Dúirt Aisling Ní Dhonnchadha i dtaobh a shaothair: “Is cinnte go ndeachaigh a thaithí fhada mar nuachtóir chun tairbhe dá chumas stíle is d’ealaín na gearrscéalaíochta go háirithe. Ba thábhachtach an scríbhneoir é Tomás Bairéad agus is cinnte nár tugadh an t-aitheantas ceart dá thallann i measc ghearrscéalaithe na Gaeilge” (An Gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940, 1981).

Sa Bhaile Dóite, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 7 Iúil 1893. Feirmeoir a athair Michael Barrett agus ba í Mary McDonough (‘Mary Frank’) ón mBaile Dóite a mháthair. Bhí beirt deirfiúracha agus deartháir amháin aige. Ní bhfuair sé d’oideachas foirmiúil ach bunscolaíocht. Tá cuntas ar na múinteoirí i Maigh Cuilinn agus ar an nGaeilge sa scoil sna haistí dírbheathaisnéise Gan baisteadh, 1972.

Chaith sé tamaill dá óige i dteach a Uncail Riocard i mBaile an Locha. Bhí gach rud ar a mhian aige ann: “bád ar an loch agus gléas iascaireachta; gunna, cú, leathbhrocaire agus mada caorach; trapanna agus súilribeacha agus capall agus carr cruinn a thabharfadh chuig an Aifreann muid agus isteach go Gaillimh corrlá”.

Bhí sé sna hÓglaigh ó thosach agus ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta. Micheál Ó Droighneáin ón Spidéal (d’éag 5 Feabhra 1964) a thug an mhóid dó. Thug Tomás féin an mhóid do chuid mhaith d’ógfhir an cheantair agus ba i luathscríbhinn a choimeádadh sé cuntas ar na himeachtaí sin. Cheap sé córas dá chuid féin don Ghaeilge. Toisc scil a bheith aige sa luathscríbhneoireacht a fuair sé post tuairisceora sa Galway Express i 1918. Bhí Sinn Féin i ndiaidh an páipéar sin a cheannach ar chúpla céad punt. Ar an bhFaiche Mhór a bhí an oifig. I bhFómhar 1920 chuathas isteach ann agus milleadh an t-inneall cló agus eile le hoird agus le gróite. Bhí tuairim mhaith ag Tomás gurbh iad na pílir a rinne é agus nárbh iad na Dúchrónaigh. Níor athbhunaíodh an páipéar.

Fuair sé post san Irish Independent i mBaile Átha Cliath i 1922. 26 bliana a chaith sé ann, 23 díobh ag taisteal na tíre agus trí bliana ina eagarthóir Gaeilge.

Ba é Tomás an t-iriseoir ba thúisce a fuair preasráiteas ó Éamonn de Valera i dtaobh Fhianna Fáil nuair a bunaíodh an páirtí i mBealtaine 1926. Ba é an t-aon tuairisceoir amháin é i gCarraig Mhachaire Rois ar 26 Bealtaine 1927 nuair a fiafraíodh den Aire Caoimhín Ó hUiginn cad a bhí le rá aige faoin 77 a cuireadh chun báis agus gur fhreagair seisean go neamhdhiscréideach ón ardán: “And 77 more if necessary”. Thaistealaíodh sé timpeall an Chláir le de Valera le linn toghchánaíochta.

Toisc b’fhéidir nár thaobhaigh Tomás le ceachtar taobh sa Chogadh Cathartha chuaigh Proinnsias Ó Gallchobhair i gcomhairle leis nuair a bhí sé ag ceapadh foirne do Scéala Éireann i 1931. Thairg sé post do Thomás féin ach dhiúltaigh sé é. Shíl sé nach mairfeadh an páipéar ach tamall gairid agus bhí sé díreach tar éis Ellen Mara a phósadh i Londain. Bhí beirt iníonacha acu.

Foilsíodh a chéad chnuasach gearrscéalta i 1936, Cumhacht na cinniúna. Ba léir gur chnuasach tábhachtach é agus bhronn an Irish Academy of Letters duais air i 1938. An Geall a briseadh (1938), Cruithneacht agus ceannabhán (1940), Ór na haitinne (1949) agus Dán (1973) na cnuasaigh eile. Tá buanna agus laigí Thomáis mar ghearrscéalaí pléite go mion in An Gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940.

I Samhain 1948 d’fhág sé a phost san Irish Independent. B’aite leis amhastrach an tsionnaigh nó fead an mhadra uisce ná bailte móra na cruinne. Níor leag sé cos arís i mBaile Átha Cliath. Thóg sé teach dó féin i gCill lúir Áine i Maigh Cuilinn. “Tá an teach seo aige dingthe isteach i gcoill. Ina thimpeall tá an ghiúis. Ina aice tá an coll, an fhuinseog, an droighneán, an sceach gheal. Os a chomhair tá canáil agus loch mór Bhaile Uí Choirc. Tá lochanna eile sa chomharsanacht, maille leis an gcarracán, an léana, an leargán. Bhí Tomás ar a shuaimhneas ann fad is a mhair sé - ar feadh 25 bliana” (Feasta Iúil 1973 “Tomás Bairéad: spléachadh ar an bhfear agus ar a shaothar”, le Pádraic Breathnach).

I 1973 foilsíodh As an nGéibheann: Litreacha chuig Tomás Bairéad. Tá aiste ann ar an gcairdeas sin le Máirtín Ó Cadhain. Níor mhiste riamh le Tomás comhairle a leasa a chur ar Mháirtín i dtaobh stíle nó i dtaobh chúrsaí a shaoil. Nuair a gabhadh Máirtín le géibheann a chur air ba é Tomás a chuir an nuacht sin ar an Evening Herald. Ba é freisin faoi deara gur saoradh Máirtín ón gCurrach ar deireadh. Ní raibh Máirtín buíoch de ach lean an cairdeas agus thugadh Máirtín cuairteanna ar Thomás i Maigh Cuilinn. Bhí ardmheas aige ar chruinneas cainte Thomáis agus mholadh sé dá mhic léinn a dhéantús a léamh.

D’éag Tomás ar 26 Deireadh Fómhair 1973. Tá sé íorónta nár luadh a bhás san Irish Independent, ag cuimhneamh dúinn ar an scéal “An Reilig” in Cumhacht na cinniúna faoin iriseoir arbh é a dhualgas cuntais a bheith ullamh aige ar dhaoine faoi choinne a mbáis. Ba é críoch an scéil nach raibh aon chuntas ullamh air féin don pháipéar nuair a d’éag sé.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú