Ba é deartháir mór Liam Uí Fhlaithearta (1896-1984) é. Ba iad a thuismitheoirí Micheál Ó Flaithearta, Gort na gCapall, Árainn, Co. na Gaillimhe, agus a bhean Maggie Ganly. Ar 30 Nollaig 1890 a rugadh é. Tá seanchas i dtaobh na lánúine sin agus a muintire ag Tim Robinson in Stones of Aran: Labyrinth, 1995. Bhí sé ar scoil ag David O’Callaghan i bhFearann an Choirce agus bhí ar dhuine de na daltaí a bhuaigh duaiseanna an Chliabhraigh don scoil (An Claidheamh Soluis 17 Bealtaine 1902). Thug Roger Casement cuairt ar an scoil lá agus iarradh ar Thomás colún na Gaeilge sa nuachtán a léamh os ard dó. Bhí an Ceallachánach agus Casement ag iarraidh gurbh i gColáiste Chnoc an tSamhraidh i Sligeach a chuirfí meánoideachas air ach theip ar an iarracht. D’fhan sé ag obair ar an ngabháltas beag talún a bhí ag a mhuintir agus ag iascach ach ní rómhaith a bhíodh sé ag réiteach lena athair. Nuair a bhí sé 21 bliain d’aois chuaigh sé ar imirce go Bostún, mar a raibh a thriúr deirfiúracha ag cur fúthu. D’éirigh sé gafa le cúis an tsóisialachais agus an cheardchumannachais. Bhí sé ina eagarthóir ar irisí éagsúla ann agus ag scríobh píosaí iriseoireachta cúise faoin ainm T.J. O’Flaherty in Daily Worker agus Labour Defender. Nuair a díbríodh é as an bpáirtí Cumannach i 1928 toisc gur Trotscaíoch é, bhíodh sé ag scríobh in The Militant. Bhain sé leis na Industrial Workers of the World (Wobblies). Bhí sé ar dhuine de lucht na stailce ag Fords nuair a tharla an Dearburn Massacre tar éis gur scaoileadh urchair leis na léirseoirí. Phós sé Catherine O’Connell ó Chiarraí Thuaidh i Meiriceá. Tá cur síos air ag a dheartháir Liam in Two Years, 1930 agus ag Emmet Larkin in James Larkin. D’fhill sé ar Éirinn tuairim 1932. Bhíodh sé ag ól go trom agus a spiorad in ísle brí.

Is cosúil gurbh é Tomás an chéad iriseoir ar phléigh Seán Beaumont leis a phlean chun an páipéar An t-Éireannach a bhunú. Bhí sé tamall gairid ina eagarthóir ar an bpáipéar. Tá tagairtí dó ag Éamon Ó Ciosáin in An t-Éireannach: nuachtán sóisialach Gaeltachta, 1993. ‘Dá bhrí sin ní hamháin go raibh dlúthbhaint ag Tomás Ó Flaithearta le bunú an pháipéir, ach ba é a chuir tús leis an nuacht áitiúil ann agus ba thúisce a chuir tuairisc chonspóideach áitiúil isteach. Is cinnte gur chuidigh sé sin le aird a tharraingt ar an bpáipéar agus lena chlú a bhuanú’. Bhain sé leas as an ainm pinn ‘Micheál Riabhach’, ainm a shin-seanathar, agus nuair a thug sé uair faoi shagart paróiste Árann is ar a chol ceathar Pádraig Ó Concheanainn a cuireadh an milleán !

Bhíodh cuid mhaith aistí Béarla aige in Scéala Éireann. Tá cuid díobh in Aranmen All, 1934 agus Cliffmen of the West, 1935, chomh maith le leaganacha Béarla de cheithre ghearrscéal a bhí in An t-Éireannach. Rinne sé misean i Ros Cré uair mar leigheas ar an alcólachas agus deirtear gur thosaigh ag cleachtadh deasghnátha an chreidimh Chaitlicigh arís. Cailleadh é ar 19 Bealtaine 1936. Bhí aiste ina thaobh ag a nia Breandán Ó hEithir in Scéala Éireann 15 Nollaig 1982. Ar 28 Lúnasa 1896 a rugadh a dheartháir Liam agus d’éag 7 Meán Fómhair 1984. Tá cuntais ghairide ar a shaol le fáil i bhfoclóirí beathaisnéise idirnáisiúnta, in A Dictionary of Irish biography, 2ú heagrán 1984, le Henry Boylan agus in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, 1995 le Seán Ó Cearnaigh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú