DE BHIAL, Tomás (1884–1954) Tomás DE BHIAL 1884 1954 An Seanphobal, Co. Phort Láirge Mainistir na Croiche, Co. Thiobraid Árann Durlas, Co. Thiobraid Árann M scríbhneoir aistritheoir múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Sa Seanphobal, Co. Phort Láirge, a rugadh é. Nicholas Veale ó Bhaile na hArda i bparóiste na Rinne a athair agus ba í Honor Browne ón áit chéanna an mháthair. Pósadh iad 25 Feabhra 1868. Ba é Tomás an duine ab óige de cheathrar iníonacha agus ceathrar mac. Baisteadh é 2 Iúil 1884. Dar lena theastas breithe gur rugadh é 6 Meitheamh 1884.

Chaith sé bliain amháin i gColáiste Sióin, Port Láirge, mar ábhar múinteora ach theip ar a shláinte agus b’éigean dó éirí as. Meastar gurbh iad scríbhinní Phádraig Mhic Phiarais a spreag é chun a dhúthracht a chaitheamh leis an nGaeilge. Bhí an teanga aige féin ón gcliabhán. Ag Ard-Fheis 1915Chonradh na Gaeilge bhí sé sa láthair mar theachta ó Chraobh Dhún Garbhán.

Ó 1914 go 1953 bhíodh sé ag múineadh sna cúrsaí samhraidh sa Rinn, é ar an gCoiste Bainistíochta ó 1916 go 1954. Nuair a d’imigh Seán Ó Cuirrín chun bheith ina ollamh le Gaeilge i gCarn Tobair ba é a chuaigh i bhfeighil Choláiste na Rinne ina ionad. Bhí post múinteora aige i nDún Garbhán ag an am. Nuair a chuaigh an Fear Mór go dtí an Rinn chun bheith i bhfeighil Scoil na Leanbh i bhfómhar 1919 chuaigh Tomás ina ionad i gColáiste na nÍosánach, Mungairit, Luimneach.

Phós sé Peig Nic Ghiobúin (d’éag 29 Bealtaine 1989), múinteoir bunscoile ó Dhurlas a raibh ardspéis aici i gcúrsaí na teanga. Bhí triúr buachaillí agus triúr cailíní acu agus Gaeilge amháin a labhraíodh sé leo. Bhí Tomás ina Chathaoirleach ar Choláiste na Rinne ó Lúnasa 1948 go bhfuair sé bás 6 Márta 1954. I Mainistir na Croiche, Co. Thiobraid Árann, a bhí cónaí air ar feadh i bhfad. Tá sé curtha sa reilig nua i nDurlas. D’aistrigh sé dosaen leabhar Béarla go Gaeilge, leabhair staire le A.M. Sullivan agus Éamon Cuirtéis[B2] ina measc. Bhí meas ar leith ar an aistriúchán a rinne sé ar úrsceal an Chanónaigh Uí Shíocháin, Glenanaar (Gleann an áir, 1931). Aistriúcháin eile a rinne sé is ea: Gaoth Adtuaidh, 1940 (Wind from the north le Seosamh Ó Néill[B1]); Dearg-ár dá thionnscamh, 1940 (Prelude to massacre le Evan John); Ceatharlach, 1941 (County histories III: Carlow); Ciste an tsléibhe, 1944 (Treasure of the mountain le M. Bodkin S.J.); Cá bhfuil an ghlóir?, 1945 (There is no glory le Joe Corrie); An muir-thuras a dhein ‘Réalt na Maidine’, 1945 (The voyage of the ‘Dawn Star le H.D. Linehan); Finnscéal na fionnachta, 1947 (The romance of exploration le G. Gibbard Jackson); Cúrsaí simplidhe sa chreideamh, 1950 (Simple course in religion le Micheál Ó Síocháin) [B3]; Naomh Eoin Bosco, 1954 (Saint John Bosco le F.A. Forbes); Stair na hÉireann sa mheán aois, 1957 (A history of medieval Ireland le Edmund Curtis[B2]); Dílse na nGael don Aifreann, 1959 (Ireland’s loyalty to the Mass leis an Athair Agaistín Ó hAodáin OFM.Cap. [B4]). Ar na leabhair bhunaidh a chuir sé ar fáil tá: Oidhe an Athar Uí Shithigh, 1954; Nótaí tís, 1956; Tóraithe agus ropairí, 1956; An Cabhsa, 1985.