Scríobh Séamus Ó Catháin [S.Ó C.] cuntas air, mar aon le clár a shaothair, in Béaloideas 42-44, 1974–76. Deir sé: ‘25,000 leathanach lámhscríbhinne a d’fhág sé i dtaisce i gCartlann Roinn Bhéaloideas Éireann, idir dialanna agus eile, lámhscríbhinní a bheas ina gcloch chuimhne air féin agus ar na céadta seanchaithe a chuidigh leis an chuid seo de shaibhreas bhéaloideas na hÉireann a chur ar chumas a shábhála. Ní raibh a shárú mar bhailitheoir le fáil agus nuair a chuimhnítear ar a raibh de bhailitheoirí móra lena linn féin agus roimhe sin, ní beag an moladh sin. Bhí sé thar a bheith éifeachtach agus thar a bheith cruinn agus d’éirigh leis ábhar béaloidis a sholáthar ar réimse as cuimse leathan gach uile áit dá mbíodh sé ag obair.’ In ‘Seanchas “ad finem”; sracfhéachaint ar shaothar Chiaráin Bairéad, Bailitheoir Béaloidis, 1951-1975’ in Sinsear Uimhir 7, 1993 deir Anna Bale: ‘Ábhar a bhailigh Ciarán idir 1951 agus 1962 agus a scríobh sé amach é féin atá iontu, ach rud suntasach ar fad i dtaobh an bhailiúcháin bhreá seo ná nach bhfuil sna lámhscríbhinní sa Chartlann ach a thús. Tá os cionn a dhá oiread eile arís a bhailigh an Bairéadach nach bhfuil ar fáil sna lámhscríbhinní fós. Tá ábhar bailithe aige ar 111 téip nár éirigh leis a scríobh amach in aon chor.’

Mac ba ea é le Stiofán Bairéad (1867-1921), agus a bhean Julia (Siobhán Ní Mhurchú), ar chainteoir dúchais Gaeilge ó Bhaile Chláir í, agus rugadh é i mBaile Átha Cliath. Le Gaeilge a thóg siad a gclann; síleadh ag an am gurbh iad an chéad lánúin iad i mBaile Átha Cliath leis na céadta bliain a rinne sin. Sa bhfógra báis luaitear beirt deirfiúracha agus deartháir amháin. Rugadh Ciarán ar 17 Feabhra 1905. Deir Bale: ‘B’fhéidir nár mhiste a lua go mbíonn an Laidin in úsáid ag Ciarán go fairsing sa leabhar nótaí: iarsma, is dócha, de thréimhse a chaith sé ag gabháil leis an sagartóireacht.’ Bhí bunchéim ollscoile ag Ciarán nuair a fostaíodh é i gCoimisiún Béaloideasa Éireann: bhí sé ina chláraitheoir 1949-51 agus ina bhailitheoir béaloidis faoin gCoimisiún ar feadh 1951-71 agus ar feadh 1971-75 faoi Roinn Bhéaloideas Éireann den Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. I gCúige Chonnacht, i gContae an Chláir, i gContae Luimnigh, i gCeatharlach, i gCill Chainnigh agus i mBaile Átha Cliath a bhíodh sé ag bailiú. Luaitear go háirithe ar bhailigh sé d’ábhar ar an gCarn Mór agus i bparóiste Bhaile Chláir, Co. na Gaillimhe. Bhailíodh sé ábhar freisin d’Ard-Mhúsaem na hÉireann (‘ag aimsiú ceardaithe agus gléasraí de gach uile chineál do lucht na hIarsmalainne’ i bhfocail Uí Chatháin). Bhí aistí leis i gcló in Irish Book Lover, Béaloideas, Feasta. Níor phós sé. D’éag sé 18 Lúnasa 1976 in Ospidéal Pháirc Mhuirlinne, Gaillimh. ‘Beechmount’, An Turlach Mór, Co. na Gaillimhe, agus ‘Ferndale’, Bóthar Whitehall, Baile Átha Cliath, a tugadh mar sheoltaí san fhógra báis. Tá sé curtha i reilig Bhaile Chláir. Tá páipéir a athar agus a dheirféar Sighle (1903-1985) mar aon lena pháipéir féin i gcartlann Choláiste Ollscoile na Gaillimhe.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú