Sa Seanphobal, Co. Phort Láirge, a rugadh é. Nicholas Veale ó Bhaile na hArda i bparóiste na Rinne a athair agus ba í Honor Browne ón áit chéanna an mháthair. Pósadh iad 25 Feabhra 1868. Ba é Tomás an duine ab óige de cheathrar iníonacha agus ceathrar mac. Baisteadh é 2 Iúil 1884. Dar lena theastas breithe gur rugadh é 6 Meitheamh 1884.

Ar an 26 Feabhra 1902 ceapadh ina ateangaire é ar Cheathrúsheisiúin Dhún Garbhán. Deich bpunt in aghaidh na bliana a fuair sé don obair seo agus lean sé leis go dtí 1921 ar a laghad (Mary Phelan, Irish speakers, interpreters and the courts, 1754–1921, 2019).

Chaith sé bliain amháin i gColáiste Sióin, Port Láirge, mar ábhar múinteora ach theip ar a shláinte agus b’éigean dó éirí as. Meastar gurbh iad scríbhinní Phádraig Mhic Phiarais a spreag é chun a dhúthracht a chaitheamh leis an nGaeilge. Bhí an teanga aige féin ón gcliabhán. Ag Ard-Fheis 1915Chonradh na Gaeilge bhí sé sa láthair mar theachta ó Chraobh Dhún Garbhán.

Ó 1914 go 1953 bhíodh sé ag múineadh sna cúrsaí samhraidh sa Rinn, é ar an gCoiste Bainistíochta ó 1916 go 1954. Nuair a d’imigh Seán Ó Cuirrín chun bheith ina ollamh le Gaeilge i gCarn Tobair ba é a chuaigh i bhfeighil Choláiste na Rinne ina ionad. Bhí post múinteora aige i nDún Garbhán ag an am. Nuair a chuaigh an Fear Mór go dtí an Rinn chun bheith i bhfeighil Scoil na Leanbh i bhfómhar 1919 chuaigh Tomás ina ionad i gColáiste na nÍosánach, Mungairit, Luimneach.

Phós sé Peig Nic Ghiobúin (d’éag 29 Bealtaine 1989), múinteoir bunscoile ó Dhurlas a raibh ardspéis aici i gcúrsaí na teanga. Bhí triúr buachaillí agus triúr cailíní acu agus Gaeilge amháin a labhraíodh sé leo. Bhí Tomás ina Chathaoirleach ar Choláiste na Rinne ó Lúnasa 1948 go bhfuair sé bás 6 Márta 1954. I Mainistir na Croiche, Co. Thiobraid Árann, a bhí cónaí air ar feadh i bhfad. Tá sé curtha sa reilig nua i nDurlas. D’aistrigh sé dosaen leabhar Béarla go Gaeilge, leabhair staire le A.M. Sullivan agus Éamon Cuirtéis ina measc. Bhí meas ar leith ar an aistriúchán a rinne sé ar úrsceal an Chanónaigh Uí Shíocháin, Glenanaar (Gleann an áir, 1931). Aistriúcháin eile a rinne sé is ea: Gaoth Adtuaidh, 1940 (Wind from the north le Seosamh Ó Néill); Dearg-ár dá thionnscamh, 1940 (Prelude to massacre le Evan John); Ceatharlach, 1941 (County histories III: Carlow); Ciste an tsléibhe, 1944 (Treasure of the mountain le M. Bodkin S.J.); Cá bhfuil an ghlóir?, 1945 (There is no glory le Joe Corrie); An muir-thuras a dhein ‘Réalt na Maidine’, 1945 (The voyage of the ‘Dawn Star le H.D. Linehan); Finnscéal na fionnachta, 1947 (The romance of exploration le G. Gibbard Jackson); Cúrsaí simplidhe sa chreideamh, 1950 (Simple course in religion le Micheál Ó Síocháin); Naomh Eoin Bosco, 1954 (Saint John Bosco le F.A. Forbes); Stair na hÉireann sa mheán aois, 1957 (A history of medieval Ireland le Edmund Curtis); Dílse na nGael don Aifreann, 1959 (Ireland’s loyalty to the Mass leis an Athair Agaistín Ó hAodáin OFM.Cap.). Ar na leabhair bhunaidh a chuir sé ar fáil tá: Oidhe an Athar Uí Shithigh, 1954; Nótaí tís, 1956; Tóraithe agus ropairí, 1956; An Cabhsa, 1985.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú