Tá gearrchuntas ag Nioclás Mac Craith san aguisín luachmhar (‘Beathaisnéisí’) in Ar bóthar dom, 1998 le Nioclás Breatnach. Deir sé: ‘Thá na hamhráintí Gaedhealainne ar marthain buacach beo inniu in Rinn Ó gCuanach, agus bíodh a bhuíochas san thar chách eile ar Philib.’ I bparóiste Mhagh Dheilge a rugadh an mac seo le Tómás Ó Foghludha agus Máire Ní Mhaoilriaghain 30 Eanáir 1888. Bhí sé ina phríomhoide i scoil náisiúnta na Rinne 1930-53. D’aistrigh sé For the Old Land le Charles Kickham (Ar son na hÉireann, 1939). Bhí sé pósta ar Eiléan Ní Chuileannáin, Dún Garbhán. D’éag sé ar 28 Aibreán 1961.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú