Ba é an t-oibrí feirme seo ba mhó a thug amhráin do Alexander Martin Freeman. I nDoire na Sagart, Baile Bhuirne, a bhí cónaí air agus i nDaonáireamh 1911 cuireadh síos go raibh sé féin agus a bhean Mary pósta le 47 bliana, agus go raibh cúigear den naonúr a rugadh dóibh beo. Deir Freeman faoi sa bhailiúchán d’amhráin in Journal of the Folk Song Society 23-25. . ., 1922: ‘I read over to him every copy of words which I took down from other singers and he always had plenty of remarks to make about them especially if they were noted from young people. But whatever their source might be, it generally happened that he had at one time known or partly known the songs and my reading would at once prompt his memory which though he fancied it dead was only dormant. His natural accuracy and familiarity with the poetical language gives great value to his textual variations’. Deir Peadar Ó hAnnracháin in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘Théadh a lán chun an tí chuige chun éisteacht leis ag canadh amhrán agus chun cuid acu a scríobh. Bhí an-lear acu aige. Ní dóigh liom go raibh a fhios aige féin riamh an mó ceann acu a bhí aige, agus bhí sé lántoilteanach chun iad a chanadh, nó iad a rá ar a shocracht. . .’. Bhí a iníon Máire pósta ar Liam Ó Conaill i nGort na Tiobradan agus is ann a d’éag sé 7 Bealtaine 1925. Ba í a thug na sonraí don chláraitheoir. Deir Ó hAnnracháin go raibh cáil na Gaeilge ar chlann Mháire. 73 aois Chonchubhair sa teastas báis ach is léir ar Dhaonáirimh 1901 agus 1911 gur c.1843 a rugadh é. Baintreach ba ea é ag am a bháis.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú