigeartaigh faoinar scríobh sí ina dhiaidh sin: ‘Thenceforward she wrote Irish historical novels of considerable merit and fidelity to the times, novels which are plainly romances but are amongst the best written of Irish novels of their type’ (The Dublin Magazine, Jan-Mar. 1945). Sa leabharliosta gairid a sholáthraigh sé tá péire a bhaineann le Cromail in Éirinn, The Silk of the Kine, 1896 agus Nessa, 1903. D’aistrigh Gearóid Mac Speatáin ’a húrscéal Nuala, 1908 go Gaeilge i 1954. ‘It might be worth noting as well as Lil Mac Manus’s 1908 novel Nuala, translated into Irish by Gearóid Mac Spealáin in the 1950’s, at least one of her short stories, “In quest of Paradise”, was put into Irish as early as 1906, such translation being at the time a sure sign of Gaelic acceptance of an Anglo-Irish writer’ (Philip O’Leary, Irish Literary Supplement, earrach 1996). Cnuasach gearrscéal is ea Within the Four Seas of Fola, 1922. Foilsíodh freisin dráma léi, O’Donnell’s Cross, 1902. Léirigh an National Players' Society é um Shamhain 1907.

Thug Eleanor Hull isteach san Irish Literary Society í. Múineadh di ina hóige gan aon mheas a bheith aici ar an nGaeilge a bhí á labhairt timpeall uirthi. Casadh uirthi i mbaile Worthing bean a chuir de ghlanmheabhair píosa d’amhrán a chum Raiftearaí nuair a chuala sí á rá é ar bhus tralaí i Nua-Eabhrac. D’éirigh le Charlotte cúpla véarsa a bhreacadh ina litriú foghraíochta féin. Chuir sí abhaile go Coillte Mach é chuig seanduine. Thady Conlon, a raibh léamh na Gaeilge aige agus chuir seisean focail an amhráin chuici chomh maith le haistriúchán.

D’fhill sí ar Chontae Mhaigh Eo in 1897. Thug Micheál Ó Dochartaigh, máistir scoile Choillte Mach, leabhair Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge di agus thugadh Thady Conlon ceachtanna di. I gcomhar leis an Athair Donncha Ó hEára bhunaigh sí Craobh Choillte Mach de Chonradh na Gaeilge agus bhí ina leasuachtarán. Ba í an dara craobh sa chontae í. Bhí baint aici freisin le bunú craobhacha i gCaisleán an Bharraigh agus i mBéal Easa. Tá na hóráidí a thug sí sa dá áit tuairiscithe in An Claidheamh Soluis ar 6 agus ar 27 Bealtaine 1899. Ba í a bhí ina cathaoirleach ar an gcruinniú ag ar bunaíodh díorma de na hÓglaigh i gCoillte Mach i 1914. Is léiriú ar a caidreamh le Conraitheoirí a linne agus ar a taithí ar an ngluaiseacht náisiúnta an chéad chuid dá cuimhní cinn, White light and flame: memories of the Irish Literary revival and of the Anglo-Irish war, 1929. Scríobh sí cúig chaibidil de The Story of the Irish Race: a popular history of Ireland by Séamus McManus assisted by several Irish scholars, 1921.

D’éag sí i gCoillte Mach ar 5 Deireadh Fómhair 1944. Nia léi an Dermot McManus a scríobh leabhar faoi na sióga, The middle kingdom, 1959, agus deirfiúr léi an Emily McManus a bhí ina matrún cáiliúil in ospidéal Guys i Londain. Bhí litir ó Charlotte i gcló in An Claidheamh Soluis 24 Meitheamh 1911 i dtaobh bhás a dearthár an Dr Leonard Strong McManus. Dúirt sí gurbh eisean agus an Dr Connolly Moon a chuir faoi deara don Chomhairle Ginearálta Leighis an Ghaeilge a aithint mar nuatheanga ag mic léinn leighis.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú