Ar chorrmhéiniúlacht chaithfí é a áireamh mar dhuine de “charachtair” na hathbheochana. “Gael mise, mise i m’ Ghael is ní shílim gur náir dom é”, an manadh sin aige a thug air a fhógairt gur thábhachtaí leis an “Shaskeen reel” á sheinm ag Patsy Tuohy ná ar chum Beethoven de cheol, agus a thug air a mheabhrú don Phápa a bhí ag moladh comaoin naofa a ghlacadh go laethúil nárbh é nós na nGael é. Ní raibh puinn measa aige ar an drámaíocht toisc nár chleacht ár sinsir an cheird sin.

I mBarr Beithí, Port Lách, Co. Phort Láirge, a rugadh é ar 18 Meán Fómhair 1863. Feirmeoir ba ea a athair Piaras agus b’as Cloichín an Mhargaidh i dTiobraid Árann dá mháthair Eibhlín Ní Chaisín. Bhí Gaeilge aige ón gcliabhán.

Chaith sé tamall i gColáiste Naomh Eoin i bPort Láirge roimh dhul go Maigh Nuad (1886–1892). Ach thángthas air lá ag caitheamh píopa tobac. D’fhág sin gur i gColáiste na Naomh Uile a oirníodh é in 1892. Chaith sé ceithre bliana ar an misean Sasanach, é i ndeoise Salford ar dtús, bliain mar shéiplíneach i dTeach na mBocht in Whittington, bliain in Hulme. Bhí John Strachan in Ollscoil Mhanchain le linn do Risteard a bheith in Salford agus ba é a thug isteach ar an Sean-Ghaeilge é.

Bhí airgead curtha ar fáil ag an Ord Ibeirneach i Meiriceá chun cathaoir Ghaeilge a bhunú san Ollscoil Chaitliceach in Washington. Mhol an tAthair Micheál Ó hIceadha go dtabharfaí an post do Risteard ar choinníoll go gcaithfeadh sé cúpla bliain ag staidéar sa Ghearmáin. Faoi Thurneysen in Freiburg agus faoi Zimmer in Greifswald a rinne sé an obair. Rinne sé tráchtas ar chanúint na nDéise le haghaidh a dhochtúireachta. Deirtear gurbh é an chéad chainteoir dúchais Gaeilge é a fuair oiliúint fhoirmeálta sa teangeolaíocht. Agus ba léir cheana féin gur fear troda a bhí ann. Dúirt sé faoina chaidreamh le Zimmer: “Our normal intercourse was a series of ructions”.

Ní róshona a bhí tosach a théarma in Washington. Cuireadh sa timpeall gur chun Gaeilge a fhoghlaim ab éigean dó dul chun na Gearmáine. Bhí na húdaráis féin ábhairín cosantach. Dúirt siad gur chun lámhscríbhinní a iniúchadh a bhí sé ann. Ansin d’fhógair siad go mbeadh rang Sanscraite á stiúradh aige in ainneoin a fhios a bheith acu nach raibh sé cáilithe chuige. Ba é an sórt cur i gcéill agus éirí in airde é nach bhféadfadh nádúr Risteaird foighneamh leis.

Chrom sé ar bheith ag magadh faoi na Gael-Mheiriceánaigh. Lá Fhéile Pádraig amháin dúirt sé an tseamróg a fhágáil sna páirceanna ag na ba. Thagair sé don “Greenery, frippery and the green immortal cabbage”.

Chaith sé bliain i bhfásach Colorado “ag aoireacht agus ag mealladh na sláinte chuige féin i gcábán anairte”. An eitinn a bhí air. Tá tagairt don bhabhta tinnis sin san aiste “Fr Peter Yorke, Irish-American leader” le James P. Walsh agus Timothy Foley in Studia Hibernica 1974: “He once travelled to London to consult a physician who recommended rest in the American south-west. From Washington such a journey for the prescription seemed excessive – not to mention the distance to the chemist”. Ní bhfuair sé a phá ón ollscoil an bhliain sin agus is nuair a bhisigh sé ina shláinte is ea a fuair sé amach nach raibh aon phost aige. Bhí an Cairdinéal Mac Giobúin i ndiaidh a rá go mba thrúig bháis dó féin agus don ollscoil dá leanadh de Hindeberg sa phost. D’fhill sé ar Éirinn.

In 1903 thairg Peter Yorke post in Ollscoil Berkeley dó. Chaith sé seal ann ach arís theip ar a shláinte. Ceapadh é ina Ollamh le Ceiltis i gColáiste Ollscoile Chorcaí in 1908. Réitigh sé leis an bhfoireann ansiúd. Múinteoir maith spreagthach a bhí ann ach arís bhí aistíl ag baint lena mhodhanna múinte. Níor spéis leis scrúdaithe. Deirtear go dtugadh sé an seanphíobaire Jem Byrne isteach sa rang agus go roinneadh sé dosaen pórtair ar a raibh sa láthair.

Scríobh sé aistí in The Leader (Samhain 1908 – Márta 1909) ar fhorbairt an phróis. Shíl roinnt daoine gur ag moladh a bhí sé gurbh í Gaeilge Chéitinn a scríobhfaí feasta. Is é a bhí uaidh dáiríre go bpósfaí an traidisiún próis ar an nGaeilge labhartha. Tá an argóint pléite ag Flann Mac an tSaoir in Comhar (Samhain 1961 – Eanáir 1962). Is é a bhreithiúnas-san go ndearnadh éagóir ar de Hindeberg: gur léir ar stíl a chuid scríbhneoireachta féin cad a bhí uaidh. Deir sé faoi óráid a thug sé ag Feis na nDéise: “Is álainn uasal snasta an píosa cainte sin, agus is ionramháil ar Ghaeilge é ná facthas a chomhmhaith ag duine ar bith eile ó shin, ná ag mórán roimhe go foinse siar. Sin an saghas múnla agus stíle, sin an friotal a ba mhian le de Hindeberg a bheith mar bhun le nualitríocht i nGaeilge”. Géilleann sé go ndeachaigh an sagart thar fóir ag damnú na bhfoirmeacha ealaíne sa litríocht nár cleachtadh go dtí sin sa Ghaeilge.

Tá cuntas ag an Dr Micheál Ó Síocháin in Catholic Bulletin Bealtaine – Deireadh Fómhair 1916 agus deir sé: “I thought it a pity to pillory in the public press a number of writers who without exception had laboured long and devotedly in the national cause and who, if they were in error, would presumably not object to kindly and discreet correction. But Dr Henebry was obdurate, partly because of the influence of other counsellors but chiefly because of his own inclination”. Tá an míniú seo aige ar an gclaonadh sin: “For many years of his life he seemed to regard the disturbance of what he called the status quo as a part of his vocation or as a legitimate form of recreation suited to one who never outgrew the joy of childish pranks ... We may find in his unhappy physical condition the explanation of some of his difficulties in Washington. The combative element in him was abnormally developed”.

Ta cuntas an-leithleach ag W. P. P. Stockley air in Essays in Irish biography (1934). Pléann sé an t-aighneas le Kuno Meyer i ndiaidh bhás Zimmer. Scríobh de Hindeberg rud a shíl Meyer a thug masla don scoláire marbh. Thug Meyer faoi ar bhealach searbhasach. Tá freagra de Hindeberg, litir nár seoladh riamh, i gcló ag Stockley: “Will Zimmer’s personal kindness to me buy me up in perpetuum? ... I have heard grave complaints about certain lectures of yours ... and a certain tendency in your selection of Mss”.

Bhí páirt aige i mbunú Ollscoil na Mumhan sa Rinn agus bhíodh ranganna ar siúl aige ann.

Ní hé an oiread sin a d’fhoilsigh sé. Chuir sé eagar agus aistriúchán ar chuid de Betha Colaim Chille in Zeitschrift für celtische Philologie. Foilsíodh Sounds of Munster Irish in 1898 agus Greas fuirseoireachta in 1910. Bhailigh Seán Ó Cuirrín cuid dá scríbhinní agus dá óráidí le chéile in Sgríbhne Ristéird de Hindeberg (1924) agus foilsíodh Handbook of Irish music in 1928. Bíonn tagairtí minice dá aiste “Irish Tradition” in The Journal of the Ivernian Society Vol 2 agus dá “A Plea for Irish Prose” in Irisleabhar na Gaedhilge (Meitheamh 1892).

Is deimhnitheach go raibh sé ildánach. Bhí ar a chumas obair dheaslámhach a dhéanamh: ráillí altóra do shéipéal uair, cruit uair eile. Bhí sé in ann an veidhlín a sheinm. Óráidí greannmhar bríomhar ba ea é. Bhí teangacha ar eolas aige. Ach ní dhearna sé dearmad riamh ar an gceird ler tógadh é: “D’fhéadfadh sé féar do bhaint agus claí do thógáil, branar do romhar agus bán do bhriseadh” (‘Poverello’ in An tIrisleabhar, 1930–31). Ach is ar na nósanna aisteacha is mó a chuimhnítear. Amuigh sna páirceanna a théadh sé a luí go minic cibé fliuch fuar an uain. Chóirítí leaba dó i bpuball beag go minic. Oíche amháin fuarthas péire gadhar istigh sa leaba leis. Bhí na créatúirí scanraithe ag stoirm thoirní agus ní raibh sé sách cruachroích chun iad a chur ó dhoras.

B’fhuath leis hata a chaitheamh san am ar pheaca marfach ag sagairt i go leor deoisí dul amach ina maoil. Agus maidir le bróga shíl sé iad a bheith in aghaidh nádúir.

D’éag sé i bPort Lách ar 17 Márta 1916 agus cuireadh é sa Charraig Bheag i gCarraig na Siúire.

In An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise 11 (2007) tá ag Sean Ó Morónaigh an aiste eolais ‘Risteard de Hindeberg agus Eachtra an Ghobáin Saoir’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú