Ba é an cainteoir dúchais Gaeilge é is mó a ndeachaigh a chuid leabhar Béarla i gcion ar mhuintir an domhain. Scríobh sé dráma, dánta agus gearrscéalta i nGaeilge. I measc na leabhar a bhfuil eolas ar a shaol is a shaothar iontu tá: The literary vision of Liam O’Flaherty (1970) le John N. Zneimmer; Liam O’Flaherty (1973) le James H. O’Brien; The novels of Liam O’Flaherty: A study in Romantic realism (1976) le Patrick F. Sheeran; Liam O’Flaherty the storyteller (1976) le Angeline A. Kelly; Liam O’Flaherty: a study of the short Fiction (1991) le James M. Cahalan; The collected letters of Liam O’Flaherty (1994) in eagar ag A.A. Kelly; Liam O’Flaherty’s Ireland (1996) le Peter Costello. Tá a shaothar liostaithe ag George Jefferson in Liam O’Flaherty: a descriptive bibliography of his works (1991). Tá cuid mhaith tagairtí ag Cahalan dá shaothar Gaeilge: caibidil i dtaobh dátheangachais Uí Fhlaithearta agus tuairimíocht scríbhneoirí agus scoláirí Gaeilge i gcló aige i dtaobh a bhfuil de dhifríochtaí idir na leaganacha Béarla agus Gaeilge de ghearrscéalta an chnuasaigh Dúil (1953). Aistí a luann an t-údar sin go minic is ea: ‘Ó Cadhain, Ó Céileachair, Ó Flaithearta’ in Comhar, Bealtaine 1967 le Breandán Ó Buachalla; ‘Liam O’Flaherty—Translator (?)’ in Éire-Ireland, samhradh 1968 agus ‘Ó Flaitheartaigh agus Léirmheastóirí eile’ in Irish Times 22 Samhain 1984 le Tomás de Bhaldraithe; ‘A Writer who bolstered the Irish Revival’ in Irish Times 8 Meán Fómhair 1984 le hEoghan Ó hAnluain; ‘Liam Ó Flaithearta agus a Dhúchas’ in Willie the Plain Pint—agus an Pápa (1977) le Breandán Ó hEithir. Gheofar gearrthuairiscí substaintiúla ar a shaol in Stones of Aran: Labyrinth (1995) le Tim Robinson agus in Dictionary of Irish literature, 2ú heagrán (1996) in eagar ag Robert Hogan. Is leabhair dhírbheathaisnéise trí shaothar leis an bhFlaitheartach: Two years (1930); Shame the Devil (1934) agus I went to Russia (1931). Ag Brian Ó Catháin tá i gcló in Bliainiris 7, 2007 ‘Litir: Liam Ó Flaithearta chuig Seosamh Daibhéid’.

Ba é an naoú duine clainne agus an dara mac é a rugadh do Mhicheál Ó Flaithearta, talmhaí i nGort na gCapall, Árainn, agus dá bhean Margaret Ganly ar 28 Lúnasa 1896. Deartháir leis ba ea Tomás agus ba dhuine dá dheirfiúracha Delia, máthair Bhreandáin Uí Eithir. Dúirt sé féin in Irish Statesman 17 Nollaig 1927: ‘… permit me to say that English was the first language I spoke. My father forbade us speaking Irish. At the age of seven I revolted against father and forced everybody in the house to speak Irish’ (i gcló ag Cahalan). Cibé fírinne atá sa mhéid sin is dóigh go raibh an dá theanga aige óna óige. Ba é David O’Callaghan, máistir Scoil Fhearann an Choirce, a mhúscail a spéis sa teanga; dúirt Breandán Ó hEithir in Comhar, Lúnasa 1976: ‘Táim féin suite de anois nach mbláthódh an Ghaeilge in Inis Mór ar chor ar bith murach teacht an fhir cheanndána chrosta úd as iarthar Luimnigh, Dáithí Ó Ceallacháin.’ Mhúineadh sé léamh agus scríobh na Gaeilge gach Satharn. Is air atá carachtar Skerrett san úrscéal den teideal sin bunaithe. Bhí baint aige le Liam a chur ar scoil i gCarn Tobair nuair a ceapadh, má ceapadh, go raibh gairm chun na sagartachta aige; bhuaigh sé duais ar scéal i nGaeilge le linn dó a bheith ann. Faoi 1912 bhí sé i gColáiste na Carraige Duibhe: ‘He continued to work hard for the Board of Intermediate Education examination which he sat in 1914 at the age of eighteen. In the Senior Grade he won a first class exhibition (Irish and Latin) and an entrance scholarship (Classics, 1st Class) to University College, Dublin’ (eolas a fuair Sheeran ó Choláiste na Carraige Duibhe). Bhí an tsagartacht i gceist go fóill agus glacadh leis i gColáiste Chluain Life; d’fhág sé slán leis an áit um Nollaig 1914 ach lean air ag freastal ar léachtaí sa Choláiste Ollscoile go ceann roinnt míosa agus bhí ina bhall de na hÓglaigh i rith an ama. Cuireann Sheeran béim ar an drochmheas a bhí in Éirinn na linne sin ar an ábhar sagairt ar theip air; b’fhéidir gurbh é tús an tseachráin nó an choimhthithe aige é. Liostáil sé san arm faoin ainm Bill Ganly in 1915 agus i Meán Fómhair 1917 ag Langemarch sa Bheilg d’fhulaing cathshuaitheadh. Bhí pinsean cogaidh le fáil aige agus go ceann bliana bhí cóir leighis á cur air.

Chaith sé tamall le mionphoist i Londain sula bhfuair sé obair mar chothromóir lasta ar ghaltán a bhí ag triall ar Rio de Janeiro, cathair ar chaith sé tamall ar an ngannchuid inti. Fuair sé obair arís ar bord loinge agus thug cuairt ar an Tuirc agus ar Cheanada, mar a raibh sé ina sclábhaí feirme, ina shaothraí foraoise agus ina oibrí monarchan. Bhí sé tréimhse i mBostún lena dheartháir Tomás agus bhí ag aistriú ó phost go post ansiúd agus i Nua-Eabhrac; cuid dá thinneas a bheith corrthónach míshuaimhneach. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath i ndeireadh 1921. Ghabh sé féin agus beagán dugairí dífhostaithe seilbh go ceann trí lá ar an Rotunda 18 Eanáir 1922 agus chuir brat dearg na gCumannach ar crochadh as ceann de na fuinneoga (tá cuntas an iriseora Gerald Griffin in The Wild Geese [1938] i gcló ag Sheeran). Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Pháirtí Cumannach na hÉireann timpeall an ama sin. Bhí sé ag tacú leis na Poblachtaigh go dtí gur theip ar a gcúis sa phríomhchathair i Meitheamh 1922. Thug sé Londain air féin agus thosaigh ag scríobh. Foilsíodh a chéad ghearrscéal in The New Leader 12 Eanáir 1923 agus chonaic Edward Garnett é; ba é an t-aistritheoir agus an léitheoir foilsitheora seo a mhol do Jonathan Cape a chéad úrscéal, Thy neighbour’s wife (1923), a fhoilsiú agus ba dhuine ríthábhachtach Garnett feasta i saol an scríbhneora. Idir sin agus 1950 foilsíodh 13 dá úrscéalta, cúpla cnuasach gearrscéalta, beathaisnéis Tim Healy, na leabhair dhírbheathaisnéisiúla atá luaite thuas agus A tourist’s guide to Ireland. An t-úrscéal The informer (1925) go háirithe a thuill airgead dó nuair a rinne John Ford scannán de.

Bhí sé ar ais i mBaile Átha Cliath in 1924. Bhí caidreamh aige le Pádraic Ó Conaire timpeall an ama seo (‘Ag casadh le Pádraic Ó Conaire’ in Comhar, Aibreán 1953). Bhí na scéalta seo leis i gcló: ‘Fód’ (Dublin Magazine, Bealtaine 1924); ‘An Fiadhach’ (Fáinne an Lae 27 Meitheamh 1925); ‘Bás na Bó’ (Fáinne an Lae 18 Iúil 1925); ‘Daoine bochta’ (Fáinne an Lae 29 Lúnasa 1925); ‘An tAonach’ (Fáinne an Lae 5 Meán Fómhair 1925). Pléann Aisling Ní Dhonnchadha na scéalta sin in An gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940 (1981) agus deir sí: ‘Is é Liam Ó Flaithearta an gearrscéalaí is fearr agus is ábalta dá bhfuil againn sa Nua-Ghaeilge. Ba eisean thar aon duine eile a chomhshnaidhm ábhar agus stíl an ghearrscéil ar shlí éifeachtúil ealaíonta.’ Bhí an dán ‘Smaointe i gcéin’ i gcló aige in Dublin Magazine, Nollaig 1924. Léirigh an Comhar Drámaíochta dráma leis in Amharclann na Mainistreach ar 1 Márta 1926 agus deir Pádraig Ó Siadhail ina thaobh (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993): ‘An bundráma ba chonspóidí dár léirigh an Comhar sna blianta luatha seo Dorchadas (1926), traigéide chumasach dhuairc suite ar Oileán Árann le Liam Ó Flaithearta. An fhionaíl, agus na mothúcháin taobh thiar di, ábhar an dráma a raibh atmaisféar gruama aige tríd síos. Sa léiriú, bhí roinnt macallaí ciana le cluinstin ó laethanta achrannacha Synge .... Agus má mhol corrléirmheastóir an dráma, bhí dalladh daoine ann nár thaitin an saothar nó an t-údar leo.’ Bhí baint mhór ag Leon Ó Broin leis an gComhar agus deir seisean in Just like yesterday ..., (1985): ‘I remember March 1926 when we did Liam O’Flaherty’s one and only play, Dorchadas, where the dramatics were both on the stage and off it. We were told that some university students intended to prevent the play being done at all .... I went to General Murphy, the Deputy Commissioner of the Garda whom I had got to know in the army, and he filled the house and wings with plain-clothes men on the night. There was no disturbance whatsoever, however, which I rather regretted, for there is nothing like a row to publicise a play.’ Foilsíodh Darkness, leagan Béarla, in 1926 ach níor léiríodh é; níor foilsíodh an bunleagan Dorchadas, go dtí 2011 (in eagar ag Brian Ó Conchubhair). In 1926 phós sé an scríbhneoir Margaret Barrington (1896–1982), a bhí pósta roimhe sin ar an staraí Éamon Cuirtéis, agus bhí iníon acu; scar siad in 1932. In 1930 rinneadh cinsireacht ar leabhar Liam, The house of gold. Bunaíodh an Bord Cinsireachta in Éirinn in 1929 agus ba é The house of gold an chéad leabhar a ndearnadh cinsireacht air. D'athfhoilsigh Nuascéalta Teo The house of gold, le réamhrá ag Tomás Mac Síomóin, agus sheol an tAthair Pádraig Standún an leabhar i Leabharlann Cathrach na Gaillimhe ar 13 Meitheamh 2013.

Foilsíodh an t-úrscéal Famine in 1937 agus meastar gurb é an saothar is foirfe dá chuid scríbhneoireachta é. Is beag ar fad a scríobh sé ina dhiaidh. Míniú a thugtar air sin gur teiripe aige in aghaidh an melancholia acuta a lean an cathshuaitheadh ba ea an scríbhneoireacht agus nuair a mhaolaigh ar an eagla agus a mhéadaigh ar an gcneastacht ann gur imigh an bhríomhaireacht as a shaothar; ‘volcanic energies’ a thug John Jordan ar an mbríomhaireacht sin in Irish Times 8 Meán Fómhair 1984. Chaith sé na blianta 1940–46 in Connecticut, i Meiriceá Theas agus in oileáin Mhuir Chairib. D’fhill sé ar Éirinn in 1946 agus is i mBaile Átha Cliath a bhí cónaí air as sin amach. Bhíodh ábhar aige in Comhar ó am go chéile: na dánta ‘Na blátha creige’ agus ‘Sgiatháin’, 1946; léirmheas ar An Braon Broghach Uí Chadhain (1949); na gearrscéalta ‘Teangabháil’ agus ‘An buille’, 1946 agus 1952. Sáirséal agus Dill a d’fhoilsigh Dúil (1953). Dúirt Eoghan Ó hAnluain in Irish Times 8 Meán Fómhair 1984: ‘It is no exaggeration to say that the book played a great part in establishing the credentials of the revival of Irish writing in the forties and fifties. Its qualities are remarkable. The stories are simple but profound in their impact and this is achieved by the keenest observations of men, women and beasts presented with vivid accuracy.’ Seo é an t-aistriú a rinne Ó hAnluain ar thagairt i ndialanna Sheáin Uí Ríordáin: ‘I have read some stories by Liam O’Flaherty and sensed that some living things had been caught between the covers. If you held a robin and felt it quiver in your hands you would know what I felt reading O’Flaherty’s Irish.’ Scríobh sé Dúil nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa mar scríbhneoir agus thaitin sé go mór le scríbhneoirí mar Vivian Mercier, Seán Ó Faoláin, Máirtín Ó Cadhain, Frank O’Connor ....

Bhronn Ollscoil na hÉireann DLitt air in 1974. Thug Banc-Aontas Éireann a nDuais Litríochta dó in 1979 i ndiaidh d’Acadamh Litríochta na hÉireann sin a mholadh dóibh. Rinne Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath buanbhall de in 1983. D’éag sé 7 Meán Fómhair 1984 in Ospidéal Naomh Uinsionn, Baile Átha Cliath.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú