Tá cuntas air: ag Tarlach Ó hUid in Inniu 19 Meán Fómhair 1957 (‘Comhaimsirigh’); ag Risteárd Ó Glaisne in Inniu 10 Nollaig 1971 (‘Tomás Tóibín ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’); in Irish Times 7 Meitheamh 2002 ag Liam Ó Muirthile (‘An Peann Coitianta’). Tá dréacht molta ag ‘PÓS’ in Foinse 27 Eanáir 2002. I gCathair Chorcaí a rugadh an file, an t-aistritheoir agus an fear ilbhéarlach seo 10 Márta 1920. Ba dhuine é den seachtar a rugadh do Sheán Tóibín agus a bhean Siobhán Ní Shúilleabháin. Bhí Gaeilge na nDéise agus Gaeilge iarthar Chorcaí ag Seán le hoidhreacht agus ‘breac-chainteoir dúchais’, dar le Tomás féin, ó pharóiste na Tuaithe, Ciarraí, ba ea Siobhán. Bhí iarracht den phiúratánachas san athair agus dúil ar leith aige, ródhúil, b’fhéidir, i gceart na teanga; tá portráid an-inléite den fhear cúise seo tarraingthe ag a mhac Niall in Smile and be a villain!, 1995. Le Gaeilge ar fad a tógadh na leanaí. Dúirt Tomás in Inniu (1971): ‘Ní cheadófaí Béarla sa teach. Ach fuair mise Béarla amuich sa tsráid, Béarla blasta Chorcaí. D’fhéadfá a rá go raibh an dá theanga sin agam ó thús, agus cómháistreacht agam ar an dá cheann acu, dhátheangachas ceart, rud is annamh.’ Bhí sé ar scoil ag na Bráithre sa Mhainistir Thuaidh agus ina dhiaidh sin sa Scoil Tráchtála mar a raibh post ag a athair.

Bhí sé ag obair i siopa bróg Saxone i Sráid Phádraig, Corcaigh, in aois a 16 bliain agus tamall gairid ina dhiaidh sin ‘bhí sé ina chléireach ag tógálaí tithe sa chathair ag déanamh luathscríbhneoireachta agus clóscríbhneoireachta dó’ (Inniu 1971). Faoi 1939 bhí sé fostaithe mar chléireach ag Coiste Gairmoideachais Chathair Chorcaí. Ceithre bliana ina dhiaidh sin tugadh scoláireacht dó chun freastal ar chúrsa oiliúna do thimirí Gaeilge a bhí á stiúradh i gCeardscoil Dhroichead na Dothra, Baile Átha Cliath, ag Pronnséas Ó Súilleabháin agus fuair an chéad áit i scrúduithe dheireadh an chúrsa. Is beag má bhí teorainn leis na dualgais a thiteadh ar thimirí Gaeilge na gcoistí gairmoideachais, idir mhúinteoireacht de ló is d’oíche, fheiseanna, chéilithe, eagrúchán. . . . Dúirt Tomás faoin tréimhse 1945-47 i gContae Chill Chainnigh: ‘Idir an obair agus an saol sóisialta a bhí á chaitheamh agam, chuirinn 200 míle slí díom ar an rothar gach seachtain an uair úd’ (Inniu 1971). Tugann sé tuairisc bharrúil ar ar fhulaing sé san aiste ‘Múinteoirí taistil an lae inniu’ (Comhar, Lúnasa 1954). D’fhostaigh Coiste Gairmoideachais Dhún Laoghaire é mar mhúinteoir lánaimseartha i 1947 agus Gaeilge, Béarla, tíreolas, agus clóscríbhneoireacht á múineadh aige. I 1952 ceapadh é ar fhoireann Rannóg an Aistriúcháin, Tithe an Oireachtais. Cé gur bhain buntáistí leis an obair sin, togha comhluadair agus deiseanna ar chleachtadh agus ar fhoghlaim, fuair Tomás tur tuirsiúil í sa deireadh agus d’fhág an státseirbhís i 1966. As sin amach is ag déanamh eagarthóireachta d’fhoilsitheoirí, ag aistriú, ag múineadh—go páirtaimseartha i ngairmscoileanna agus go príobháideach—a bhí sé.

‘Thosnaigh sé sa bhliain 1940 ag cur focla grinn le bailéadaí do Na Rabhchánaithe i gCorcaigh’ (Inniu 1957); cuimhnítear go háirithe ar an leagan Gaeilge den ‘Limerick Rake’ a chuir sé ar fáil. Faoin ainm ‘Giolla na Leisce’ bhí colún grinn aige in An Glór sna 1940idí. Bhaineadh sé duaiseanna ar dhánta ag an Oireachtas go luath ina shaol agus aitheantas ar leith ba ea é a dhéantús a bheith in Nuabhéarsaíocht (1939-1949), 1950 in eagar ag Seán Ó Tuama. Sna meánchaogaidí sholáthraíodh sé amhráin ghrinn le haghaidh gheamaireachtaí Amharclann na Mainistreach. Bhuaigh a chnuasach Súil le Cuan agus dánta eile, 1969 duais £300 na Comhairle Ealaíon. Le fiche bliain anuas ní raibh a ainm mar fhile chomh hard is a bhí sé i rith 1945-70, abair. Roghnaigh Declan Kiberd agus Gabriel Fitzmaurice péire dán leis in An Crann faoi bhláth: The flowering tree : contemporary Irish poetry with verse translations, 1991. An péire dán atá aige in Fearann Pinn 1900-1999, 2000 is roimh 1958 a scríobh sé iad ach deir Ó Muirthile: ‘Tháinig cuid den saothar is fearr uaidh sna 1980í nuair a chuir INNTI gaoth an athuair ina sheolta.’ In Studies, earrach 1962 dúirt Seán Ó Faoláin: ‘Within my knowledge I am aware of only three Gaelic poets who are not utterly lost in the Gaelic Mist, trying to extract ore from long-exhausted mines, symbols worn threadbare by the first phase of the Irish Literary Movement. Those three are Máire Mhac an tSaoi . . ., Tomás Tóibín, but above all the Seán Ó Ríordáin of Eireball Spideoige . . .’. Nocht Frank O’Brien an tuairim seo i dtaobh roinnt dá dhánta in Filíocht Ghaeilge na Linne seo, 1968: ‘Is é Tomás Tóibín an té is fearr, go mór fada, de na filí a scríobh faoin dúlra. Ní hé an oiread sin dánta atá scríofa aige agus is beag díobh a bhfuil an dúlra mar théama acu, ach an dá dhán a d’fhoilsigh sé cúpla bliain ó shin “Brothall” agus “Fudhomhan” is sárshaothar iad.’ Is iad na cnuasaigh eile a d’fhoilsigh sé: Fuinneoga, 1980; Duilliúr, 1983.

Thuill sé cáil mar aistritheoir. An Gúm a d’iarr air Concion de Cuna (Suantraí Clochair, 1952) le Gregorio agus Maria Martinez Sierra a aistriú ón Spáinnis. Sna 1950idí agus sna 1960idí d’aistrigh sé drámaí ón nGearmáinis, ón Spáinnis, agus ón bhFraincis le léiriú in Halla Damer: Utopia Dé (Gottes Utopia le Stefan Andres); Díorma don Bhás (Escuadra hacia la Muerte le Alfonso Sastre); Oícheanta na Feirge (Les Nuits De La Colere le Armand Salacrou); Topaze (Marcel Pagnol); Cúis Gháire Chugainn (Histoire de Rire le Armand Salacrou). Ón Rúisis d’aistrigh sé Revizor le Nikolai Gogol do RTÉ. Tá tagairt ag Ó Glaisne do Othello a bheith á aistriú aige agus luann Ó Muirthile é a bheith ag obair ar Macbeth. Ba é a ‘chóirigh’ Céad bliain ag fás: Cumann Lúthchleas Gael 1884-1984, 1984 le Marcus de Búrca. Mar aistritheoir gairmiúil bhí sé sásta leabhair a aistriú de réir mar a d’iarrtaí air: leabhar geograife, tráchtas inealltóireachta nó Bealach, 1980, aistriú ar an leabhar a scríobh bunaitheoir Opus Dei, José María Escrivá de Balaguer. Ba leamh leis foghlaim na Laidine ar scoil ach is óg ina shaol a chuir sé spéis sna nua-theangacha. Níor thaistil sé taobh amuigh d’Éirinn go dtí 1957 agus is as leabhair, trí bheith ag síoréisteacht le stáisiúin raidió na Mór-roinne agus trí bheith ag cleachtadh labhairt na dteangacha le mairnéalaigh i gcuan Chorcaí a chuir sé eolas maith ar an nGearmáinis, ar an bhFraincis, an Spáinnis agus teangacha eile. Deir Niall nár fhéad Tomás teacht ar aon téacs Rúisise nuair a bhí sé ag foghlaim na teanga sin ach amháin bíobla na heaglaise Ortadocsaí agus gurbh in ainneoin fholáireamh a athar a léigh sé é!

Bhí spéis aige freisin i gcanúintí na Gaeilge, i nGaeilge Chonnacht go háirithe. Deirtear go raibh cluas mhaith aige. ‘Déanann sé aithris chruinn ar mhórán saghasanna daoine, chomh cruinn agus a dhéanfadh a dheartháir Niall, an t-aisteoir, dar leat’ (Ó Glaisne). Bhí ardspéis aige i gcaighdeánú na Gaeilge. ‘Bhuaigh Tomás duais an Oireachtais anuraidh lena thráchtas ar Chaighdeánú na Gaeilge, agus mheas na moltóirí, An tArd-Deochan Mac Giolla Ceara agus Tomás Page, a iarracht sin bheith ar chomhchéim le ceann Néill Uí Dhomhnaill, a foilsíodh faoin teideal Forbairt na Gaeilge (Inniu 1957). Phós sé Eibhlín Ní Ghabhláin ó Co. Ros Comain i 1959. Ní raibh sliocht orthu. Bhí breoiteacht air le fada sula bhfuair sé bás 19 Eanáir 2002. Tá sé curtha i Seangánach, Co. Bhaile Átha Cliath.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú