I Ráth Gaiscígh, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 2 Nollaig 1870. Feirmeoir ba ea a athair Conchubhar. D’éag seisean ar 25 Meán Fómhair 1893. Ba í Peig Ní Dhuinnín a mháthair. Bhí ar a laghad beirt deirfiúracha agus triúr deartháireacha aige. Ar fhoirm Dhaonáireamh 1901 cuireadh síos go raibh sé 29 bliain d’aois. Bhí beirt eile den chlann in aontíos leis féin agus a mháthair, a bhí 70 bliain d’aois agus ar cuireadh síos fúithi nach raibh aon Bhéarla aici. Cuireadh bunoideachas ar Chonchubhar i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Cheangail sé leis an gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge agus faoi 1900 bhí ina rúnaí acu agus i gceannas ar an rang sóisearach. Bhí seanscéalta i gcló in Fáinne an Lae aige in Aibreán 1899.

Bhuaigh sé duais ar ghearrscéal ag Feis na Mumhan (An Claidheamh Soluis 29 Meán Fómhair 1900). Ag Oireachtas na bliana sin fuair an dara duais ar bhailiúchán de scéalta nár foilsíodh cheana, agus an chéad duais an bhliain dár gcionn. Idir sin agus 1924 ba mhinic i measc lucht na nduaiseanna é sna ranna a bhain le scéalta, filíocht agus logainmneacha a bhailiú. Deir Peadar Ó hAnnracháin in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘B’údar maith ar Ghaeilge an Conchubhar céanna.... Níl cor cainte i nGaeilge na Mumhan nach bhfuil aige thar barr’. Is cosúil go mbíodh sé dioplamáideach i láthair an fhoghlaimeora. Ní raibh an teanga go slachtmhar ag an sagart paróiste agus scairt sé ar Chonchubhar lá: ‘Dul siar an bóthar agus glaoigh ar an sagart óg’. ‘Ó, dulfad, a athair’, arsa Conchubhar.

Faoi 1904 bhí sé ina mhúinteoir taistil agus ina bhall de choiste Chumann na Múinteoirí Taistil (ibid 10 Meán Fómhair 1904). Bhí sé ar an gcéad dream a bhain dintiúirí amach i gColáiste na Mumhan i 1906 agus um Shamhain na bliana sin thug Coiste Ceantair Bheanntraí post dó. Ba é Risteárd Ó Maolchatha (1886–1971), a bhí ag obair i bPostoifig Bheanntraí, an duine ab iomráití a d’fhoghlaim Gaeilge uaidh ansiúd (Réalt an Deiscirt 21 Eanáir 1946). Bhí Conchubhar ar dhuine den seisear múinteoirí ag obair faoi Sheán Ó Murthuile i gContae an Chláir ina dhiaidh sin. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha i 1918.

Tar éis dó bheith ag obair i gCeatharlach agus i gCill Chainnigh d’éirigh leis post a fháil i gColáiste Chiaráin agus is ann a chríochnaigh sé a chúrsa múinteoireachta. Mhúineadh sé i gColáiste na Mumhan gach samhradh. D’fhill sé chun cónaithe i mBéal Átha an Ghaorthaidh tamall de bhlianta roimh a bhás Oíche Nollag 1945. Níor phós sé. Tá sé curtha i Reilig Ghobnatan, Baile Bhuirne.

Is iad na leabhair a chuir sé ar fáil: Fionn agus Lorcán, 1901; Amhráin Shéamuis Mhóir Uí Mhuimhneacháin, 1924; Béaloideas Bhéal Átha an Ghaorthaidh, 1934. Aistriúcháin leis is ea: An t-Ollamh Tadhg, 1944 (Professor Tim le George Shiels); An Bleachtaire Táilliúra, 1947 (The Village Detective le D. O’Riordan); Aindreas ar Saoire, 1947 (Andy Takes an Outing le J. Bernard McCarthy); The Homes of Tipperary le Kickham faoin teideal Scéalta ó Thiobraid Árann, 1953;The Priest Hunters le James Murphy faoin teideal Sealgairí sagart, 1952 agus Clisiam Charman, 1955 (Thunder and Turf le Mark O’Byrne). D’aistrigh sé freisin dráma gairid An Chéad Oíche Nollag, 1936 (The Manger le Muriel M. Freeman). D’aistrigh sé scéalta gairide le J. Bernard McCarthy, an Athair O’Riordan agus an Athair Mark O’Byrne do Chomhlacht na Fírinne Catoilice in Éirinn a d’fhoilsigh iad idir 1940 agus 1954. Bhíodh ábhar aige in An Lóchrann, Timire Chroí Rónaofa Íosa, Irisleabhar na Gaedhilge, An Camán....

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú