Bhí sé ar dhuine de dhíograiseoirí fuinniúla Chonradh na Gaeilge i gCúige Mumhan. ‘Duine den chosmhuintir tuaithe’ a thugadh sé air féin. Fear é ar bhain a dhearcadh áirithe ar an saol leis an gcéad leath den fhichiú haois agus ar dheacair dó foighneamh leis na claochlaithe saoil sa dara leath; shíl sé, mar shampla, an iomarca den ‘bhréagliobrálachas’ a bheith sa pháipéar Anois. In Idir Tuile ’gus Trá, 1988 tugann sé cuntas fada ar ar chuir sé i gcrích ina dhúiche féin. I bhFaing, Co. Luimnigh, a rugadh é ar 21 Nollaig 1912. Ba é an dara mac é ag Pádraig Mac Siacuis, saor cloiche, agus Bríd Mhig Fhloinn. Ceardchumannach tréan i bhFaing ba ea Pádraig agus bhí sé ina rúnaí tamall ar an gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge; ceapadh é ina ghiúistís i gcúirteanna Shinn Féin agus chaith sé cúpla tréimhse i bpríosún. Bunmhúinteoir i gCathair Luimnigh an mháthair; ball d’Iníní na hÉireann í agus baint aici le gluaiseacht na teanga sa chathair. Deir Risteard gur tugadh an bóthar di i ngeall ar a gníomhartha agus gur thug Máire Spring Rice post di i mbunscoil Fhainge. Bhí Risteard sa bhunscoil sin ó 1916 go 1928 agus chaith trí bliana i rang a hocht. Thug scoláireacht é go Coláiste Uí Chomhraí, Carraig an Chabhaltaigh, ar feadh míosa i 1927. Fuair sé post mar chléireach sóisearach i gcomhlacht Tedcastle McCormick, iompórtálaí guail, an bhliain dár gcionn. Toghadh é ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge i 1931 agus, tharla é ag obair dá chomhlacht i Luimneach i 1932, ceapadh é ina rúnaí ar Chraobh Luimnigh agus ar Fheis Thuamhumhan. Cheap Tedcastle ina bhainisteoir é ar a n-oifig i bhFaing i 1933. Bhí baint mhór aige le Coiste na bPáistí sa chontae i rith na 1930idí. Chaitheadh sé saoire an tsamhraidh i gceantar an Spidéil agus phós Bríd Ní Chúláin i séipéal an Chnoic ar 23 Deireadh Fómhair 1939; bhí beirt mhac agus ceathrar iníonacha acu.

Tar éis dó dul faoi scrúdú glacadh i 1940 lena iarratas ar áit i gcúrsa oiliúna d’ábhar timirí Gaeilge i scoileanna na gCoistí Gairmoideachais. Cúrsa sé mhí sa cheardscoil, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath, faoi Phroinnsias (‘Pronnséas’) Ó Súilleabháin agus Aindrias Ó Muimhneacháin a bhí ann. Cháiligh sé agus fuair post ag múineadh ranganna oíche i gCaisleán Ó gConaing, Athán, Mainistir na hUaithne agus Gleann Státhail. D’éirigh leis an Teastas Timire Gaeilge a bhaint amach i ndiaidh cúrsa míosa san Aird Mhór i 1942 agus fuair post lánaimseartha i gCeardscoil Sheanaghualann, Co. Luimnigh. Ceapadh é ina ardmháistir ar an scoil sin i 1951. Bhí spéis ar leith aige sa drámaíocht agus thugadh sé complacht aisteoirí go comórtais agus féiltí. Ba mhinic é ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus de choiste Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i rith an ama seo; bhí sé ar dhuine de na hiarrthóirí a sheas d’uachtaránacht an Chonartha i 1965.

Nuair a bhí seanóstán an Monteagle Arms i bhFaing le díol cheannaigh Coiste Contae an Chonartha é i 1954 chun ranganna bunscoile agus coláiste samhraidh a reáchtáil. Áras Íde a tugadh air. Risteard a toghadh mar rúnaí ar an gcoiste eagraíochta. Rinneadh Comharchumann Íde Naofa den choiste sin ar ball; d’fhoilsigh siad trí leabhar: Ar Chamachuaird laisteas den tSionainn, 1965 le Gearóid Mac Spealáin, fear a mhúineadh ranganna sa choláiste; Cluichí do gach ócáid le Pádraig Mac Cathailrí, múinteoir sa choláiste; agus, gan amhras, Idir Tuile ’gus Trá, 1988. Faoi 1961 ba é Risteard rúnaí agus bainisteoir an Chomharchumainn, é ar saoire óna phost múinteora. Bhí seanstáisiún Marconi míle amach ó Bhaile an Bhuinneánaigh, Co. Chiarraí, ceannaithe acu agus tús curtha acu le coláiste samhraidh ann, Coláiste Bhréanainn. Toghadh Risteard ina stiúrthóir in Éirinn ar an bhForas Cultúir Gael-Mheiriceánach agus is air a thit sé cúram a dhéanamh de na cúrsaí sa choláiste do mhic léinn ó Mheiriceá. I 1969 chuir an comharchumann óstán agus seailéanna á dtógail i nDún an Óir, Baile an Fheirtéaraigh. Ach dhíol siad a gcuid scaireanna le Gaeltarra Éireann i 1974; ba mhian le Gaeltarra gnáthchuairteoirí a mhealladh le saoire a chaitheamh ann agus nach ar an nGaeilge a bheadh an bhéim feasta. Díoladh Áras Íde le Bord Chuan Fhainge i 1978, rud a chuir ar chumas don Chomharchumainn a thuilleadh forbartha a dhéanamh ar Choláiste Bhréanainn. Cuireadh tús an bhliain chéanna sin le Clann Íde, gluaiseacht d’iardhaltaí na gcúrsaí samhraidh. D’éag Risteard ar 7 Nollaig 1989.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú