Sa Lománach, Baile Bhuirne, a rugadh é ar 1 Meán Fómhair 1866. Ba é an duine ab óige é ag Seán Mór Ó Muimhneacháin agus Neil Ní Choileáin. Filí ba ea Seán Mór agus a athairsean Conchubhar. Ba shin-seanuncail le Diarmuid an file Séamus Mór Ó Muimhneacháin. Tá cuntas ar mhuintir Mhuimhneacháin in Amhráin Shéamuis Mhóir Uí Mhuimhneacháin (g.d.) le Conchubhar Ó Muimhneacháin. Déanann sé an tagairt seo do Dhiarmuid: “Agus cá bhfuil an té nár chuala trácht ar an Rí-Fhile ‘Dhá Chích’ i. Diarmuid mac Sheáin Mhóir, mic Chonchubhair, mic Eoghain Mhic Eoghain Mhóir Uí Mhuimhneacháin?”

Talamh ar mhargadh bliana a bhíodh ag Seán Mór. D’aistrigh sé go dtí na Millíní i mBaile Bhuirne agus, nuair a bhí trí bliana d’aois ag Diarmuid, go dtí Doire Aimhréidh i bparóiste Ghleann Fleisce i gCiarraí, lámh le Dhá Chích Dhanann agus cois Fleisce agus Claedí. I Scoil Chluain Chaoin ansiúd a fuair sé a chuid oideachais. Bhíodh sé ag giollaíocht do na cuairteoirí a thagadh go dtí an ceantar ag fiach agus ag iascaireacht. Beirt díobh sin a d’ainmnigh é don Chonstáblacht Ríoga agus glacadh leis sa bhfórsa ar 1 Meán Fómhair 1890. Fear breá scafánta é um an dtaca seo, é sé throigh go leith ar airde agus cáil air mar scéalaí agus mar rinceoir.

Tar éis tamaill sa cheannarás i mBaile Átha Cliath cuireadh go Cairbre, Co. Chill Dara, é. Ón mbliain 1894 bhí sé i Maigh Nuad. Phós sé Mairéad Brearton ó Bhaile na Cille ar 7 Meán Fómhair 1899 agus b’éigean dóibh aistriú go Bealach Conglais, Co. Chill Mhantáin. Bhí seachtar clainne acu. Faoi 1912 bhí sé lonnaithe i gCill Téagáin agus ardú céime faighte aige. Faoi 1916 ba é an sáirsint i mbeairic Bhealach Conglais é. Chuaigh sé amach ar pinsean i Meán Fómhair 1920.

Dar le Risteard Ó Foghludha, eagarthóir Bhéarsaí "Dhá Chích Dhanann" (1946) go raibh sé mór le ceannairí ghluaiseacht na saoirse agus gurbh iomaí cogar a chuir sé ina gcluasa. Thagadh a bhuanchara Cathal Brugha ar cuairt go dtí an bheairic chuige nuair a tharlaíodh sa cheantar sin é. Chum Diarmuid caoineadh air nuair a maraíodh é.

“Ár mairbh”, dán caointe ar Eoghan Ó Gramhnaigh agus ar Liam Ó Maolruanaí faoin ainm cleite “Corrán Tuathail” san United Irishman ar 7 Meán Fómhair 1901, an chéad dán a bhí i gcló aige. Bhí leagan Béarla ag Art Ó Gríofa in eineacht leis. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar fhilíocht sa tréimhse 1902–10 agus bhíodh a dhéantús i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge, Sinn Féin, Misneach, The Leader ... faoin ainm “Dhá Chích Dhanann”. Bhí baint aige le bunú Chumann na hÉigse i gCorcaigh i 1907 agus tá saothar leis ina a gcuid foilseachán Saothar suadha (1907–11). Bhíodh Risteard Ó Foghludha ag tathant air a dhánta a chur le chéile lena bhfoilsiú. Airsean a thit sé eagar a chur orthu ar deireadh agus scríobh sé nóta cuimsitheach beathaisnéise ar Dhiarmuid le foilsiú in éineacht leo.

Thóg sé feirm bheag ar cíos i Mainéar Chill Bhríde i gCill Mhantáin i 1921 agus chaitheadh sé go leor ama ag fiach is ag foghlaeireacht sa cheantar. Ar feadh seacht ngeimhreadh bhíodh sé ag múineadh ranganna i dTamhlacht, sa Bhriotás agus i gCaisleán Nua. Deirtear gur bhreá an múinteoir é, féith an ghrinn ann, tarraingt ar a thoil aige ar an bhfilíocht, é ina rinceoir breá. Ach b’éigean dó éirí as an obair sin nuair a tholg sé galar croí. D’éag sé ar 16 Meán Fómhair 1934 agus tá sé curtha i mBealach Conglais.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú