Síltear gurb é seo an chéad fhile Gaeilge a chonaic a shaothar féin i gcló. An Canónach Pádraig de Paor a bhailigh a bhfuil ar eolas i dtaobh a bheatha agus tá cuntas Risteáird Uí Fhoghludha (in Dánta diadha Phádraig Denn, 1941) bunaithe ar an mbeagán sin. Sa Chúil Rua i bparóiste Mhaigh Dheilge, Co. Phort Láirge, a rugadh é. Bhí scoil scairte ag a athair Labhrás sa pharóiste sin. Déanann Ó Foghludha talamh slán de go raibh aithne mhaith aige ar Thadhg Gaelach Ó Súilleabháin. Le múinteoireacht a chuaigh sé agus bhí ag gabháil don cheird sin i gCeapach Choinn i dtús an 19ú haois. Bhí sé ina chléireach sa tséipéal freisin. Ba é a théadh chun tosaigh nuair a bhíodh an Paidrín Páirteach á rá ag pobal an aifrinn agus ba é a mhúineadh an teagasc críostaí d’aos óg an bhaile. Ba é an chéad saothar uaidh i gcló ‘Aighneas an pheacaigh leis an mBás’ (1814). Deir Ó Foghludha gur chuimhin leis an dán seo á rá ag tórraimh ar fud an cheantair inar tógadh é féin. Luaitear go minic freisin ‘Siosma an Anama leis an gColainn’. Clóbhuaileadh Leavar Beag No Rosaries, mar aon leis na Liodáin agus le Toirvirt Suas an Anma Aig Dul Deag, etc., etc..Sgriovha le Padruig Din a Gceapachuinn, 1818 (i gCluain Meala a cuireadh i gcló é—féach nóta le Séamus Ó Casaide in Irish Book Lover, Deireadh Fómhair-Samhain 1920). In 1819 d’fhoilsigh sé eagrán den Irish Pious Miscellany, cnuasach d’fhilíocht chráifeach Thaidhg Ghaelaigh ar foilsíodh an chéad eagrán in 1805, agus cuid de dhéantús Phádraig féin anois san eagrán nua seo. Faoin teideal Machtnuig go maith air, 1819 (Cluain Meala) chuir sé leagan de Think well on it leis an Dr Challoner ar fáil. Liostaíonn Ó Foghludha freisin The Catholic Children’s Religious Primer. Foilsíodh Stiúraitheoir an pheacuig in 1824 agus 1860 agus thug Cló Ollscoile Chorcaí eagrán Dhiarmuid Uí Éaluighthe amach i 1945 le nótaí ar Ghaeilge na nDéise agus gluais.

Fuair sé bás an 5 Iúil 1828 agus tá sé curtha i Reilig Cheapach Chuinn. Tá leac sa bhalla os cionn na huaighe ar a bhfuil greanta: ‘Of your charity pray for the soul of Patrick Denn whose remains repose beneath this slab. The religious works written by him in the Irish Language met with general approval, and are proofs of his learning as an Irish scholar, and of his zeal and piety as a sincere Christian. His holy life was closed by a happy death on 5th July, 1828, aged 72’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú