Duine de ‘charachtair’ Chonradh na Gaeilge i dtús a ré ba ea é. Tá scéal a bheatha, An Ciarraíoch Gaodhalach, fé dhá bhrat-airm. Cúntas gearr ar a chúrsaibh óna bhéal féin. The Kerry Gaelic speaker under two flags, leabhrán 32 leathanach a d’fhoilsigh sé féin tuairim 1903, ar cheann de na chéad dírbheathaisnéisí sa nualitríocht. I gceantar Chaisleán Ghriaire a rugadh é. Chuir sé an méid sin in iúl i nDaonáireamh 1901. Thug sé an t-eolas eile seo ann: gur 52 a aois, gur gruaigeadóir é agus go raibh Gaeilge aige; 49 a bhí ag a bhean Margaret agus is i mBaile Átha Cliath a rugadh í agus bhí Gaeilge aici; sa teach ag 180 Sráid na Lobhar, Baile Átha Cliath, in aontíos leo bhí a mac Hugh (23) a rugadh i mBéal Feirste agus a raibh Gaeilge aige; a n-iníon Mary (20), a rugadh i mBirmingham agus a raibh Gaeilge aici; Arthur White (30), a gcliamhain, saighdiúir agus baintreach, ar Béarla amháin a bhí aige agus a iníonsan. I nDaonáireamh 1911 thug Aodh (65) le fios go raibh sé pósta le 44 bliana, go raibh a bhean 62 bliana d’aois, gur cúigear a rugadh dóibh agus, in ainneoin eolas 1901, go raibh an cúigear beo.

Go hachomair is é an t-eolas a thug sé ina dhírbheathaisnéis: chuaigh sé go Meiriceá nuair a bhí sé 16 bliana d’aois; bhí beirt deartháireacha ann roimhe; liostáil sé in arm an tuaiscirt in 1862. ‘ Is mó an troid agus bualadh do ghabhas tríd, mar d’fhéadfainn na cneácha do thaispáint ar bhallaibh dem’ chorp go dtí an lá so. ... Don taobh ó thuaidh de na Stáit dhineas cath chun na daoine dubha bochta ó dheas do shaoradh’. Cailleadh deartháir leis sa chogadh. D’fhill sé abhaile tuairim 1868 agus tar éis cúpla bliain bhí sé chun dul ar ais ach d’iarr a mháthair air a céad mhac, a bhí i Londain le tríocha bliain gan tuairisc, a aimsiú. Chuir an leasdeartháir seo Aodh ag ól agus i ndiaidh seachtaine ní raibh fágtha aige ach scilling. B’in é an fáth ar liostáil sé in Arm na Breataine. 21 bliain a bhí sé ann agus dúirt sé gur caitheadh go dona leis toisc gurbh Éireannach agus Caitliceach é. Ina ainneoin sin ceapadh ina ‘oifigeach beag’ é. D’fhág sé an tArm tuairim 1891. D’admhaigh sé gur ‘droch-theist’ a fuair sé óna uachtaráin: scríobh sé ansin chuig ‘ardoifigeach Oráiste a bhí ina chónaí sa bheairic i gContae Thír Eoghain’ agus fuair dea-theist uaidh.

Minic go leor a thagraíodh sé ina óráidí dá shaol saighdiúrachta. In Fáinne an Lae 16 Meán Fómhair 1899, mar shampla, tuairiscíodh go ndúirt sé i nGaeilge le cruinniú i gCaisleán Ghriaire: ‘You are all aware that I left the country when but a youngster in my teens. I have travelled through the four great continents of the globe—I served under two flags in foreign countries for over 32 years of my life. . . [Irish] the first tongue I heard from the cradle’.

Tugann sé cuntas ina dhírbheathaisnéis ar a shaothar ar son na teanga i mBaile Átha Cliath le deich mbliana anuas. B’fhéidir gurbh i gCumann Buanchoimeádta na Gaeilge, tuairim 1892, a bhí sé ar dtús; bhí sé ina bhall go fóill in 1899 (Fáinne an Lae 7 Deireadh Fómhair 1899). Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 5 Márta 1898 gur bliain go leith roimhe sin a bhunaigh sé ranganna Gaeilge ag 15 Sráid Gloucester Uachtarach i gcomhair lánstaonairí thuaisceart na cathrach. Is cosúil gurbh i ngeall ar an seachrán óil úd fadó a bhí sé chomh tugtha sin do chúis na measarthachta. Deir sé in An Ciarraíoch Gaedhealach : ‘Do labhras na céadta uair sa Ghaeilge amháin i gConradh na Gaeilge gach oíche Dia Céadaoin i gcomhair íseal agus uasal do bhíodh ag éisteacht liom ann. Mar an gcéanna i Halla an Athair Maitiú i Sráid an Teampaill agus i hallaí eile mar seo ar chúis an ólacháin ar fud Bhaile Átha Cliath. Do chuireas ar bun craobhacha agus buíonta Gaelacha im’ thigh féin agus i dtithe eile tríd an gcathair agus gan aon luach ná duais ná ní dá bharr agam ach tarcaisne mhór ó dhaoine nár thuilleas uatha é. . . Mise an chéad fhear a chuir ar bun na Crúséadacha Gaelacha ó Bhaile Átha Cliath ... ar feadh cúig bliana sular thóg craobhacha Chonradh na Gaeilge na crúséadacha agus na haeiríochta seo’.

‘The Gaelic-Irish crusader’ a tugadh air in Fáinne an Lae 7 Eanáir 1899. Tuairiscíodh san iris chéanna 16 Iúil 1898 gur labhair sé Gaeilge le scata mairnéalach agus iascairí i Mullach Íde agus gur thuig siad gach focal. Ba ghnách leis suas le céad cóip den iris sin a dhíol i rith na dturasanna a thugadh sé.

San iris sin 17 Meitheamh 1899 dúradh go raibh sé le dul mar ‘travelling teacher’ go dtí Cúige Mumhan le labhairt i mórchuid bailte agus sráidbhailte. In An Claidheamh Soluis 14 Meán Fómhair 1901 tuairiscíodh gur thionóil sé leathdhosaen cruinniú an Domhnach roimhe sin i Luimneach agus gur thug dosaen óráid i nGaeilge agus i mBéarla. Dhealródh sé gur chaith sé coicís i Sasana ar a chostas féin i 1900. Tamall ina dhiaidh sin bhailigh sé airgead chun dul go Meiriceá: ghabh sé buíochas leis an Freeman’s Journal, le feisirí agus lena ‘chara maith fiúntach’ Pól Ó Broin, 4 Sráid Diúc, a bhí ina ‘rúnaire’ aige chun an turas Gaelach a eagrú. Chuir Peadar Mac Fhionnlaoich agus Dubhghlas de hÍde litreacha dea-mhéine chuige agus tá siad i gcló aige ina leabhrán. 5 Feabhra 1902 an dáta atá le litir an Chraoibhín: ‘A Charaid, Go dtugaidh Dia slán go dtí America thú agus slán abhaile arís. Tá fhios chomh cruaidh agus do throid tú ar son na Gaeilge agus tá mé cinnte go ndéanfaidh tú obair mhaith in san Oileán Úr. Dá mhéad oibritheoir atá againn insan gcúis is amhlaidh is fearr sinn agus is beag duine i nÉirinn d’oibrigh níos dúthrachtaí ná thú féin’. In An Claidheamh Soluis 22 Márta 1902 bhí cearclán ag Hugh Courtney, 4 Duke St, ‘appealing for funds to defray heavy expenses of his projected tour through the USA and Canada for the purpose of promoting and popularising the Gaelic League movement’. Ach chuir an tArdrúnaí Pádraig Ó Dálaigh in iúl gurbh fhiontar príobháideach é agus nach raibh aon bhaint ag Conradh na Gaeilge leis.

Dhealródh sé nach raibh baint ag an gConradh ach oiread leis na ranganna Gaeilge a bhíodh ar bun aige ina theach féin. ‘Mr Courtney’s Gaelic Class Rooms’ an tagairt in Fáinne an Lae 14 Bealtaine 1898 agus tuairiscíodh 7 Eanáir 1899 go raibh cúigear de mhuintir Uí Churnáin ag an rang seo ar chuir sé tús leis trí nó ceithre bliana roimhe sin. An tseachtain ina dhiaidh sin bhí nóta i gcló i dtaobh dhá phearóid ón India Thoir a bheith ag fáiltiú i nGaeilge roimh chustaiméirí ina shiopa bearbóra agus bhí an fógra seo ann: ‘The only Irish-speaking Barber! Hugh Courtney, the Irish Language crusader, respectfully solicits the Patronage of all Irish Speakers for his Hairdressing Salon 180 Townsend St (one door from Tara St, Dublin)’. Ar 15 Aibreán dúradh go raibh mar chúntóir ag Aodh ‘J. Burke, one of the best Irishians in Leinster although 49 years away from the City of the Tribes’.

An bhliain dár gcionn bhí rang aige i gCraobh Bhreandáin den Chonradh (idem 28 Deireadh Fómhair 1899) agus tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 11 Samhain 1899 gur toghadh é ina chisteoir. Sa tuairisc ar imeachtaí na craoibhe (idem 20 Eanáir 1900) dúradh: ‘But the item which provoked most merriment was an Irish jig danced in dashing fashion by Mr H.J. Courtney to the tune of “Father O’Flynn”. The veteran organiser, still as nimble almost as a boy, was cheered to the echo’. Bhíodh cóipeanna den Claidheamh á ndíol aige ina shiopa (idem 17 Márta 1900). Ta tuairisc in An Claidheamh Soluis 13 Feabhra 1904 go raibh sé sa chathaoir ag cruinniú de Choiste Ceantair Chill Airne. D’éag sé 15 Meán Fómhair 1920 agus dúradh sa teastas báis go raibh sé 75 bliana d’aois.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú