Rugadh Éamon Cuirtéis ar 25 Márta 1881 ag 3 Sráid Argyle, Bury, Lancashire. As Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall, dá athair Francis, línitheoir meicniúil. As Béal Feirste dá mháthair Elizabeth Elliott. Mhaíodh Éamon go raibh siad beirt “of good Donegal planter stock”. Ba é Éamon an cúigiú duine de sheisear clann. Cailleadh an mháthair in 1895 agus thug an t-athair triúr de na páistí leis go Londain: Éamon, Máire agus mac eile. Chuir siad fúthu ag 13 Sráid Muir, Silvertown. Ní raibh post le fáil ag an athair ach fuair Éamon obair i monarcha rubair, 10½ uair sa lá ar ocht scilling sa tseachtain.

In 1895 bhí dán “The Death of the last Ard-Ri” ag Éamon in Weekly Freeman agus ar 4 Meitheamh 1896 foilsíodh a “The factory bell and other poems” sa nuachtán London. Tharraing sin aird ar “The boy-poet from the East End”. Foilsíodh ailt ina thaobh sa Spectator agus in irisí eile. Tháinig beirt i gcabhair air: Cecil Grant a thuill clú mar oideachasóir agus Harry Leon, Giúdach óg saibhir. D’íoc siad a tháillí i scoil All Hallows i Honiton mar a raibh Cecil Grant ag múineadh. Bhí seisean geallta le Lucy Thompson a bhí ina hardmháistreás i scoil in Dolgelly. Rinne sise cúram de Mháire, deirfiúr Éamoin.

Ceapadh Cecil Grant ina ardmháistir i scoil nua comhoideachasúil i Keswick agus phós sé Lucy Thompson. D’fhág sin go raibh Éamon agus Máire i scoil Keswick le chéile. Cecil Grant agus Thomas Anstey Guthrie (“F. Anstey”, údar Vice versa) a bhí ag íoc na gcostaisí. Ó thús bhí Éamon ina cheannaire ar bhuachaillí na scoile. Chabhraigh sé go mór leis an scoil. “If Mr Grant was the founder of Keswick School Edmond Curtis was most certainly the cement for binding the foundation”, dúirt T. W. Moody. Ag an am seo bhí spéis ar leith ag Éamon i nósanna agus i gcanúintí Cumbria.

Ghnóthaigh sé scoláireacht sa stair go Keble College Oxford agus bhain céim amach le honóracha sa stair nua-aoiseach i 1904. Bhí sé ag gabháil den iriseoireacht tamall sular ceapadh ina léachtaí staire é in Ollscoil Sheffield i 1905. Ceapadh ina Erasmus Smith Professor i gColáiste na Tríonóide é i 1914 agus rinne Lecky Professor of History de i 1939.

Timpeall 1896 a thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge. Thug sé a chéad chuairt ar Éirinn in 1899. Chaith sé tamaill i dTír Chonaill, sa Rinn, i gCiarraí agus i gContae Aontroma féin ag foghlaim na teanga. D’fhreastail sé ar chúrsa i Scoil an Léinn Ghaelaigh i 1909. Ag cruinniú (P. Mac Piarais ina chathaoirleach) in Óstán Mhuigh Ráth, BÁC, 2 Aibreán 1912, a raibh d’aidhm aige cumann de Ghaeilgeoirí a bhunú d’fhonn cúnamh a thabhairt chun saoirse na hÉireann a bhaint amach, ba é Éamonn Ceannt a mhol an rún ‘go gcuirtear cumann ar bun darbh rún a chúnamh a thabhairt chun saoirse Gael a bhaint amach.’ Éamonn Cuirtéis amháin a bhí ina aghaidh (i gcló in Barr Bua 12 Aibreán 1912 – athchló ar an tuairisc sin in Feasta, Feabhra 1978). I 1916 chabhraigh sé chun an iris An Crann a thabhairt ar an saol agus foilsíodh ann an dán “Tadhg Dall agus Niall Mac a’ Bhaird” a scríobh sé síos ó Sheán Rua Mac a’ Bhaird in aice na Dúchoradh. Tháinig a Cuisle na hÉigse: cnuasacht dán do ceapadh le n-ár linn féin amach i 1920. I 1986, tharla é bheith as cló le fada, shíl Ciarán Ó Coigligh go raibh bearna ann maidir le díolaim d’fhilíocht thús an 20ú haois agus thug eagrán nua amach.

I measc chairde Chuirtéis bhí Stiofán Mac Enna, P. S. Ó hÉigeartaigh agus Osborn Bergin. Luann Bergin é féin agus John Fraser sa dán “Wanderlust”:

Mhaise caithimís i dtráth uainn

Pokorny ’gus Brugmann

’S a leabhair throma ghránna nach

fearrde an té scrúd iad

A mhalairt sin níorbh fhearr liom

ach bád seascar siúlach

’S í a’ léimrigh le fána is lán srutha

fúithi

Éamon geal bheith láimh linn ’s

do lámhsa dár stiúradh

’S a chara dhil na n-árann nárbh

álainn an triúr sinn.

Scríobh Ó hÉigeartaigh faoi: “He was a good talker and a good listener but he would neither talk nor listen unless it was something in which he was interested . . . He had a genius for friendship and for friendship of many diverse kinds and with many diverse minds and he indulged it to the full” (Dublin Magazine Vol XVIII No. 3).

D’fhoilsíodh irisí agus nuachtáin éagsúla a chuid aistí agus léirmheasanna, cinn Ghaeilge ar nós Béaloideas, Misneach, An Claidheamh Soluis, An Branar, Inis Fáil, na hirisí léinn agus staire, irisí agus páipéir ar nós United Irishman, Manchester Guardian, Irish Book Lover, Irish Statesman . . . Tá leabharliosta ag T. W. Moody in Irish Historical Studies Iml. 3 Uimh. 12. Na leabhair is aitheanta uaidh A History of Medieval Ireland 1086–1513 (1923) a d’aistrigh Tomás de Bhial faoin teideal Stair na hÉireann sa Mheánaois i 1956; Richard II in Ireland 1394–5, and submissions of the Irish Chiefs (1927), The Calendar of Ormond deeds (1932–1943), A History of Ireland (1936). Don ghnáthléitheoir an leabhar deiridh sin. Is é a théama dar le Cuirtéis: “The story of the majority who have finally achieved nationhood, and who in the struggle have always found among the protestant minority leaders and heroes, and a constant body of sympathy and aid”. Leabhar eile leis is ea Roger of Sicily and the Normans in Lower Italy, 1016-1154, 1912. I gcomhar le R.B. McDowell chuir sé eagar ar Irish Historical Documents, 1172-1922, 1943.

Bhí sé pósta leis an scríbhneoir Margaret Barrington as Málainn, Co. Dhún na nGall (rugadh 1896; d’éag 10 Márta 1982) ach scaoileadh an pósadh agus i 1926 phós sí Liam Ó Flaithearta.

D’éag Éamon Cuirtéis ar 25 Márta 1943 (a 62 breithlá). Bhí cónaí air ag an am i gColáiste na Tríonóide agus d’fhág sé iarmhar a eastáit le huacht ar mhaithe le seirbhísigh an choláiste. Tá cuntas cuimsitheach ar a shaol ag T. W. Moody in Hermathena LXIII.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú