I mBaile na nGall sa Rinn, Co. Phort Láirge, a rugadh é ar 28 Samhain 1890. Iascaire ba ea a athair Séamas Tóibín agus b’í Cáit Ní Mhuiríosa a mháthair. Bhí sé i mBunscoil na Rinne ar dtús. Nuair a bhí sé tuairim a 12 tháinig an chéad dream d’fhoghlaimeoirí chun na Rinne agus Pádraig Ó Cadhla, timire, i gceannas orthu. Chuir cara Niocláis, Seán Ó Cuirrín, síos ar ar tharla: ‘Tháinig Pádraig Ó Cadhla ... agus chuireadh sé a chlár dubh le falla tí an Bhácaera ar an gcalafort gach tráthnóna chun scríobh is léamh a mhúineadh do mhuintir na Rinne. Bhí Nioclás agus mé féin ar an lucht foghlama san, agus b’ea a fheabhas a thaitin an obair linn gur chinneamar tinreamh ar Choláiste na Rinne nuair a bunaíodh é i gCnocán an Phaoraigh sa bhliain 1905 ... agus is ann a táladh ‘meánoideachas orainn’. Mhaíodh Nioclás gurbh é féin an chéad scoláire ann i 1905 agus go raibh sé ag tinreamh ina aonar ar feadh sé mhí. Más fíor sin, b’fhéidir go raibh sé ar an gcéad duine riamh a fuair meánoideachais trí mheán na Gaeilge.

Chaith sé an tréimhse 1909–10 mar oide sóisearach i gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí. Ghnóthaigh sé scoláireacht agus chaith dhá bhliain sa Choláiste Oiliúna, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath. Níor chaith sé riamh ach bliain amháin (1914–15) ag múineadh i scoil náisiúnta. Chaith sé na blianta 1915 go 1922 ag timireacht don Chonradh. Sa bhliain sin phós sé Siobhán Jennings, iníon le cigire den Chonstáblacht Ríoga i bPort Láirge. Díreach i ndiaidh an phósta thug an tEaspag Ó Foghlú cuireadh dó dul a mhúineadh i gCeatharlach. Ach cibé tuaiplis a rinne an t-easpag ní raibh aon phost dó. B’éigean dó dul ar iontaoibh a phinn. Bhíodh scéalta leis í gcló chomh luath le 1909 agus bhuaigh sé duais i 1910 le hagallamh idir captaen loinge agus mairnéalach. Tá an píosa sin ag deireadh An Rábaire Bán (1928). Ach anois i 1922 bhí sé ag brath go hiomlán ar a shaothar scríofa. De thoradh na bliana sin a cuireadh amach Róisín bán an tSléibhe(1923), Oíche ar bharr tuinne (1924), An Dubh ina Gheal (1924), Teoiní agus Tighthe Lóistín (1924) agus leabhair bheaga do na scoileanna.

Ó 1923 go 1934 bhí sé ag obair faoin gCoiste Gairmoideachais i gCeatharlach agus ina ollamh i gColáiste na Rinne gach samhradh.

Toisc bheith ag dianscríobh agus ag múinteoireacht le chéile bhris an tsláinte air. Bhí sé naoi mí in ospidéal i 1929 agus ansin sa bhaile díomhaoin ar feadh bliana. Nuair a chrom sé ar an múinteoireacht arís bhraith sé nach bhféadfadh sé leanúint léi. Ó 1934 ar aghaidh bhí sé ag brath go huile is go hiomlán ar an scríbhneoireacht. Bhí sé ar feadh trí bliana ag diúltú obair aistriúcháin a dhéanamh don Ghúm. Easpa an airgid a thug air tosú. Fir taistil 1935 (The travelling men le W. G. Dowsley) an chéad cheann. Dúirt Seán Ó Cuirrín faoi: ‘Ba gheall le muileann Coláiste na Rinne na blianta sin, gach aon mhúinteoir ina Ghúmadaer d’éis obair an lae a chur i gcrích, ach Nioclás a bhí ina thosaí meithle. Idir na béilí d’fheicfeá ina sheasamh ag an bhfuinneoig sa phroinnteach é, agus pár á bhreacadh aige go tiubh—ró-thiubh do chruinneas go minic’. Conan Doyle, Michael O’Hanrahan, Alphonse Daudet, Rosa Mulholland, T. P. Kehoe, Richmal Crompton, Alan Downey, Séamas MacManus, Myles Byrne, T. C. Murray ... muileann gan amhras! D’aistrigh sé The Collegians le Gerald Griffin agus cuimhní cinn Dhiarmuid Uí Dhonnabháin Rosa ach níor foilsíodh iad.

Ba liosta le lua na hirisí agus na páipéir go léir a mbíodh ábhar aige iontu gan trácht ar a mhinice a chraoltaí a dhéantús ar Radio Éireann. Scríobh sé bundrámaí ar nós An Cochaillín agus an Cúiteamh (1936) do pháistí agus Tigh Leath-slighe (1947) agus bunsaothar ilghnéitheach mar Ag déanamh glóir agus aistí eile (1954) agus Feirín thar fheiríní (1959). Foilsíodh La Belle Nivernaise, 1932; Dinní Ó Fraoighil, 1933 agus Cú na mBaskerville, 1934. Leabhair eile a d’aistrigh sé is ea: Nuair a d’adhnamar an gleo, 1936 (When Wexford rose, dráma aonghnímh le P. Kehoe); Éire choidhche ar barr (Ireland first, dráma le P. Kehoe); Taibhreamh beirte (gearrscéalta aistrithe ón mBéarla); Sár-eachtraí na gcuardóirí móra, 1936 (Wonder tales of great explorers le Robert Finch); San Bernadette Lourdes, 1941 (St Bernadette of Lourdes le Bean Riaghalta); Ór-Ghrádh, 1944 (Sovereign love le T. C. Murray); Scoth dubh, 1946 (Black Beauty le Anna Sewell); Mná beaga, 1948 (Little women le Louisa M. Alcott); Saoghal leanbhaí thar lear, 1948 (Child life in other lands le H. Avis Perdue); Uilliam Ropaire, 1952 (William the outlaw le Richmal Crompton); Dachad a hAon, 1955 (Forty-one le Alan Downey); Deoraidhe Gaedhil ag eachtradh i 1798;( Notes of an Irish exile in 1798 le Myles Byrne); M’Uncail agus an sagart paróiste, 1955 (Mon oncle et mon curé le Jean de la Brète); Do theacht na Normánach, 1955 (When the Norman came le Michael O’Hanrahan); Leanbh mo chroí, 1955 (Hetty Gray le Rosa Mulholland); Marcaigh an tsléibhe, 1956 (Riders to the mountain le Lorcán Ó Broin); Éachta agus eachtraí, 1960 (Further heroes of modern adventure and epic tales of modern adventure le T. C. Bridges agus H. H. Tiltman). Leabhar nuacheaptha eile leis is ea: An dubh ’na gheal: dráma trí n-amharc (g.d.).

D’fhág sé féin agus a bhean Ceatharlach i 1935 agus i ndiaidh tamaill i mBré chuir siad fúthu i mBaile na Manach, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí beirt chlainne acu. Bhí cáil an cheoil riamh ar Nioclás. Ar feadh scór bliain bhí sé ag múineadh an tsean-nóis sa Rinn. Mhaíodh sé gurbh é a leagansan de ‘Sliabh na mBan’ ab aitheanta toisc gurbh é ba thúisce ar cheirnín (ag Kathleen Roddy sna 1920idí). Nuair a d’éag sé ar 21 Iúil 1966 bhailigh a bhean amhráin a bhí breactha aige anseo agus ansiúd agus foilsíodh iad in An Duanaire Déiseach (1978). Ní fhaca Siobhán i gcló é. D’éag sise ar 16 Meitheamh 1977. Tá ann 31 amhrán agus seanchas a ghabhann leo, chomh maith le haistriúcháin ar amhráin a rinne Nioclás agus péire bundán.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú