MAC SIACUIS, Risteard (1912-1989) Risteard MAC SIACUIS 1912 1989 Faing, Co. Luimnigh M scríbhneoir timire Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí sé ar dhuine de dhíograiseoirí fuinniúla Chonradh na Gaeilge i gCúige Mumhan. ‘Duine den chosmhuintir tuaithe’ a thugadh sé air féin. Fear é ar bhain a dhearcadh áirithe ar an saol leis an gcéad leath den fhichiú haois agus ar dheacair dó foighneamh leis na claochlaithe saoil sa dara leath; shíl sé, mar shampla, an iomarca den ‘bhréagliobrálachas’ a bheith sa pháipéar Anois. In Idir Tuile ’gus Trá, 1988 tugann sé cuntas fada ar ar chuir sé i gcrích ina dhúiche féin. I bhFaing, Co. Luimnigh, a rugadh é ar 21 Nollaig 1912. Ba é an dara mac é ag Pádraig Mac Siacuis, saor cloiche, agus Bríd Mhig Fhloinn. Ceardchumannach tréan i bhFaing ba ea Pádraig agus bhí sé ina rúnaí tamall ar an gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge; ceapadh é ina ghiúistís i gcúirteanna Shinn Féin agus chaith sé cúpla tréimhse i bpríosún. Bunmhúinteoir i gCathair Luimnigh an mháthair; ball d’Iníní na hÉireann í agus baint aici le gluaiseacht na teanga sa chathair. Deir Risteard gur tugadh an bóthar di i ngeall ar a gníomhartha agus gur thug Máire Spring Rice[B4] post di i mbunscoil Fhainge. Bhí Risteard sa bhunscoil sin ó 1916 go 1928 agus chaith trí bliana i rang a hocht. Thug scoláireacht é go Coláiste Uí Chomhraí, Carraig an Chabhaltaigh, ar feadh míosa i 1927. Fuair sé post mar chléireach sóisearach i gcomhlacht Tedcastle McCormick, iompórtálaí guail, an bhliain dár gcionn. Toghadh é ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge i 1931 agus, tharla é ag obair dá chomhlacht i Luimneach i 1932, ceapadh é ina rúnaí ar Chraobh Luimnigh agus ar Fheis Thuamhumhan. Cheap Tedcastle ina bhainisteoir é ar a n-oifig i bhFaing i 1933. Bhí baint mhór aige le Coiste na bPáistí sa chontae i rith na 1930idí. Chaitheadh sé saoire an tsamhraidh i gceantar an Spidéil agus phós Bríd Ní Chúláin i séipéal an Chnoic ar 23 Deireadh Fómhair 1939; bhí beirt mhac agus ceathrar iníonacha acu.

Tar éis dó dul faoi scrúdú glacadh i 1940 lena iarratas ar áit i gcúrsa oiliúna d’ábhar timirí Gaeilge i scoileanna na gCoistí Gairmoideachais. Cúrsa sé mhí sa cheardscoil, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath, faoi Phroinnsias (‘Pronnséas’) Ó Súilleabháin[B4] agus Aindrias Ó Muimhneacháin[q.v.] a bhí ann. Cháiligh sé agus fuair post ag múineadh ranganna oíche i gCaisleán Ó gConaing, Athán, Mainistir na hUaithne agus Gleann Státhail. D’éirigh leis an Teastas Timire Gaeilge a bhaint amach i ndiaidh cúrsa míosa san Aird Mhór i 1942 agus fuair post lánaimseartha i gCeardscoil Sheanaghualann, Co. Luimnigh. Ceapadh é ina ardmháistir ar an scoil sin i 1951. Bhí spéis ar leith aige sa drámaíocht agus thugadh sé complacht aisteoirí go comórtais agus féiltí. Ba mhinic é ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge agus de choiste Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i rith an ama seo; bhí sé ar dhuine de na hiarrthóirí a sheas d’uachtaránacht an Chonartha i 1965.

Nuair a bhí seanóstán an Monteagle Arms i bhFaing le díol cheannaigh Coiste Contae an Chonartha é i 1954 chun ranganna bunscoile agus coláiste samhraidh a reáchtáil. Áras Íde a tugadh air. Risteard a toghadh mar rúnaí ar an gcoiste eagraíochta. Rinneadh Comharchumann Íde Naofa den choiste sin ar ball; d’fhoilsigh siad trí leabhar: Ar Chamachuaird laisteas den tSionainn, 1965 le Gearóid Mac Spealáin[B5], fear a mhúineadh ranganna sa choláiste; Cluichí do gach ócáid le Pádraig Mac Cathailrí, múinteoir sa choláiste; agus, gan amhras, Idir Tuile ’gus Trá, 1988. Faoi 1961 ba é Risteard rúnaí agus bainisteoir an Chomharchumainn, é ar saoire óna phost múinteora. Bhí seanstáisiún Marconi míle amach ó Bhaile an Bhuinneánaigh, Co. Chiarraí, ceannaithe acu agus tús curtha acu le coláiste samhraidh ann, Coláiste Bhréanainn. Toghadh Risteard ina stiúrthóir in Éirinn ar an bhForas Cultúir Gael-Mheiriceánach agus is air a thit sé cúram a dhéanamh de na cúrsaí sa choláiste do mhic léinn ó Mheiriceá. I 1969 chuir an comharchumann óstán agus seailéanna á dtógail i nDún an Óir, Baile an Fheirtéaraigh. Ach dhíol siad a gcuid scaireanna le Gaeltarra Éireann i 1974; ba mhian le Gaeltarra gnáthchuairteoirí a mhealladh le saoire a chaitheamh ann agus nach ar an nGaeilge a bheadh an bhéim feasta. Díoladh Áras Íde le Bord Chuan Fhainge i 1978, rud a chuir ar chumas don Chomharchumainn a thuilleadh forbartha a dhéanamh ar Choláiste Bhréanainn. Cuireadh tús an bhliain chéanna sin le Clann Íde, gluaiseacht d’iardhaltaí na gcúrsaí samhraidh. D’éag Risteard ar 7 Nollaig 1989.