Na Connerys

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Rinn na nGael (1999). Le caoinchead Cló Iar-Chonnacht.

Bhuaigh an t-amhránaí seo Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada sa chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós trí bliana as a chéile (1961-63), éacht nach ndearnadh ó shin. ‘Nioclás rí-amhránaí Éireann’ a thug Nioclás Mac Craith air in óráid na huaighe (i gcló in Feasta, Samhain 1994) agus bhí gearrchuntas aige sin in Anois 24-25 Meán Fómhair 1994. Tá aiste ina thaobh ag Bríd Breatnach in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise 6, 2002. Ba iad Séamus Tóibín ó Heilbhic, iascaire, agus Maighréid Ní Sheanacháin, Baile Uí Raghallaigh, an Rinn, Co. Phort Láirge, a thuismitheoirí agus is i mBaile Uí Raghallaigh a rugadh é ar 5 Feabhra 1928. Triúr deartháireacha agus ceathrar deirfiúracha a bhí aige; ba é Nioclás an buachaill ab óige. Tá eolas ar a mhuintir ag Mac Craith in An Linn Bhuí 3, 1999 (‘Baile na nGall Mór agus Beag’). Ba uncail leis Nioclás Tóibín, scríbhneoir agus fear a raibh cáil na hamhránaíochta air freisin; na hamhráin a bhailigh seisean le chéile in Duanaire Déiseach, 1978 bhí siad go léir ag Nioclás óg agus is í comhairle a chuireadh an t-uncail air, deir Mac Craith, nuair a bheadh ceann de na hamhráin léite aige go mbeadh a fhios aige cén fonn is fearr a d’oirfeadh dó. Tugann Mac Craith fianaise san óráid sin gur bronnadh bua an cheoil agus na hamhránaíochta ar gach ball den teaghlach i mBaile Uí Raghallaigh. I mBunscoil na Rinne cuireadh leis an dúil a bhí aige sna hamhráin agus thug sé leis breis agus tríocha amhrán óna mhúinteoirí, Pilib Ó Foghludha [B6 lch 191] agus Úna Parks. Nuair a thug Liam de Noraidh cuairt ar an scoil um Meán Fómhair 1940 is ar Nioclás a glaodh chun amhrán a rá dó. D’fhág sé scoil in aois 14 bliain agus bhí ag obair d’fheirmeoirí agus ag iascaireacht. Go hóg ina shaol b’éigean dó dul ar imirce go Sasana agus níor fhill sé ar an Rinn go dtí tuairim 1960. Ina chónaí lena dheartháireacha a bhí sé. Chaith sé an chuid eile dá shaol ag amhránaíocht, idir chraoltaí raidió agus teilifíse agus choirmeacha ceoil. Ar an dlúthdhiosca Rinn na nGael (CIC 104) tá a bhfuil de thaifid i gcartlanna Raidió na Gaeltachta agus RTÉ; thug Gael Linn trí cheirnín dá chuid amhránaíochta amach. Meastar go raibh tuairim trí chéad amhrán aige idir Ghaeilge agus Bhéarla. Bhí sé in ann an veidhlín agus gléasanna eile ceoil a sheinm agus rinne sé veidhlín dó féin. Níor phós sé. D’éag sé ar 19 Meán Fómhair 1994.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú