I mBaile na nGall sa Rinn, Co. Phort Láirge, a rugadh é 3 Márta 1894. Cuireadh an dáta sin (agus dáta breithe a mhná) i dtaifead an phósta, rud neamhchoitianta. Tá Nioclás Mac Craith (litir dar dáta 28 Márta 1996) in ann a thaispeáint go mba shin-seanaint leis Máire Ní Dhroma (Molly na Páirce), bean Shéamuis Turraoin, a chum an t-amhrán ‘Na Prátaí Dubha’ i mbliain an ocrais 1847. Ba é Pádraig Ó Cuirrín, feirmeoir, a athair agus ba í Cáit Bhreathnach a mháthair. Ach is é an 5 Márta 1894 atá sa teastas breithe agus deirtear ann gur i mBaile na nGall Mór a rugadh Seán agus a dheirfiúr Eilís (Alice) — cúpla ba ea iad; Curran an chaoi a bhfuil an sloinne litrithe. In [Index to] Thoms directory 1909/10: Waterford city and county, leabhar atá sa Chartlann Náisiúnta, is mar Patrick Curreen, Ballynagoul More, atá an t-athair liostaithe. Líonadh foirm Dhaonáireamh 1911 i nGaeilge agus is mar seo a bhí an teaghlach: Pádraig Ó Curraín (48 bliana d’aois); a bhean Cáit (51); Micheál (21); Seán (17), scoláire; Eilís (17); Muiris (12). Bhí ‘strainséir’ sa teach, ‘dathadóir’ gan Gaeilge as Cluain Meala arbh ainm dó Séamus Ó Ceallaigh. Níor luadh slí bheatha ach amháin i gcás an athar agus Sheáin. Bhí deartháir agus deirfiúr aige, Pádraig agus Siobhán, nach raibh sa teach oíche úd an Daonáirimh. Teach ceann tuí agus dhá sheomra ann a bhí acu.

Ó Micheál Ó Foghludha (1846-1905) (féach Áine Ní Fhoghludha), máistir scoile na Rinne, a fuair Seán scolaíocht ar dtús. Is dóigh gurbh eisean an John Curreen a bhuaigh ceann de dhuaiseanna an Chliabhraigh i 1900 (An Claidheamh Soluis, 30 Márta 1901). D’fhreastail sé ar Scoil an Chalaidh ón gcéad lá agus ar Choláiste na Rinne ón gcéad lá freisin. Bhí sé ina mhac léinn i Meánscoil na Rinne ar Bhóthar na Sop ó 1906 go 1912 nuair a ghnóthaigh sé scoláireacht ollscoile. I gColáiste Ollscoile Chorcaí, bhí an Dr de Hindeberg ina ollamh aige. Bhain sé céim amach i 1915 agus idir sin agus 1918 bhí sé i mbun na meánscoile lae i gColáiste na Rinne. Ceapadh é ina bhall de chomhchoiste Dháil Déise agus Choiste Ceantair Dhún Garbhán (An Claidheamh Soluis 13 Deireadh Fómhair 1917). Bhí sé ina bhall de Choiste Chumann na Scríbhneoirí (Misneach 25 Feabhra 1922). Chaith sé an tréimhse fhada 1926-59 ag múineadh i gCnoc Mheilearaí. Anuas go dtí 1959 freisin bhíodh sé ag teagasc ag na cúrsaí samhraidh sa Rinn. I gCeapach Choinn a bhí cónaí air. D’éag sé 20 Márta 1980. Nioclás Mac Craith a thug an t-aitheasc os cionn na huaighe i reilig Chnoc Mheilearaí.

Scríobh sé: Beirt Dhéiseach (1922); Uimhrigheacht (1922) i gcomhar le Seoirse Mac Niocaill; Psaltair na Rinne (1935); Sláinteachas agus tigheas [gan dáta]. Chnuasaigh sé agus chuir in eagar Scríbhne Risteird de Hindeberg (1924). D’aistrigh sé Dracula (1933) le Bram Stoker; Scol-chúrsa i sláinteachas (A school course in hygiene le Lister) (1944). In Bliainiris 7 agus Bliainiris 9, tá aiste ag Sorcha de Brún ar ‘Dracula agus Seán Ó Cuirrín’. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais sna comórtais filíochta — foilsíodh roinnt dá dhánta in Feasta. Tá ‘Horticulturalist and apiarist’ mar chur síos air i dtuairisc a bháis in Dungarvan Leader.

Phós sé Treasa Ní Ailpín in Eaglais Naomh Seosamh i Luimneach ar 23 Meitheamh 1923. Fiafraíodh de uair conas a tharla gurbh ise a phós sé agus d’fhreagair: ‘Dheineas é le súil an fhile chun na háilleachta agus cluas an fhile chun an uasalcheoil’. ‘Oide re h-éigse’ an cur síos a rinne Seán sa taifead ar a shlí bheatha agus dúirt go raibh cónaí air i gColáiste Naomh Lughbhaidh; b’in í an mheánscoil a bhí tráth ag na Proinsiasaigh i Muilte Farannáin, Co. na hIarmhí. Ba é Tomás de Bhial a sheas leis. Níor luadh gairm bheatha le Treasa. Rugadh í 3 Meitheamh 1895 dar leis an teastas pósta, ach 3 Meitheamh 1894 atá sa teastas breithe. Mary Teresa a hainmneacha baiste agus Halpin a sloinne agus is i nGarraí Eoin, Luimneach, a rugadh í. Deir Nioclás Mac Craith gurbh as Baile Mhac Cairbre, Co. Phort Láirge, do mhuintir Ailpín. Déanamh cóistí an gnó a bhí acu. Ba é Joseph Halpin, siúinéir, a hathair agus agus ba í Mary Ellen Moore a máthair. Is mar seo a bhí an teaghlach i nGarraí Eoin i nDaonáireamh 1901: Francis Moore (56), siúinéir, baintreach fir; a mhac Francis (17), siúinéir; Joseph Halpin (29), cliamhain, siúinéir; Mary Ellen Halpin (28), iníon; leanaí Joseph agus Mary Ellen: Anne Elizabeth (9); Mary Teresa (7); John (6); Kathleen (4); Frances (bliain go leith). I gCathair Luimnigh a rugadh iad go léir agus, rud neamhghnách i nDaonáireamh 1901, dúradh go raibh Gaeilge ag gach duine díobh. Bhí Treasa ar scoil i gCnoc Labhrais agus is ann a d’fhoghlaim sí léamh an cheoil agus pianadóireacht. Cé gur veidhleadóir a hathair is ó sheancheoltóir taistil darb ainm Clancy a d’fhoghlaim sí an gléas sin; is dóigh gurbh é sin an Martin Clancy a bhfuil cuntas ag Francis O’Neill air in Irish minstrels and musicians (1913). Tá cuntas gairid ar Threasa sa leabhar céanna sin agus deirtear ann go raibh an t-athair marbh. ‘Although yet in her teens, she possesses an extensive repertory of old tunes in very good settings. Her name appears among the list of prize winners for unpublished airs at the DublinFeis Ceoil in 1907’. Rinceoir aitheanta ba ea í ina hóige. Sár-rinceoir ba ea a hathair. ‘A new feature of the Oireachtas this year was the introduction of a prize for the encouragement of our native dances which were in no less danger of dying out. Mr Halpin of Limerick, the prizewinner, gave an exhibition of his powers in jig-dancing. He was received with thunders of applause, again and again renewed, and in response to a persistent encore, had to come forward a second time, the rule to the contrary on the programme, notwithstanding’ (Imeachtaí an Oireachtais, 1899). Bhí sé ina theachta ó Chraobh Luimnigh den Chonradh ag cruinniú roimh an bhFéile (An Claidheamh Soluis 17 Meitheamh 1899). Lá Fhéile Pádraig 1904 bhí ‘Mr Joseph Halpin and his little daughter Treasa’ ar an stáitse ag Ceolchoirm na Féile i Londain. Ghnóthaigh sí an chéad duais ag Oireachtas 1901 sa phort dúbailte agus sa ríl. Fuair sí an chéad áit i gceann de na comórtais ag Oireachtas 1908 (idem 15 Lúnasa 1908). Bronnadh bonn ar leith ar amhránaíocht uirthi ag Feis na Mumhan (idem 24 Meán Fómhair 1910). Ghnóthaigh sí an chéad duais sa veidhleadóireacht ag Oireachtas 1913 (idem 16 Lúnasa 1913). Tuairiscíodh go raibh sí sna Stáit Aontaithe le Fionán Mac Coluim agus a bhuíon — ‘ a splendid musician, singer and dancer’ (idem 11 Aibreán 1914). Chuaigh sí go Coláiste na Rinne den chéad uair in 1917 agus ó 1923 go 1970 bhí ag múineadh ceoil agus rince i Scoil na Leanbh. Fear ceoil ba ea Seán agus cheap an bheirt acu an rince beirte ‘Rogha an Fhile’ agus chuir siad Teagasc-leabhar na bheidhlíne (1923) ar fáil. Bhí sí ina moltóir ag Oireachtas 1964. D’éag Treasa ar 18 Nollaig 1983 agus tá sí curtha i Reilig Chnoc Mheilearaí.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú