VERLING, Máirtín (1946–2007)

In An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise 11, 2007 tá cuntas cuimsitheach ar an údar agus an scoláire béaloidis seo ag Mícheál Briody, scoláire Gaeilge. Agus bhí cuntas iarbháis in The Irish Times 24 Bealtaine 2007, a scríobh a dheartháir cliamhain agus údar, Patrick Sammon. Sa Chúil Fhionn, Port Lách, Co. Phort Láirge, a saolaíodh é ar 25 Bealtaine 1946. Ba í Johanna O’Hickey, nia leis an Dr Micheál Ó hIceadha [q.v.], a mháthair. B’as an Oileán Mór, Cóbh, Co. Chorcaí, d’athair Mháirtín, foraoiseoir ar tharla dó a bheith ag obair tamall de bhlianta i gceantar Phort Lách. Aistríodh go Mala é tuairim 1953 ach chaitheadh Máirtín óg laethanta saoire i dteach a uncail Mick Hickey, iománaí iomráiteach, a raibh feirm aige in aice le Port Lách. Ar ball aistríodh an t-athair arís nuair a ceapadh é ina chigire foraoise agus is sa cheantar fairsing sin ar theorainn Chiarraí agus Chorcaí a bhí sé ag obair. Ach is i gcathair Chorcaí a bhí an teaghlach lonnaithe agus cuireadh meánoideachas ar Mháirtín i gColáiste na Toirbhearta ann. In 1967 ghnóthaigh sé céim san eolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tríocha bliain a chaith sé ina mhúinteoir bitheolaíochta i gColáiste de la Salle, Port Láirge. Tuairim 1971 a thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge i gceart. Is i nDún Chaoin a músclaíodh a spéis inti a chéaduair. Ó mhuintir na Gráige, Chlochair is Túr an Bháin i gCorca Dhuibhne is mó a phioc sé suas an teanga. Ba é Pádraig Ó Cíobháin, múinteoir agus scríbhneoir de bhunadh na Gráige, a chéadmhúin Gaeilge na dúiche sin do Mháirtín. Níos déanaí chaith sé samhradh ag iascaireacht gliomach i dteannta an scríbhneora Dónal Mac an tSithigh, Baile Eaglaise, rud a chuir go mór lena eolas ar an bhfarraige agus ar Ghaeilge na háite. Phós sé in 1974 Emma Ní Mhurchú ó na hAoraí i mBéarra, bean óg a chuir go mór lena shuim sa teanga. Rugadh beirt iníonacha dóibh, Cáit agus Emma.

In 1987 ghnóthaigh sé céim mháistir sa léann dúchais i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, tar éis dó eagar a chur faoi stiúir Ghearóid Uí Chrualaíoch ar chnuasach béaloidis a bailíodh ó Phádraig Ó Murchú (1873-1950). In 1996 d’fhoilsigh Coiscéim Gort Broc: scéalta agus seanchas ó Bhéarra bailithe ó Phádraig Ó Murchú, é cóirithe agus curtha in eagar ag Máirtín. Ba iad Tadhg Ó Murchú, Seán Ó Súilleabháin agus Diarmaid Ó hUallacháin bailitheoirí an ábhair sin. Deir Ó Crualaíoch i mbrollach an leabhair agus é ag tagairt don eagarthóireacht agus don taighde ar chúlra agus ar chomhthéacs an ábhair:

Tá an obair throm seo, ar féidir leis a bheith idir dhuaisiúil agus léanmhar, curtha de go díograiseach sa chás seo ag Máirtín Verling de ghrá an léinn agus go háirithe de ghrá an chultúir dhúchais Ghaelaigh agus lucht fánach a iompair. Tá creidiúint an domhain ag dul do Mháirtín, mar dhuine a oileadh i gceird eolaíochta eile ar fad, as an lámh ghéar, chruinn, thomhaiste, údarásach a dhein sé ar na téacsaí seo a thóg Tadhg Ó Murchú síos fadó ó bhéal Phatsy Ghort Broc.

In 1999 foilsíodh an dara leabhar le Máirtín, Béarrach mná ag caint: seanchas Mhairéad Ní Mhionacháin. Ábhar é seo a bhailigh Tadhg Ó Murchú. Foilsíodh leagan Béarla in 2003. Is léir ar réamhráite an dá leabhar sin gur mhór an chabhair dó a bhean Emma. Tugtar faoi deara an trácht a dhéanann sé ar an gcaoi a ndeachaigh an teanga i léig i mBéarra. Agus é ag tagairt do Phádraig Ó Laoghaire, a d’éag in 1896, deir sé, mar shampla:

Idir an lá gur cailleadh an Laoghaireach go hóg agus an lá [i 1950] gur cailleadh Pádraig Ó Murchú agus é ina sheanduine... fuair nós na scéalaíochta, agus nós labhartha na Gaeilge, bás i dteannta a chéile i ndúthaí Bhéarra.

Is léir ar na haistí aige in An Linn Bhuí agus in Decies go raibh mórspéis aige i seanchas na nDéise agus sna bailitheoirí éagsúla a bhailigh ábhar ann. Bhí cóiriú á dhéanamh aige ar an stór mór de bhéaloideas agus de sheanchas na Rinne a bhí bailithe acu sin, agus ag bailitheoiri éagsúla eile, ó Micheál Turraoin agus bhí i gceist aige sin a bheith ina ábhar tráchtais dochtúra aige i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh. Bhí éirithe as an múinteoireacht aige i 2004. Níor lig an drochshláinte dó leanuint leis an bplean sin. Ach tá toradh na taighde sin le fáil in Leabhar Mhaidhc Dháith: scéalta agus seanchas ón Rinn (2007). Bhí sé ag tnúth go mór leis an leabhar a fheiscint. Deir Mícheál Briody:

Cailleadh é áfach go tobann an 3ú lá de Mhárta, 2007. An lá a cuireadh sa chré é bhain an saothar céadtach seo, Leabhar Mhaidhc Dháith, séipéal Naomh Pádraig i bPort Lách amach go gairid sarar cuireadh tús le hAifreann na Marbh.

Nuair a rug an bás air bhí sé ag obair ar an lear mór eolais ar luibheanna agus ar an dúlra trí chéile a bhailigh Tadhg Ó Murchú don Choimisiún Béaloideasa ó Shéan Sigersún, An Rinnín, Cathair Dónall, Uíbh Ráthach. Níor deonadh léas saoil dó áfach an saothar seo a chur i gcrích, ach tá sé beartaithe ag a iníon Emma, ar bitheolaí í féin, tabhairt faoi chlabhsúr a chur le tionscnamh seo a hathar. Níorbh iad luibheanna agus béaloideas amháin ba ábhair shuime dó. Bhí cur amach aige ar chanúintí Gaeilge na Mumhan. Deir Briody go raibh ceird na péintéireachta aige – deartháir leis an t-ealaíontóir aitheanta John Verling (nach maireann) – agus gur ghrianghrafadóir oilte é.

I bhfómhar 2010 tháinig an leabhar deireanach a réitigh sé amach, Mioscais na gCumar: Béaloideas agus Seanchas ó Bhéarra. Bhí an saothar seo nach mór ullamh aige nuair a cailleadh é. A bhean Emma a réitigh don chló é agus ba é an foilsitheoir Pádraig Ó Fiannachta a chuir eagar air. Sa réamhrá deir an scoláire béaloidis Gearóid Ó Crualaíoch:

Fear ildánach amach is amach ab ea Máirtín Verling. Bhí tallann an ealaíontóra ann agus talann an scoláire taighde. Bhí sé de bhua mór aige gur éirigh leis an dá thallann san do thabhairt le chéile ann féin agus a chur ag obair as láimh a chéile chun saothair ar nós an leabhair seo a chruthú ina bhfuil ar fáil beachtaíocht tuairisce an eolaí i dteannta le comhbhá agus comhthuiscint daonnachtúil.

Tá dlúthdhiosca ag gabháil leis an leabhar. Ba é Críostóir Mac Cárthaigh, Cnuasach Bhéaloideas Éireann, is mó a chaith dua le hullmhú an dlúthdhiosca sin.

Ní beag an oidhreacht léinn a d’fhág Máirtín Verling ina dhiaidh. Ina leabhar The Irish Folklore Commission 1935-1970: history, ideology, methodology (2007), deir Mícheál Briody:

Of all those who edited material derived from the Commission’s Main Collection, Máirtín Verling was, without doubt, if not the most professional, certainly one of the two most professional and thorough. His books should stand as exemplars for those who in years to come will mine this great treasure house.

(Tá na húdair buíoch de Mhícheál Briody as eolas ar Verling a chuir sé ar fáil dóibh)

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú