‘Ní ag cur na fírinne tada as a riocht a rá gur údar ar an gceol dúchais a bhí ann, nach raibh fear a bharrtha ann lena linn féin leis an bhfad sin siar ó thosaigh daoine ag cur spéis sa gceol seo agus a d’fhéach lena chaomhúint’. Nuair a fuair Liam de Noraidh bás b’in é an tuairim a bhí ag Breandán Breathnach (1912–1985) de.

Níl an sloinne Norris coitianta in aon chor i gCill Uird, Co. Chorcaí, agus is ann a rugadh Liam ar 27 Nollaig 1888. David Norris, taistealaí tráchtála ó cheantar Chill Uird, a athair agus ba í Mary Heskin a mháthair. Bhí beirt deartháireacha agus beirt deirfiúracha aige. Sagairt ba ea triúr dá uncailí agus deirtear gur ar dhuine díobh a bhí an príomhcharachtar in My New Curate le P. A. Sheehan bunaithe.

Dúirt sé féin go raibh taithí aige ar an seancheol ón gcliabhán.

Chuaigh sé le múinteoireacht agus bhí tamaill sa Ghleann Garbh, i mBaile Bhuirne, i mBéal Átha an Ghaorthaidh, i gCúil Aodha, sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh agus i gColáiste Chnoc Mheilearaí. Deirtear go raibh teistiméireacht innealtóireachta de chineál éigin aige ó Choláiste Ollscoile Chorcaí agus go raibh sé ag múineadh tamall i mBéal Feirste.

Chuir Pádraig Ó Braoin eagar ar Liam de Noraidh, Cill Uird, 1980 agus deirtear ann gur i gCill Uird a chaith sé an chuid ba mhó dá shaol agus go raibh siopa crua-earraí aige ann. Ní ardaíodh sé praghsanna, más fíor. D’fhág sin go mbíodh an-tarraingt ar an siopa ach gan mórán airgid ag Liam dá bharr. Bhí eolas maith aige ar an nGaeilge agus ar an gceol. Thosaigh sé ag bailiú na n-amhrán do Choimisiún Béaloideasa Éireann i mí na Bealtaine 1940 agus lean leis an obair go dtí fómhar 1943. Toisc an chogaidh ní raibh fáil ar ghléas taifeadta. Bhíodh air na hamhráin a scríobh. Anuas air sin, nuair nach raibh carr aige, thógadh sé dhá lá air an turas ó Chill Uird go Baile an Fheirtéaraigh a dhéanamh. D’éirigh sé as an obair nuair nach raibh ag éirí leis fiú an méid sin taistil a dhéanamh. Ach faoin am sin bhí trí chéad píosa, idir amhráin is ghiotaí ceoil, bailithe aige. Níorbh annamh amhránaí a rá leis nach ndúirt sé an t-amhrán áirithe seo le daichead bliain anuas. I nGaeltacht na Mumhan, i dTiobraid Árann, i gCorcaigh, i bPort Láirge agus i gCiarraí a bhí an bailiú ar siúl aige agus i measc na n-amhránaithe bhí Sile Bean Uí Ríordáin, An Doirín Álainn. Baile Bhuirne, Labhrás Ó Cadhla agus Seán Ó Cuirrín on Rinn.

In Ceol ón Mumhain, 1965 tá tuairim an seachtú cuid dár bhailigh sé agus is é a dúirt Breandán Breathnach ina thaobh: ‘Níor cuireadh síos an ceol ceart sean-nóis riamh chomh cruinn is atá sé anseo’.

Sheinneadh Liam an t-orgán i séipéal Chill Uird gach Domhnach agus bhí beagán iomann cumtha aige: ‘An Leanbh i mBeithil’, ‘Oíche Nollag’, agus ‘Solas na Soillse’. D’éag sé 21 Eanáir 1972 agus tá sé curtha i gCill Uird. I 1994 d’fhoilsigh Comhairle Bhéaloideas ÉireannBinneas thar meon Iml. I: Cnuasach d’amhráin agus de cheolta a dhein Liam de Noraidh in oirthear Mumhan in eagar ag Dáithí Ó hÓgáin (i gcomhpháirt le Marion Deasy agus Ríonach Uí Ógáin). ‘Is é seo an chéad cheann de thrí imleabhar ina bhfoilseofar iomlán an bhailiúcháin cheoil a dhein Liam de Noraidh i gCúige Mumhan do Choimisiún Béaloideasa Éireann. Ábhar ó iarthar Chorcaí a bheidh sa dara himleabhar acu, agus ábhar ó Chontae Chiarraí is mó a bheidh sa tríú ceann’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú