Ó LAOGHAIRE, Pádraig (1870–1896) Pádraig Ó LAOGHAIRE 1870 1896 Na hInsí, Co. Chorcaí Béarra, Co. Chorcaí M Scoil Mhic Eoghain, Na hInsí, Co. Chorcaí múinteoir náisiúnta 1882–1922 [B9] múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

D’ainneoin drochshláinte i rith a shaoil ghairid bhí saothar tábhachtach ceannródaíochta déanta ag Pádraig Ó Laoghaire nuair a foilsíodh Sgealaidheacht Chúige Mumhan, 1895. Ba é an chéad leabhar riamh ón Mumhain é ina raibh breactha scéalta i nGaeilge ó bhéal na ndaoine. Sampla an Chraoibhín i gConnachta a chuir Pádraig i mbun oibre agus nuair a d’éag sé in aois 25 bliana dó mhol cinnirí ghluaiseacht na hAthbheochana go hard é. ‘Gaiscíoch na Gaeilge’ a thug an Craoibhín air. Dúirt Eoin Mac Néill ina thaobh: ‘Fear foghlamtha géarchúiseach glic stuama teasghrách saothrach’. Chum an tAimhirgíneach, Seosamh Laoide agus Torna tuirimh air.

Sna hInsí i mBéara i gContae Chorcaí a rugadh é i nDeireadh Fómhair 1870. Feirmeoir ba ea a athair, Pádraig, agus ba í Máire Ní Uallacháin a mháthair. Toghadh ina mhonatóir sa scoil náisiúnta (Scoil Mhic Eoghain) é nuair a bhí sé 14 bliana d’aois agus bhí sé ina mhúinteoir cúnta ann go dtí deireadh 1894. B’fhéidir gur chaith sé tamaill i Londain agus i mBéal Feirste ach is cinnte go raibh sé fostaithe ag Scoil na mBuachaillí i dTír an Iúir, Baile Átha Cliath, ó 7 Eanáir 1895 go 29 Deireadh Fómhair 1896. In 1895 phós sé Eibhlín Ní Néill ón gCrompán, an tAthair Peadar Ó Laoghaire a bhí ag feidhmiú. Rugadh iníon dóibh timpeall Iúil 1896.

Is léir ó litir Phádraig Uí Bhriain[q.v.], foilsitheoir, chuig An Gaodhal (i gcló in Micheál Ó Lócháin agus An Gaodhal, 1990 le Fionnuala Uí Fhlannagáin) gurbh é An Gaodhal a spreag a spéis sa teanga an chéad lá. Bhí sé ag cur spéise inti chomh fada siar le 1890. Tá na litreacha a scríobh sé chuig Seosamh Laoide san Acadamh Ríoga. Feabhra 1891 dáta na chéad litreach agus is léir go raibh sé ag bailiú amhrán cheana féin. Bhí sé chomh dúthrachtach i dtaobh na Gaeilge gur mhúin sé í dá shagart paróiste agus don sagart óg i dtreo go mbeidís in ann seanmóirí a thabhairt uathu. Mhúin sé í freisin do Chorcaíoch óg, Osborn Ó hAimhirgín, a bhí tagtha go dtí na hAodhairí ar a tóir. Chuigesean ba mhóide cúnamh Phádraig a chumas ar scríobh agus léamh na teanga. Bhí sé ag obair thar a fhulaingt nuair a bhí sé i mBaile Átha Cliath ag iarraidh leabhar gramadaí agus foclóir a scríobh. Theip ar a shláinte in Iúil 1896 agus d’fhill sé ar Bhéara. Fuair sé bás ann den eitinn ar 30 Deireadh Fómhair na bliana sin. Galar í a lean a mhuintir riamh agus, truamhéalach le hinsint, fuair an naíonán Bláthnaid bás cúpla lá roimh Phádraig. D’imigh a bhean Eibhlín go Meiriceá ach ba ar éigean ann í nuair a sciobadh ise chun siúil freisin.

Dá óige é bhí meas scoláire ar Phádraig. Shíl an Craoibhín go raibh eolas aige ar an tSean-Ghaeilge agus san fhógra a d’fhoilsigh an Cork Examiner i ndiaidh a bháis dúradh: ‘Bhí sé ag déanamh staidéir ar an seanléigheacht seo ar feadh na haimsire a bhí sé ag múineadh scoile i mBaile Átha Cliath gur bhuail galar an bháis é. Dá dheascasan mothófar a chreach níos géire mar is tearc duine labhras an Ghaeilge ón gcliabhán chuireas mórán suime sa tSean-Ghaeilge’.

I bhfómhar 1895 toghadh ina chomhrúnaí oinigh ag Conradh na Gaeilge é in éineacht le Stiofán Bairéad, Séamus Ó Cathasaigh agus Tomás Ó hAodha. Níl amhras ach gur bhrostaigh sé chuige féin an bás leis an obair agus an staidéar go léir. I litir chuig an Craoibhín dúirt sé: ‘Is beag nach bhfuil na súile bainte asam le gnó agus obair. Ní théim a chodladh aon oíche go dtí a haon agus a dó go minic, agus caithim bheith im shuí arís go moch ...’. Scríobhadh sé véarsaí i mBéarla freisin agus d’aistrigh sé The Rime of the Ancient Mariner ach níor foilsíodh é agus ní fios cá bhfuil an lámhscríbhinn. Aiste le Seán Ó Súilleabháin in Béaloideas 3 (Nollaig 1932) an cuntas is iomláine dá bhfuil i gcló.