Ba é an státseirbhíseach seo a bhunaigh an eagraíocht Clann na hÉireann agus ba é faoi deara gur tógadh Brú na Mí, coláiste Gaeilge, i mBaile Ghib, Co. na Mí. Tá cuntas air in Inniu 4 Meitheamh 1954 (‘Comhaimsirigh’). Sa Scoil, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 1 Meitheamh 1895. Múinteoirí ba ea a thuismitheoirí, Francis Xavier Coghlan (1865-1945) agus Mary Ellen Desmond (1876-1965), agus is sa Scoil a bhí a athair ag múineadh ag an am. Múinteoirí a sheanathair agus a shin-seanathair freisin; fuair a sheanathair, Pádraig Ó Cochláin, bás go hóg in 1874 agus is i nGaeilge atá cuid den inscríbhinn i gCill Molúda; tá a shin-seanathair Domhnall Máistir Ó Cochláin (d’éag 24 Márta 1891 i gCill Briotáin) luaite ag Breandán Ó Conchúir (Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850, 1982) mar phátrún ag an scríobhaí Fínín Ó hAllúráin. Bhí Francis Xavier tamall ina dhalta agus ina mhonatóir ag Domhnall.

Ba é Pádraig an duine ba shine de thriúr buachaillí agus cúigear cailíní. D’aistrigh an teaghlach go Cill Briotáin, Co. Chorcaí, agus is i scoil Gharrán an Ásaigh sa cheantar sin a cuireadh bunoideachas ar Phádraig. Cuireadh go Coláiste Charraig an Tobair é ina dhiaidh sin. D’éirigh leis post mar oifigeach custaim is máil a fháil. Cuireadh go Gaillimh é agus bhí sé ag déileáil ansiúd le seandaoine a bhí i dteideal an phinsin; Gaeilgeoirí i gConamara ba ea cuid mhaith díobh agus chabhraigh sin le Pádraig cur leis an nGaeilge a bhí foghlamtha ar scoil aige. Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh, in ainneoin é a bheith ina státseirbhíseach, agus gabhadh é nuair a bhí sé ar ais ag obair i dTeach an Chustaim i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ar son na Poblachta sa Chogadh Cathartha agus rinneadh é a lámhach san ionsaí ar Óstán Hamman ar 6 Iúil 1922. I bpríosún dó bhí sé páirteach i stailc ocrais a mhair daichead lá. Deirtear in Inniu gur fhoghlaim sé Spáinnis i bpríosún tar éis gur thairg gaol saibhir post dó i Meiriceá Theas. Cuireadh cibé plean a bhí aige sa treo sin glan as a cheann nuair a casadh air an bhean a phósfadh sé ar ball, Caitlín Ní Chiarghusa, iníon leis an scríbhneoir Seán Ó Ciarghusa, bean a raibh duais Oireachtais ar amhránaíocht buaite aici. I 1925 fostaíodh é mar rúnaí ar Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath de Chonradh na Gaeilge agus thosaigh sé ag freastal ar léachtaí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ligeadh ar ais sa státseirbhís é i 1928 agus chaith tamall sa Chustam is Mál sa phríomhchathair agus i gCluain Meala sular aistríodh go dtí an Roinn Oideachais é. Tomás Ó Deirg, Aire Oideachais, a cheap é ina rúnaí príobháideach aige féin i 1932.

‘Le linn dó bheith ina Rúnaí ar Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath, bhí an deighilt idir Gaeilgeoirí chomh holc sin, de dheasca an Chogaidh Chathartha, go bhfacthas dó gur as an ghlún nua amháin a bhí dóchas. Bhunaigh sé féin agus an tAthair Sabhail C.Í. Cumann na nÓg arbh é a chuspóir ócáidí a thabhairt do pháistí a gcuid Gaeilge a chleachtadh. Is féidir a rá gurb uaidh a tháinig Clann na hÉireann agus Brú na Mí’ (Inniu 4 Meitheamh 1954). Bunaíodh Clann na hÉireann i 1935 do lucht meánscoile agus is i meánscoileanna a bhí craobhacha na Clainne. Ba mhinic leathanach iomlán den pháipéar An t-Éireannach ag an eagraíocht (An t-Éireannach 1934—1937: Páipéar Sóisialach Gaeltachta, 1993 le hÉamon Ó Ciosáin). Bhí campa acu sna Forbacha ar dtús ach nuair a bunaíodh Gaeltacht na Mí beartaíodh ar champa a bheith ansin. I 1939 a tógadh an Brú. ‘Pádraig Ó Cochláin a cheap é, de réir plean a chonaic sé de bhrú adhmaid a tógadh do chumann na múinteoirí in Albain . . .. Bhronn an tUasal Gallestegi, Bascach ardaigeanta, an talamh orthu saor in aisce’ (ibid). Tá an an méid seo ag Proinsias Mac Aonghusa ina thaobh in Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993 . . ., 1993: ‘Bhí an Cochlánach díograiseach; bhí sé achrannach freisin. Nuair nach dtabharfaí cead a chinn dó ba nós leis siúl amach as cruinnithe.’ Cruinnithe a bhain leis an Oireachtas a athbhunú a bhí i gceist. Ó 1936 amach bhí sé ina Phríomhoifigeach sa Bhrainse Gairmoideachais den Roinn Oideachais. Lena chois sin, bhí sé ina bhall de Choimisiún na Gaeilge sa Státseirbhís 1936-39. Nuair a shroich sé aois an phinsin d’aistrigh sé go dtí Cúirt Mhic Shéafraidh, Co. Chorcaí, agus is ann a d’éag sé ar 8 Nollaig 1972. Bhí mac agus triúr iníonacha aige agus is le Gaeilge a tógadh iad (Teangeolas 36, 1997, lch 47). Tá sé curtha ina theampall dúchais i gCill Molúda. Bhí a dheartháir Dónall pósta ar Shíle Ní Chéileachair, deirfiúr Dhonncha Uí Chéileachair.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú