Ba é ba thúisce a chraol caint i nGaeilge ar 2RN (Radio Éireann), mar chuid den ghnáthchlár, go gairid i ndiaidh oscailt an stáisiúin 1 Eanáir 1926. D’fhaigheadh sé obair bholscaireachta i nGaeilge le déanamh ann.

Dúradh sna páipéir ag am a bháis gur ag Crosaire Uí Chadhla, An Ghráinseach, Aird Mhór, Co. Phort Láirge, a rugadh é. Mac le Thomas Dorney é, dar lena theastas pósta. An t-aon teastas breithe atá ar fáil do James Dorney, ar Thomas a bhí ar a athair, baineann sé le leanbh a rugadh i gCill Loinín, Co. Phort Láirge, 20 Meán Fómhair 1876. Ba í Bridget Meany a mháthair agus gréasaí ba ea a athair. Má rugadh Séamus eile i gceantar Dhún Garbhán timpeall 1875/6, ar Tomás a bhí ar a athair, níor cláraíodh an bhreith sin.

Ag pointe éigin i ndiaidh a cháilithe mar mhúinteoir náisiúnta agus roimh Bhealtaine 1899 fuair sé post i scoil Lána Naomh Eoin i mBaile Átha Cliath. Bhí an mhír nuachta seo i gcló in An Claidheamh Soluis 20 Bealtaine 1899: ‘At an entertainment given to the boys of St Kevin’s Evening School, Dublin, by Mr Dorney, he urged them to study the Irish language’. Foilsíodh san iris chéanna ar 5 Lúnasa na bliana sin amhrán, ‘Lá an bhuailte’, a bhailigh sé sa Rinn, agus ar 30 Meán Fómhair agus 7 Deireadh Fómhair an dán fada ‘Caoineadh an Athar Seán Ó Maonaigh’ a fuair sé ó Dhónall Ó Fearachair.

B’fhéidir gur toisc gur chainteoir dúchais Gaeilge é a cheap an tAthair James Anderson é. Faoi 1900 freisin bhí sé ina rúnaí agus ina mhúinteoir ag Craobh Naomh Caoimhín de Chonradh na Gaeilge. Bhíodh sé ag múineadh ranga ina dhiaidh sin i gCraobh Shliabh Arguis. Toghadh é ina bhall de choiste chraobh nuabhunaithe an Chéitinnigh i mBealtaine 1901. Timpeall an ama sin bhí sé ina bhall d’fhoireann iomána na nGaeilgeoirí ar Chéitinnigh cuid mhór díobh (An Camán, Márta 1934). Toghadh ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha é i 1905. Ceapadh an bhliain chéanna é ina phríomhoide i Scoil Lána Eoin. Fuair sé teistiméireacht ó Choláiste Laighean (An Claidheamh Soluis 29 Meitheamh 1907).

Scríobh sé an dráma Ar son baile agus tíre do Chraobh an Chliabhraigh. Bhí sé féin ina chathaoirleach ar an gcraobh sin. Léiríodh an dráma seo sa Rotunda i mBaile Átha Cliath agus anseo is ansiúd ar fud na hÉireann. Thógadh sé féin ceann de na príomhrólanna ann. I gcomhpháirt le Pádraig Ó Dálaigh scríobh sé The educational pronouncing dictionary of the Irish language, 1922. Bhí sé ina eagarthóir tamall ar Tír na nÓg iris a fhoilsítí i 1923. Bhíodh aistí i gcló aige in An Claidheamh Soluis, Timire Chroí Naofa Íosa, The Leader. Chuir sé leabhair scoile ar fáil ar cheann díobh Eachtra na nádúire, 1928. Tá cúpla amhrán a chum sé i gcló ag Pádraig Ó Murchadha in An Ceoltóirín, 1936.

Phós sé Caitlín Ní Bhriain, múinteoir, 26 Iúil 1904 i gCarn na gCloch. Bhí cónaí air san am ag 12 Sráid Synge. De réir Dhaonáireamh 1911 bhí sise ag obair léi go fóill mar mhúinteoir. Tugadh mar eolas san fhoirm nach raibh aon Ghaeilge aici. Ceathrar leanaí a rugadh dóibh go nuige sin ach ní raibh beo díobh ach beirt. Ag 22 Ardán N.Séamus, Carn na gCloch, a bhí cónaí orthu ag an am.

Fuair Séamus bás ag 55 Bóthar Chromghlinne, Baile Átha Cliath, 7 Feabhra 1946. Tá sé curtha i nGlas Naíon.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú