I gCill Choill Eachra i bparóiste Luachma, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é 7 Márta 1900. Ba iad a thuismitheoirí Patrick Egan, feirmeoir, agus Mary Ryan. Is mar seo a bhí an teaghlach i nDaonáireamh 1901: Patrick Egan (45) feirmeoir; Mary (40), a bhean; Michael (4); John (2); Andrew (1). Faoi 1911 is mar seo a bhí siad: Patrick (60); Mary (55) ; Michael (14); John (12); Andrew (11). Ní luaitear an Ghaeilge. Chuaigh Aindrias isteach i Scoil Shóisearach Charraig an Tobair 3 Meán Fómhair 1914 agus fuair sútán Aithreacha an Spioraid Naoimh 10 Bealtaine 1916. I 1917 bronnadh bonn airgid air i ngeall ar a fheabhas a d’éirigh leis sa Ghaeilge i scrúduithe an Ghráid Shinsearaigh. Chaith sé 1917-20 ag múineadh (‘Prefecting’) i gCarraig an Tobair. Timpeall na tréimhse sin chabhraíodh sé leis na múinteoirí sinsearacha chun scoil samhraidh Ghaeilge a reáchtáil. Oirníodh é ar 19 Meitheamh 1927 i gColáiste na Naomh Uile, Baile Átha Cliath. Ghnóthaigh sé BA le dara honóracha san fhealsúnacht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ba é an chéad reachtaire ar Chumann Liteartha na Gaeilge é. Go ceann bliana bhí sé ina ollamh i gColáiste Charraig an Tobair agus ina Dhéan Disciplín i 1929-33. Chaith sé an tréimhse fhada 1934-49 i Coláiste na Carraige Duibhe, tamaill ina ollamh, tamall ina Dhéan Staidéir, agus tamall ina Leasuachtarán. Ó Mheitheamh 1949 go dtí 1955 bhí sé ina Uachtarán ar Choláiste Charraig an Tobair. Faoi 1955 bhí sé ar ais sa Charraig Dhubh.

Bhí sé an-ghníomhach i ngluaiseacht na teanga sna 1940idí agus sna 1950idí. Bhí sé ar dhuine de na chéad bhaill i gCumann na Sagart agus ina uachtarán orthu ar feadh deich mbliana. Toghadh é ina chathaoirleach ar an Oireachtas dhá uair. Bhí sé ina leasuachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar feadh i bhfad agus ina chathaoirleach ar an gCoiste Oideachais acu. I 1950 thogh céimithe an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, é mar ionadaí acu ar Bhord Stiúrtha an choláiste. Dúradh in Comhar, Nollaig 1955 faoi féin agus faoi Phádraig Ó Siochfhradha: ‘Ba é a dtoghadh ba chúis mar shampla le leaganacha Gaeilge a bheith ar fáil sna scrúduithe iontrála d’iarrthóirí a dhein a gcúrsa scolaíochta trí Ghaeilge’. Bhí sé ina chathaoirleach ar Bhord na Leabhar Gaeilge agus bhí baint aige leis an gClub Leabhar. Dúradh in Blackrock College Annual 1971 go raibh sé ina bhall de choiste a chuireadh comhairle ar an nGúm. Scríobh Máirín Ní Mhuiríosa in Inniu 11 Feabhra 1971: ‘Is maith a bhí ómós tuillte aige ó lucht na Gaeilge as a ndearna sé ar son na teanga lena linn. Chaith sé a shaol ag saothrú in eagraíochtaí agus i gcumainn éagsúla a raibh de chuspóir acu teanga agus saíocht a chur chun cinn agus ba luachmhar an obair a rinne sé iontu go léir. Is mar chathaoirleach ar Bhord na Leabhar Gaeilge, ámh, is fearr a bhí aithne agamsa air agus má tá feabhas tagtha ar chúrsaí foilsitheoireachta agus scríbhneoireachta le fiche bliain anuas de bharr na scéime sin, is dósan atá a lán den chreidiúnt ag dul. . . . Bhí dúil aige sa litríocht i dteangacha eile agus a fhios aige, dá bhrí sin, a riachtanaí a bhí sé litríocht fhónta a bheith ar fáil sa Ghaeilge. Sin é an fáth a raibh bá chomh mór sin aige le cuspóirí na bhfoilsitheoirí agus tuiscint aige sna fadhbanna a bhí acu. Thuig sé freisin a thábhachtaí a bhí na scríbhneoirí agus is ar mhaithe leis an dá dhream sin go speisialta a shaothraigh sé ar Bhord na Leabhar Gaeilge’.

Bhí spéis éigin aige sa cheoldrámaíocht. Chuir sé tús le traidisiún ‘Gilbert and Sullivan’ i gCarraig an Tobair agus ba é a d’aistrigh ceoldrámaí Éamoinn Uí Ghallchobhair go Gaeilge. Bhí sé ina chaptaen tamall ar Chlub Gailf Elm Park. Chaitheadh sé a laethanta saoire mar locum ag sagairt paróiste i gceantair tuaithe na Fraince. ‘He loved to meet and deal with people, and the change to French and French ways was an additional attraction for him. We think he saw something in the French farmers and villagers which made him think of Tipperarymen’ (Blackrock College Annual 1971). Dúradh freisin sa bhliainiris sin: ‘Many of his former students here will recall his command of Irish both in class and in debating societies and in the pulpit. He spoke in a flowing and intelligible style with a lack of anything that appeared artificial in tones or language. And he had conviction. You had little doubt that he had a message. It was part of his power of concentration that in public speech and even in ordinary conversation it was clear that he meant what he said...’. Ó 1965 amach bhí sé tinn agus d’éag sé 1 Feabhra 1971.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú