Mac dearthár é leis an Dr Risteard de Hindeberg. I bPort Lách a rugadh é 1 Nollaig 1912. Seán ab ainm dá athair agus ba í Catherine Murphy a mháthair. Tar éis scolaíochta i gColáiste na Rinne agus i Waterpark College, Port Láirge, chuaigh sé isteach i gCumann Íosa 3 Meán Fómhair 1930 agus ghlac móideanna 4 Meán Fómhair 1932. In Ioma, Co. Laoise, a chaith sé an dá bhliain nóibhíseachta sin agus chaith an tréimhse 1932-6 i Ráth Fearnáin agus ag freastal ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Fuair sé céim mháistir le hardonóracha sa léann Ceilteach agus i 1942 fuair dochtúireacht le tráchtas ar ‘Orthaí na hÉireann agus a stair nó Paidreacha na ndaoine’. Chaith sé 1936-7 ag múineadh i gColáiste Belvedere agus fuair an H.Dip. in Ed. Chuaigh sé ag staidéar ar fhealsúnacht chuig Íosánaigh na Fraince in Oileán Geirsí i 1937 ach chuir an cogadh isteach air sin agus chaith sé an bhliain deiridh sa Tulaigh Bheag, Raithean, Uíbh Fhailí. Sa tréimhse 1940-43 bhí sé ag múineadh i gColáiste Iognáid i nGaillimh, é ag freastal ar Choláiste Ollscoile na Gaillimhe agus ag cur a thráchtais dochtúra le chéile i rith an ama. Ar feadh na tréimhse 1943-47 bhí sé ag gabháil don diagacht i bPáirc Bhaile an Mhuilinn, Baile Átha Cliath, agus rinneadh sagart de 31 Iúil 1946. Ó 1948 go 1956 bhí sé ag múineadh Gaeilge i mbunscoil Choláiste an Chroí Naofa, Luimneach. Bhí sé i gCaisleán Ráth Fearnáin ag scríobh agus ag gabháil don Ghaeilge gur éag ann 7 Deireadh Fómhair 1982.

Bhí sé ina chathaoirleach/uachtarán ar choiste stiúrtha Mheánscoil na Rinne agus ó 1954-1973 bhíodh sé páirteach i gcúrsaí samhraidh Choláiste na Rinne. Deir Micheál Ó Domhnaill in Coláiste na Rinne. Gearr-Stair: Iolscoil na Mumhan, [1987] gur oibrigh sé go díocasach chun an mheánscoil a bhunú i 1959.

I ndiaidh a bháis scríobh an tAthair Diarmuid Ó Laoghaire in An Timire: ‘Is beag duine in Éirinn nó lasmuigh di ba mhó eolas ná Piaras ar an nGaeilge agus ar nádúr na teanga. . . Bhailigh sé agus spíon agus chíor Gaeilge as na céadta leabhar agus as gach aois agus Gaeltacht, agus é ar thóir dhúchas na Gaeilge. Léiríodh sé ina chuid cainte féin saibhreas agus éagoitinne na teanga. . . Chaitheadh sé an-dúthracht lena scríobhadh sé. . . An cúram sin nó an róchúram sin a d’fhág nár fhoilsigh sé ach an beagán. . . D’fhoghlaim sé an Danmhargais d’fhonn leabhar amháin a bhain leis an ábhar sin [na paidreacha dúchais] a léamh. Agus dála an scéil bhí sé oilte ar theangacha eile mar an Bhreatnais, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Ghréigis etc.’

San iris chéanna scríobh Diarmuid Ó hAirt: ‘Tobar dochuimsithe eolais ba ea an tAthair Piaras ar theanga ár sinsear, agus go háirithe ar chanúint na nDéise. Bhí pearsantacht thámáilte aige, beagnach giorraisc a mheasfadh daoine ar uairibh, ach bhí sé chomh fíor agus chomh hionraic de dhuine is a casadh riamh orm. . . B’fhuath le Piaras an cur i gcéill agus an bhéalchráifeacht i leith na teanga. Ba mhinic ag cásamh é nár fhostaigh an Rialtas ach bailitheoir amháin béaloidis i gContae Phort Láirge agus nach raibh sé sin ann ach ar feadh bliain go leith sna 1930idí. . . Cúis mhór ionadh do chuid mhaith daoine na mílte slipíní páipéir a bhí bailithe ag an Athair Piaras le blianta anuas; iad go léir breac le habairtí agus focail Ghaeilge a thóg sé síos ó sheandaoine sa Ghaeltacht. Bhronn sé ormsa carn mór de na slipíní sin chun cuid den bhunábhar a sholáthar dom le haghaidh tráchtais atá á scríobh agam ar Ghaeilge na nDéise. Tá an t-ábhar sin ag baint le hoibriú na haigne agus leis na slite a bhí ag na Gaeil chun smaointe a n-aigne a chur in iúl. Bhí sé sin i bhfad níos tábhachtaí ná téarmaí, dar leis, mar is ansin atá an “meon Gaelach” léirithe ina cheart’. Is ar nótaí an Athar Piaras a bhunaigh Ó hAirt Díolaim Dhéiseach (Deascán Foclóireachta 7), 1988 (Acadamh Ríoga na hÉireann): ‘Murach a dhúthracht ag bailiú is a fhéile ag bronnadh an ábhair orm ní bheadh an leabhar ann’. Bíonn leas á bhaint as a shaothar san Acadamh Ríoga chun Foclóir na Nua-Ghaeilge a chur ar fáil.

Tugann an tAthair Ó Laoghaire an t-eolas seo ina thaobh: gur chuir sé eagar ar sheanmóirí an Athar de Bhál, sagart paróiste an tSráidbhaile, Port Láirge, i dtús an 19ú haois, ach nár fhoilsigh é toisc nach bhféadfadh sé na tagairtí go léir do chúrsaí na linne a rianadh. Crannóg an Athar de Bhál an teideal a bheadh air. Níor foilsíodh ach an oiread an cnuasach mór seanchais agus paidreacha a bhailigh sé ó Bhean de Brae, seanbhean ó in aice le Cnoc Mheilearaí. ‘B’fhuath leis éirí in airde agus cur i gcéill, seoinínteacht agus teaspach gan dúchas, mar a déarfá. . . Bhíodh sé giorraisc, uaireanta de bharr cúthaile, uaireanta de bharr míthuisceana nó de bharr míthaitneamh a thabhairt do dhaoine gur bheag orthu na nithe ba mhór aige féin mar Éire agus Gaelachas—an gens incuriosa suorum’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú